“Nós atá ársa, do-athraithe agus thar a bheith tábhachtach.” B’in an míniú a chonaic mé ar an bhfocal ‘traidisiún’ tar éis dom a bheith bodhraithe ag argóint idir beirt a bhí le m’ais ar thuras traenach tuairim scór go leith bliain ó shin.
Níor mhiste liom ach go mba bheag meidhir a bhí orm ag an am. Ar mo bhealach abhaile ó cheann de na cluichí siúd idir iománaithe na Gaillimhe agus Uíbh Fhailí a bhí mé – an lámh in uachtar faighte gan choinne ag fir lár tíre uair amháin eile.
Duine as chaon chontae acu sin a bhí i bpíobáin a chéile.
Dá mbeadh ciall ag fear an Eachréidh bheadh a dhíomá coinnithe faoi cheilt aige go mbeadh stáisiún Thulach Mhór ar a laghad fágtha inár ndiaidh againn agus an traein fúinn féin againne Gaillimhigh mar, rud nárbh ionadh, ní raibh ó lucht leanta na mbuaiteoirí ach deis a dhul ag seadraíl chainte agus ag spochadh.
Shlog mo leathbhádóir an baoite. “Sure ye are only a bunch of ‘Johnny come latelys’. It’s only a few years since ye won the Leinster Hurling Championship for the first time. Ye wouldn’t know a sliotar from a duck’s egg only for some Christian Brother from Cork brought a load of hurls with him when he came to teach in Birr a few years ago. Ye have no hurling tradition,” a deir sé.
Réab an fear eile agus níor thug mé milleán dó, ach ar ámharaí an tsaoil níor buaileadh aon bhuille – a bhuíochas sin do chúpla comrádaí stuama leis an mbeirt a chuir foighid iontu.
Is beag den chaint a deineadh ina dhiaidh sin go raibh a chos ar ardán na traenach ar an Tulach Mhór ag fear na háite sin agus ceann cúrsa sroichte aigesean. Ba ansin a scaoil sé an t-urchar scoir. ‘I don’t know what this ‘tradition’ means, but we have won two All Irelands – the same as yourselves.’
Bhí an ceart aige. Cé nár bhuaigh Uíbh Fhailí Craobh Shinsearach Iomána Laighean ariamh, faoi dhó ina dhiaidh sin a bhí Corn Mhic Cárthaigh tugtha leo acu in imeacht cúig bliana. Bhí foireann de chuid na Gaillimhe sa gCluiche Ceannais a imríodh in 1887 agus cé nár éirigh leo ach dhá chluiche ceannais a bhuachan idir sin agus 1980, bhíodh áit sna babhtaí leathcheannais acu mórán chuile bhliain ó bunaíodh CLG.
Is minic ó shin mé ag cuimhneamh ar an gceist a fágadh ar foluain san aer i gceartlár na tíre agus an capall iarainn ag puthaíl léi siar. Céard is traidisiún ann agus céard í an tslat tomhais a cheadaíonn nó a choisceann a úsáid?
Nó an bhfuil teorainn de chineál ar bith i gceist mar is cinnte dearfa nach bhfuil aon sainmhíniú air. Go deimhin féin chuile sheans go bhfuil sé domhínithe.
Is é a d’fhág na scórtha míle duine i Sráid na Cathrach le seachtain anuas. Tá an t-ábhar a thug iadsan chomh fada leis siúd chomh sean leis an gceo. Ní hamháin sin ach tá sé daingnithe in ainm an rud is ansa leo. ‘Ceol Traidisiúnta’.
Le céad bliain anuas tá 42 bonn Oilimpeach buaite ag Éireannaigh. Déan scrúdú ar na spórtanna inar buadh iad agus feicfidh é go mba i mbun cleachtais a bhí ag ár sinsear romhainn leis na mílte bliain a bhaineann chuile cheann acu – dornálaíocht, lúthchleasa, snámh, rámhaíocht, seoltóireacht agus eachaíocht.
Anuraidh bhuaigh an gleacaí Rhys McClenaghan bonn óir dúinn. Ní déarfá gur spórt é a bhfuil traidisiún láidir ag baint leis sa tír seo, ach bhí a leithéid i gceist nuair a rinneadh athbheochan ar Chluichí Tailteann i 1924. Cé a déarfadh nach raibh freisin nuair a bunaíodh iad in 1829 RC.
Cén runga ar ‘Dhréimire an Traidisiúin’ ar a bhfuileadar siúd ar fad ina seasamh? An dtiocfaidh an lá go deo nuair a ghlacfar leis gur féidir cead seasaimh ar runga den dréimire sin a thabhairt do chluichí an tsacair agus an rugbaí?
Léigh mé in áit éicint nach dona an miosúr ar ‘thraidisiún’ é trí ghlúin, ach arís is fada ó shainmhíniú sásúil é sin. Nuair a thagann mothúcháin, an stair, an aicmíocht, an cháiréis agus an chlaontacht isteach sa scéal, níl a réiteach ag Solamh.
Agus an saol ag athrú de réir an lae ní hiontas go bhfuil an tsean-nósmhaireacht ag dul i léig, ach tá fáil ar chorr-rud i gcónaí atá dílis don chosán atá siúlta aige. Go deimhin inniu féin tá clabhsúr ag teacht le eagrán na bliana seo – reáchtáilte don 153ú uair ó cuireadh chun seoil é i Prestwick na hAlban in 1860.
An Cogadh Mór agus an Dara Cogadh Domhanda amháin a chuir de dhroim seoil é idir 1915-1919 agus 1940-1945.
Ariamh anall is dream mór leis an traidisiún iad lucht a eagair. Éilíonn siad gur ‘An Comórtas Oscailte’ an t-ainm a chuirtear síos leis – béim ar an gcéad fhocal a thugann le fios nach bhfuil a leithéid eile ann.
Tá tíortha eile ar fud an domhain a mbíonn a gcraobh oscailte féin acu agus ainm na tíre sin luaite leis. Ar a chosa féin a sheasann an ceann a chríochnóidh i bPort Rois inniu.
Go deimhin is féidir leat a bheith chomh cinnte agus gur ‘pátrúin’ a thugann tráchtairí Augusta orthu siúd a théann ag breathnú ar Chomórtas na Máistrí ansiúd, bí siúráilte nár luaigh a leathbhádóirí ar chósta thuaidh na hÉireann ainm na Breataine – (bíodh gur Mór nó beag anois í) ina gcuid cainte féin ach an oiread.
Tá an teideal ‘Ríoga’ sin luaite le 6 cinn de na 10 gcúrsa ar a bhfuil an imirt déanta ar an gComórtas Oscailte ó 1932 i leith. Port Rois; Royal Troon ar chósta thiar na hAlban; Royal Liverpool, Royal Birkdale & Royal Lytham and St. Annes atá i gcomharsanacht Learphoill agus Royal St. George’s ar chósta theas Shasana. Sandwich an t-ainm atá ar an mbaile ina bhfuil siúd.
Sa lá atá inniu ann tá an t-ainm sin luaite leis an dá shlios den bhuilín aráin agus pé cothú a bhíonn eatarthu.
Ní gan údar atá sin amhlaidh. George Montagu, an 4ú Iarla Sandwich is cúis leis an bhfocal. Sa mbliain 1762 bhuail ocras é agus é i mbun an spóirt ab ansa leis. Bhí sé chomh sáite ansiúd agus nach raibh sé d’am aige béile ceart a ithe agus d’iarr sé ar shearbhónta beagán feola a chur idir dhá phíosa aráin agus sin a thabhairt chuige.
Ba ar an gcuma siúd a tháinig an ceapaire ar an saol.
Déarfá dá bharr sin go gcaithfeadh sé go mba fíorghalfaire a bhí i George Montagu. Sí fírinne an scéil nach móide gur chleacht sé ariamh a leithéid.
Ag imirt chártaí a bhí sé.
Alan Titley
Aiste bhreá mar is dual. Go díreach ar son a bheith iomlán saoithíniúil, sílim gur bráthair de chuid Bráithre na Toirbhirte a chuidigh le hathbheochan na hiomána in Uí bhFáilí! An Bráthair Denis…mar bhí sé ag teagasc i Scoil Chríost Rí, an bhunscoil ina rabhas, sular aistrigh sé.