Céard is fiú plean teanga, straitéis Ghaeilge agus tumoideachas gan fostaíocht sa Ghaeltacht?

Is diabhlaí an rud é sa gcomhrá mór seo atá ar bun faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht go bhfuil an ghéarchéim fostaíochta ar an tairseach á ligean i ndearmad

Céard is fiú plean teanga, straitéis Ghaeilge agus tumoideachas gan fostaíocht sa Ghaeltacht?

Duine ar bith atá ag tabhairt suntais do na meáin Ghaeilge le tamall, tá neart cloiste aige faoin nGaeilge. Idir dhíograiseoirí, lucht feachtais, eagraíochtaí Gaeilge, shaineolaithe, shocheolaithe – agus an Taoiseach féin – níl aon ghanntan daoine ann atá ag cur smaointe chun cinn, ag cáineadh, ag caint, ag cur agus ag cúiteamh…agus ag cur i gcéill, scaití!

‘Fine and good’ mar a deir an teanga eile sin – teanga, ar ndóigh, atá seasta ina  gcluasa ag go leor de mhuintir na Gaeltachta atá gafa go tíortha thar lear sa tóir ar obair agus ar shaothrú.

Dá mhéid cainte atá á dhéanamh faoi phleananna, faoi thumoideachas, faoi straitéisí agus faoi chearta teanga is diabhlaí an ceann é gur beag aird a tugadh ar dhrochscéala amach agus amach i nGaeltacht Chonamara le gairid.

Níl ach dhá cheantar i gContae na Gaillimhe atá i measc ‘spotaí dubha’ dífhostaíochta Phoblacht na hÉireann, de réir an Daonáirimh is deireanaí. 

Agus cá bhfuil siad? Istigh i gceartlár fhíorGhaeltacht Chonamara!  ’Siad Scainimh agus Garmna an dá áit atá i gceist.

Tá toghroinn Scainimh i gceantar Charna/Chill Chiaráin agus tá Garmna i gceantar na nOileán.  Bunaithe ar na toghranna atá na cuntais áitiúla san Daonáireamh.  An ráta dífhostaíochta i Scainimh ná 34.3%; an ráta i nGarmna ná 31.5%.

Bheadh a leithéid seo de scéal sách dona dá mba aon uair amháin a bheadh sé tarlaithe ach tá mallacht na dífhostaíochta ar na ceantair seo i mórán chuile Dhaonáirimh.  Féadfaidh tú geall a chur freisin go bhfeicfidh tú i nGaeltacht iardheisceart Chonamara go bhfuil na céatadáin dífhostaíochta an-dona i dtoghranna eile le cois na gceann atá luaite againn.  Beidh tuilleadh figiúirí ón Daonáirimh ag teacht amach níos deireanaí sa mbliain.

’Sé an feall é go bhfuil cuid de lucht labhartha Gaeilge óg na Gaeltachta sna ceantair sin – cuid mhaith acu gurbh fhearr leo a bheith sa mbaile – imithe arís agus iad ag obair in áit éigin eile in Éirinn, nó thar lear.  Níl aon rogha eile ann. 

Cá bhfuil na Gaeilgeoirí a thiocfaidh isteach leis an mbearna a líonadh? 

Cuimhnigh gur beag go deo glaoch a bhí go dtí seo in iardheisceart Chonamara ar an deis a tugadh i bplean forbartha na Gaillimhe do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh bogadh isteach chun cónaithe ansin.

Tá stádas ar leith ag an nGaeltacht – nó bhíodh sé ráite  go raibh.  Tobar na Gaeilge.  Nár cheart go mbeadh aird ar leith ar an ngad is gaire don scornach  sa gcás sin?  Céard é an gad sin?  Bhí an freagra ag an síceolaí agus scríbhneoir Meiriceánach, Abraham Maslow, fadó.

Bhíodh caisleán tarraingthe aige ar pháipéar – an caisleán leathan in íochtar agus é ag cúngú de réir mar a bhí sé ag ardú.  Ba é íochtar an chaisleáin bunchloch an tsaoil – b’ionann sin agus na rudaí ba mhó a bhí ag teastáil ón gcine daonna.  Theastaigh beatha agus dídean, nó i bhfocail na linne seo: fostaíocht, airgead agus áit chónaithe chompordach. 

Is iondúil go dtugann an chéad cheann de na bunriachtanais sin an péire eile níos gaire don doras chuig duine; ’sí an fhostaíocht bun agus barr an scéil. 

Nuair a bhíonn na bunriachtanais aige, cuireann an duine níos mó suime in imeachtaí eile an tsaoil – caitheamh aimsire, spraoi, cultúr …leabhair, foclaíocht agus teanga, b’fhéidir.

Anois, mura bhfuil dul amú orainn uilig, nó mura bhfuil an dallamullóg curtha orainn, is pobail fhíorthábhachtach iad pobail na fíorGhaeltachta.  ’Siad a choinnigh an chéad teanga náisiúnta beo agus bríomhar.  Ceart go leor, tá téagar na Gaeilge gafa chun deiridh roinnt sna ceantracha sin agus an té a déarfadh a mhalairt bheadh sé ag cur leis an gcur i gcéill a bhíonn ar bun scaití.   San am céanna, ’siad na pobail seo an crann taca is fearr fós ag an nGaeilge.  Ní hé amháin go bhfuil an teanga á labhairt go nádúrtha iontu fós ach tá cultúr agus bealach saoil a bhaineann le cúlra na Gaeltachta fite fuaite sna pobail sin. 

Tá Scainimh agus Garmna go láidir sa gcomhaireamh ansin – na ‘ceantair dhubha dífhostaíochta’.   Nuair atá an bhunchloch á creimeadh, titfidh an caisleán sa deireadh; titfidh an Ghaeilge dá réir.

Is diabhlaí an rud é sa gcomhrá mór seo atá ar bun faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht go bhfuil an ghéarchéim seo atá ar an tairseach á ligean i ndearmad.

Fág freagra ar 'Céard is fiú plean teanga, straitéis Ghaeilge agus tumoideachas gan fostaíocht sa Ghaeltacht?'

  • Mánus

    Tá airgead na “Gaeltachta” caite ar fhostaíocht a cur ar fáil do Bhéarlóirí in aice cathair na Gaillimhe. Tá muileann deontas an Údaráis bunaithe ar staitisticí bhréagacha.