Tá Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine i ndiaidh suaitheadh ceart a bhaint as tráchtairí is céilí comhraic araon, tar éis dá pháirtí teacht aniar a dhéanamh sna pobalbhreitheanna. Bhí Páirtí an Lucht Oibre 20 pointe taobh thiar de na Caomhaigh ach de réir pobalbhreitheanna áirithe níl eatarthu anois ach cúig phointe. Agus iad faoi stiúir Corbyn, d’fhéadfadh an páirtí anois dúshlán na dTóraithe a thabhairt in olltoghchán na seachtaine seo chugainn.
Bhí Corbyn ina cheap magaidh ag na meáin, agus iad ag rá nach bhféadfadh fear a bhí chomh mór sin ina shóisialach aon mhaith a dhéanamh. Dúirt fiú feisirí de chuid a pháirtí féin nach raibh i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre faoina cheannaireacht ach an tubaiste ba mheasa a d’fhulaing Labour riamh.
Níor ghéill Corbyn orlach, ámh, do lucht a cháinte, agus chuir sé clár soiléir sóisialach os comhair vótóirí na Breataine: athnáisiúnú a dhéanamh ar an gcóras iarnróid, tuilleadh airgid don chóras sláinte, agus arduithe móra i gcúrsaí cánach do na daoine is saibhre sa mBreatain.
Agus is cosúil go dtaitníonn an clár seo leo siúd a thugadh tacaíocht don pháirtí tráth ach ar éirigh as tacú leo de réir mar a ghéill an páirtí don Blaireachas agus don aithris ar pholasaithe na gCaomhach.
Mar sin féin, tá Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre taobh thiar de na Caomhaigh i gcónaí, agus – cosúil le Sinn Féin abhus – tá cuid mhaith dá dtacaíocht ag teacht ó dhaoine óga nach féidir brath orthu go gcaithfidh siad vóta.
Braitheann an toradh cuid mhaith ar thuaisceart Shasana agus ar an mBreatain Bheag. An féidir le Páirtí an Lucht Oibre suíocháin a chaill siad a fháil ar ais?
Maidir le hAlbain, ní léir go mbeidh siad in ann dúshlán a thabhairt don Pháirtí Náisiúnta. Má chailleann an páirtí sin aon suíochán – is faoi láthair tá 56 as 59 acu – is cosúil go rachaidh na suíocháin sin go dtí na Tóraithe mar gheall ar cheist an neamhspleáchais.
Bheadh sé ionann is dodhéanta mar sin ag Páirtí an Lucht Oibre móramh cinnte a bhaint amach sa bparlaimint nua. Ar a shon sin is uile, tá seans ann – seans beag, ’sea, ach seans mar sin fhéin – go bhféadfaí móramh a bhaint amach bunaithe ar chomhréiteach idir Páirtí an Lucht Oibre agus Páirtí Náisiúnta na hAlban – in ainneoin go bhfuil an méid sin curtha as an áireamh ag Corbyn inniu.
Ní bheadh sé éasca na deacrachtaí a bhainfeadh lena leithéid de chomhréiteach a bhunú. Tá scáth an Bhreatimeachta ann ar ndóigh: Corbyn ar son glacadh le cinneadh mhuintir na Breataine imeacht ón Aontas Eorpach, agus an SNP ag rá nárbh é sin cinneadh mhuintir na hAlban.
Deir Corbyn go dteastaíonn uaidh go mbeadh rochtain ag an mBreatain ar fad ar mhargadh na hEorpa – Albain ina measc –mar chuid den idirbheartaíocht faoi Bhreatimeacht.
Ar an lámh eile, bheadh na náisiúnaithe Albanacha ag iarraidh go reáchtálfaí an dara reifreann faoin neamhspleáchas, agus ba ghá freisin go nglacfadh na náisiúnaithe le clár sóisialta Corbyn.
Bheadh brú mór ar Corbyn ar ndóigh féachaint chuige nach n-éireodh leis an dara reifreann – go deimhin, dá n-éireodh leis, bheadh deireadh lena mhóramh sa bparlaimint. Agus dá mbeadh clár Corbyn tarraingteach a dhóthain do lucht oibre na hAlban seans mór go bhfillfeadh cuid díobh siúd a bhíodh ag tacú le Páirtí an Lucht Oibre orthu agus go mbeadh an Páirtí Náisiúnta thíos leis.
Sa chomhthéacs sin b’fhéidir go bhfeilfeadh sé don dá pháirtí sin teacht cóngarach don chumhacht, ach na Tóraithe a fhágáil sa rialtas agus iad lagaithe go mór.
Ach ‘sí an fhadhb is mó atá ag Corbyn ná go bhfuil móramh na bhfeisirí ina pháirtí féin ina choinne, agus gan aon cheilt acu ar an scéal go bhfuil siad ag iarraidh go dteipfeadh air.
Is cosúil go bhfuil lucht Blair agus a mhacasamhla sásta an páirtí a scrios seachas ligean do Corbyn páirtí sóisialach ceart a dhéanamh de arís.
Is cosúil freisin nach bhfuil an dream seo sásta glacadh le cinneadh mhuintir na Breataine imeacht ón Aontas Eorpach, is ní féidir le Corbyn brath orthu tacú le cibé straitéis a chuirfidh sé chun cinn maidir leis an mBreatimeacht.
Ach is fiú a aithint go bhfuil an biseach seo tagtha ar leibhéal tacaíochta Pháirtí an Lucht Oibre i ndiaidh do Corbyn seasamh go dlúth lena chuid prionsabal féin. Thug sé, mar shampla, óráid chróga uaidh faoi chúrsaí sceimhlitheoireachta tar éis uafás Mhanchain, agus de réir na bpobalbhreitheanna thacaigh os cionn 50% leis na tuairimí a nocht sé san óráid chéanna.
Ar fud na hEorpa – agus in Éirinn féin – tá meath tagtha ar na páirtithe a bhaineann leis an daonlathas sóisialach, dé réir mar atá an chluas bhodhar á tabhairt ag na páirtithe sin d’éilimh a lucht tacaíochta traidisiúnta.
B’fhéidir gurb é an ceacht is tábhachtaí atá le foghlaim as éacht Corbyn ná go dtacóidh daoine arís leis an sóisialachas má fhilltear ar fhréamhacha na bpáirtithe, sin an streachailt idir aicmí.
Ach an bhfuil aon duine i bPáirtí an Lucht Oibre abhus ag éisteacht?
Fág freagra ar 'Ceap magaidh déanta ag Corbyn de lucht an eolais sa Bhreatain'