‘Ceiliúradh cuí ar fhear ar leith a bhí i sochraid Shane McGowan’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2023 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá an t-aisteoir Cillian Ó Gairbhí, a bhí le feiceáil sna scannáin Ghaeilge Róise agus Frank agus Tarrac i mbliana

‘Ceiliúradh cuí ar fhear ar leith a bhí i sochraid Shane McGowan’

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?

Anáil dhomhain a tharraingt roimh dhul ar stáitse den chéad uair sa seó aonair le Carmel Winters The Road to Joe.

 Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023?

Sochraid Shane MacGowan. Ceiliúradh cuí ar fhear ar leith. D’fhéadfaimis go leor a fhoghlaim uaithi mar ócáid.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023?

Bás Shane MacGowan.

Cén tír nó áit is spéisiúla ar thug tú cuairt uirthi i mbliana?

Bhí sé d’ádh orm cuairt a thabhairt ar an Róimh le gearrscannán a rinne mé, Anamchara. Is iontach an áit í, ar maos sa stair. D’fhillfinn ar maidin.

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Tá mé ag féachaint arís ar The Sopranos agus ní den uair dheireanach é. Tá sé ar fheabhas. Thaitin The Creative Act le Rick Rubin liom – léargas spéisiúil atá ann ar shaol na cruthaitheachta.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023?

Gur fíor don seanrá, ‘Bíonn an duine ag smaoineamh is bíonn Dia ag gáire.’

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023?

Faraor níor éirigh, ach tá an bhliain seo chugainn againn.

Fág freagra ar '‘Ceiliúradh cuí ar fhear ar leith a bhí i sochraid Shane McGowan’'

  • Aodhán

    Is fear ar leith ea McGowan. Cen fáth? Mar a bhí sé ar meisce ar t-ám ar fad?