Céard ba chóir a dhéanamh nuair a fhaigheann tú amach go bhfuil dlúthchara leat tar éis fealladh ort, ní den chéad, ní den dara, ach den tríú huair?
An tseachtain seo, go hiomlán gan choinne, fuair mé sraith teachtaireachtaí fuaime ó chara – duine a bhíodh ina chara, ba chirte dom a rá – le dlúthchara de mo chuid, fear nach bhfeicinn ach i gcuideachta mo dhlúthchara agus nach mbíodh aon teagmháil sheachtrach agam leis.
Teachtaireachtaí fuaime? Sraith podchraoltaí a bhí ann dáiríre – agus gach eagrán acu lán go béal le goimh agus le gangaid agus le fáistiní a sháródh na Tiomnaí, an Sean agus an Nua araon, ó thaobh méaldráma de.
‘Bíodh a fhios agat, a Alex, nach labhraím le X a thuilleadh,’ a thosaigh an tsraith. ‘Bhlocáil mé é ar na meáin shóisialta ar fad, scrios mé a uimhir ó mo ghuthán, ghearr mé amach as mo shaol scun scan é.’
‘Mura ndéanfainn sin tharlódh tubaiste, an dtuigeann tú? Tubaiste! Rinne sé feall orm uair amháin agus níor labhair mé leis ar feadh trí bliana. Ansin thug mé seans eile dó agus rinne sé feall orm arís. Ní dúirt mé tada ach d’fhan go bhfeicfinn an ndéanfadh sé an tríú huair é. Agus rinne. Tá aithne agam orm féin: duine teasaí mé agus tá rudaí áirithe ann nach maithfidh mé go brách. Ach tá cion agam ar a mháthair agus a chuid deartháireacha. Níor mhaith liom go …’
‘Cogar, níl mé ag rá leat gur chóir duitse é a ghearradh amach as do shaolsa freisin. Ach seans go ndearna sé feall ortsa cheana chomh maith nó gur dhúirt sé rudaí leat i rith na mblianta, rudaí a bhfuil tú in amhras fúthu. Déan do mhachnamh agus déan do chinneadh féin. Ach sionnach i gcraiceann caorach atá ann, tá mé á rá leat, agus níl uaidh ach rud amháin: gach rud atá agat a thógáil uait.
‘Níos measa: tá sé ag iarraidh tú a scrios ón taobh istigh, tá sé ag iarraidh go mbeidh tú cosúil leis féin, fear a bhfuil smál ar a anam nach n-imeoidh go brách, fear a bhfuil a chroí chomh dubh leis an ngual, fear nach bhfuil in ann an lúb atá ar lár ina intinn féin a leigheas agus a dteastaíonn uaidh go mbeadh gach duine ina thimpeall chomh briste brúite leis féin. Ach ní sionnach atá ionatsa – fear ciallmhar thú. Déan do chinneadh féin.’
Bhuel! Dá scríobhfadh údar ficsin a leithéid níl a fhios agam céard a déarfadh eagarthóir leis. Agus rith sé liom gurbh fhéidir nach é mo dhlúthchara, ach an fear a chuir an tsraith teachtaireachtaí fuaime sin chugam, an sionnach i gcraiceann caorach, dáiríre. An ag iarraidh rabhadh a thabhairt domsa a bhí sé dáiríre – gan aige orm, tar éis an tsaoil, ach aithne fhánach – nó an amhlaidh gur theastaigh uaidh díoltas a bhaint amach ar an gcara cléibh a bhí i gcoitinne againn agus chuile chairdeas a bhí fágtha ag an bhfear sin a scrios?
Ach ceilte i bhfochlásáil fhánach sa liodán rámhaille sin uaidh – chomh ceilte sin nár chuala mé ar an gcéad éisteacht é – bhí eolas a tháinig aniar aduaidh orm agus a dheimhnigh dom go raibh mo dhlúthchara tar éis an dubh a chur ina gheal ormsa freisin, maidir le ceist eile, agus ar bhealach tromchúiseach. Agus ní den chéad ná den dara huair.
Céard ba chóir a dhéanamh nuair a fhaigheann tú amach go bhfuil feall déanta ag dlúthchara ort den tríú huair?
Ar an bpointe boise, chuimhnigh mé ar an gcomhairle a bhíonn ag cara eile liom, an scríbhneoir, an síceolaí agus an teiripeoir caidrimh, i gcónaí i gcásanna mar seo:
‘Má fheallann duine ort uair amháin, gach seans gur eisceacht a bhí ann, timpiste, earráid aonair. Má tharlaíonn sé an dara huair: bí ar d’aire. Ach má tharlaíonn sé an tríú huair is patrún síceolaíoch atá ann agus tarlóidh sé arís is arís eile.’
Ní hionann agus fear na dteachtaireachtaí fuaime, ní duine teasaí mé; níl mé buartha go ndéanfainn dochar fisiciúil do dhlúthchara. Ach cur suas le patrún síceolaíoch a bhaineann gach bonn den chairdeas? Ní féidir sin ach oiread. Taitníodh sé liom nó ná taitníodh, beidh cinneadh le déanamh agam.
JP
Comhairle ár leasa dúinn go léir ón teiripeoir géarchúiseach stuama sin. Agus an léamh ceart agat féin ar chúrsaí freisin, dar liom. Ach an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire féin? Coinnigh do chúrsa agus bíodh intinn agus súil aibí agat, faoi mar atá, bail ort. ‘Is measa cara falsa ná namhaid follasach.’
Fachtna Ó Drisceoil
Tabhair seans amháin eile dom Alex……!