Ceist agam do pholaiteoirí na Breataine – cá raibh tú aimsir na gcluas?

Tá sé ag éirí níos soiléire in aghaidh an lae nach bhfuil daoine sa Bhreatain ag éisteacht nuair a deirtear leo go bhfuil an dréachtmhargadh Breatimeachta déanta…

Ceist agam do pholaiteoirí na Breataine – cá raibh tú aimsir na gcluas?

Cá raibh tú aimsir na gcluas? Ceist í sin a cuireadh orm go minic is mé i mo ghasúr nuair a bhíodh scéal nó treoir nó ordú bailithe thart i ngan fhios dom. ‘Istigh i nGaillimh á gcur suas’ an freagra is cirte ar an gceist, ach is annamh a bhítí ag súil le freagra uaimse.

Bheadh fonn orm, ar na saolta seo, í an cheist chéanna ar gach polaiteoir dá bhfuil sa mBreatain, bídís ar son nó in aghaidh imeacht as an Aontas Eorpach. An gcloiseann siad an méid atá á rá leo faoin dréachtsocrú Breatimeachta, an é nach dteastaíonn uathu é a chloisteáil nó an bhfuil bodhaire an té nach bhfuair na cluasa fós orthu? Bodhaire, nó b’fhéidir neamhaird.

Tá an socrú 585 leathanach againn. Tá glactha ag rialtas na Breataine leis más go drogallach féin é. Leanann siad orthu, mar sin féin, den chaint seo gur féidir é a leasú tuilleadh. Sin atá á éileamh ag leithéidí Michael Gove, Penny Mordant agus na hairí eile nár lean sampla Dominic Raab agus a d’fhan ina gcuid post cé nach bhfuil sásta leis an socrú.

An amhlaidh nár chuala siad Michel Barnier? Angela Merkel? Guy Verhofstadt? Dúirt siad araon go han-soiléir an tseachtain seo caite nach féidir aon idirbheartaíocht eile a dhéanamh. Tá an socrú déanta. Tá deireadh leis an gcuid sin den scéal, dar leo. Ní mór bogadh ar aghaidh go dtí an chaint faoin gcaidreamh nó an cleamhnas nua a bheidh amach anseo idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. Tá an chaint faoin gcuid sin den phróiseas tosaithe agus súil acu go dtabharfaidh an Coimisiún Eorpach a mbeannacht dó aréir. Tá seo ar fad ag tarlú mar réiteach don chruinniú mullaigh Dé Domhnaigh.

Deir an Taoiseach Leo Varadkar go dtabharfaidh an rialtas i mBaile Átha Cliath cluas le héisteacht don méid a bheidh le rá ag rialtas na Breataine. Is é sin, an méid a bhíonn le rá acu faoin gcéad chuid eile den idirbheartaíocht. Níl a thuilleadh le rá faoin gcáipéis 585 leathanach a aontaíodh an tseachtain seo caite.

Dúirt Theresa May féin go raibh sí ag taisteal chun na Bruiséile tráthnóna inné le casadh le Jean Claude Juncker le tuilleadh sonraí faoi gcaidreamh a bheidh ag an mBreatain leis an Aontas amach anseo a phlé. Ní chiallaíonn sé sin go ndéanfar aon athrú ar shocrú na seachtaine seo caite. Mar ní dhéanfar. Agus go deimhin má dhiúltaítear don dréachtsocrú atá déanta i bParlaimint Westminster – agus faoi láthair tá chuile chosúlacht air go ndiúltófar – is beag is fiú bheith a caint faoi idirbheartaíocht. Beidh an sop séidte.

Sin an fáth go bhfuil sé ag éirí níos soiléire domsa in aghaidh an lae nach bhfuil daoine ag cloisteáil, nó b’fhéidir gurb amhlaidh nach bhfuil siad ag éisteacht, leis an méid atá á rá leo.

Bodhaire nó neamhaird? Meascán den dá rud, déarfainn.

Ach mura n-athraítear port go luath agus má leanann daoine sa mBreatain, na polaiteoirí go háirithe, ag diúltú éisteacht lena a mbíonn á rá agus ag diúltú aon rud seachas an rud a theastaíonn uathu féin é a chloisteáil a ligean isteach ina gcloigne, tá ród fada achrannach romhainn ar fad.

Caithfear éisteacht, a dúirt an t-úrscéalaí tráth. Is stuama ná riamh mar theachtaireacht í.

Fág freagra ar 'Ceist agam do pholaiteoirí na Breataine – cá raibh tú aimsir na gcluas?'

  • Pádraic

    Léargas cruinn ó Mháirín ar chúrsaí mar is dual di.