Má bhí taispeántas maith níos tábhachtaí ná toradh maith in aghaidh na Portaingéile Dé Sathairn seo caite, a mhalairt atá fíor anocht agus an Airméin ag teacht go Baile Átha Cliath. Mura mbíonn an bua ag foireann na hÉireann sa gceann seo, beidh deireadh le haon seans beag atá acu go fóill ar Chorn an Domhain na bliana seo chugainn a bhaint amach.
Ar an dea-uair, tá cúrsaí beagáinín níos dóchasaí ná mar a bhí an tseachtain seo caite. Cé nach bhfuair Éire tada ón gcluiche sa Liospóin ag an deireadh seachtaine, bhí an taispeántas i bhfad níos fearr ná mar a bhí go leor daoine ag tuar. D’éirigh le Francisco Trincão agus Rúben Neves bearna a aimsiú i gcosaint na hÉireann faoi dheireadh ach ní raibh na botúin chéanna a chuir Éire amú go minic roimhe seo le feiceáil in imirt na foirne.
Dúshlán eile ar fad atá roimh Heimir Hallgrímsson agus a chuid imreoirí anocht, áfach. Bhí an brú uile ar an bPortaingéil sa gcluiche Dé Sathairn agus Éire sásta suí siar agus cosaint a dhéanamh. Caithfidh na hÉireannaigh an bua a fháil anocht agus cur chuige iomlán difriúil atá ag teastáil.
Roghnaigh Hallgrímsson cúigear cosantóirí in aghaidh na Portaingéile ach seans go bhfillfidh sé ar chóras an cheathrair thiar sa gcosaint anocht. D’éirigh go maith le Séamus Coleman agus é tugtha ar ais agus d’fhéadfadh go bhfeicfí arís anocht é má bhíonn cosa an Chonallaigh, a bhain 37 bliain d’aois amach Dé Sathairn, in ann ag dhá chluiche in imeacht cheithre lá. Is idir Jake O’Brien, Dara O’Shea, Nathan Collins agus John Egan a bheadh sé don dá áit i lár na cosanta agus an Gaillimheach Ryan Manning le fanacht ar thaobh na láimhe clé, shamhlófá.
D’éirigh go maith freisin le Festy Ebosele agus Jayson Molumby in aghaidh na Portaingéile agus iadsan ar ais sa bhfoireann. Seans go ndearna Ebosele a dhóthain chun a áit ar an gcliathán a choinneáil agus d’fhéadfadh Molumby tosú arís anocht, go háirithe ó tharla Josh Cullen ar fionraí. Tá Conor Coverntry tugtha isteach sa scuad ina áit agus tá an rogha ag Hallgrímmson Will Smallbone a thabhairt isteach ar an bhfoireann chun cúrsaí a stiúradh i lár na páirce.
Chuirfeadh cúl luath sa gcluiche na hÉireannaigh ar a gcompord agus d’fhéadfadh an bainisteoir Evan Ferguson agus Tory Parrott a chur chun páirce ón tús má bhíonn sé ag iarraidh ach, agus an bheirt sin ag teacht chucu féin ó ghortuithe, is mó seans gur duine den bheirt a thosóidh.
In ainneoin gur thugadar taispeántas cuibheasach uathu i gcoinne na Portaingéile, bheadh tú ag súil nach ndéanfaidh imreoirí na hÉireann beag is fiú den Airméin, mar a rinne an mhí seo caite, ba léir. Bhí na hAirméanaigh i bhfad níos fearr ná Éire sa gcluiche sin i Yerevan agus ba cheart go mbeadh bearna níos mó idir na foirne ná an 2-1 a bhí ar chlár na scór nuair a chríochnaigh an cluiche. Eduard Spertsyan a d’aimsigh an chéad chúl sa gcluiche sin agus tá trí chúl anois aimsithe aige i gcoinne na hÉireann agus súil ghéar le coinneáil air.
Fág freagra ar 'Céim chun cinn tógtha ag na hÉireannaigh, ach bua ag teastáil go géar'