Ceannródaí mná ceaptha mar Phríomh-Bhreitheamh an Tuaiscirt

Tá sonc eile tugtha ag Siobhan Keegan don tsíleáil ghloine, an chéad bhean a ceapadh mar Phríomh-Bhreitheamh

Ceannródaí mná ceaptha mar Phríomh-Bhreitheamh an Tuaiscirt

Lá stairiúil ab ea an Déardaoin i mBéal Feirste nuair a cuireadh an Bhantiarna Siobhan Keegan faoi bhrí na mionn mar Phríomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann. Dúirt a réamhtheachtaí Sir Declan Morgan ag an searmanas gur eiseamláir í a léireodh spiorad na ceannródaíochta sa phost sinsearach.

‘Sí an deichiú Príomh-Bhreitheamh í, an duine is óige ariamh sa phost. Bhí sí ar dhuine de bheirt bhan a céad-cheapadh mar bhreithiúna Ard-Chúirte agus tá sonc eile tugtha aici don tsíleáil ghloine anois, an chéad bhean mar Phríomh-Bhreitheamh, í 50 bliain d’aois.

Tharraing sí aird an phobail níos luaithe i mbliana nuair a d’fhógair sí a breithiúnas mar Chróinéir ar ionchoisne Bhaile Uí Mhurchú. Chinn sí go raibh an deichniúr a maraíodh idir an 9-11 Lúnasa leathchéad bliain ó shin neamhchiontach agus gur scaoil saighdiúirí Arm na Breataine leo gan údar. Mharaigh na saighdiúirí naonúr; ní raibh sé soiléir cé a mharaigh an duine eile a dúirt sí.

D’fhreastail daltaí as Scoil Ghraiméir an Chroí Rónaofa, Iúr Chinn Trá agus mic léinn ó Ollscoil na Ríona ar líne ar insealbhú an Phríomh-Bhreithimh, iarscoláire sa dá institiúid. Dúirt an Bhantiarna Siobhan go raibh súil aici go dtabharfadh a hardú céime uchtach agus spreagadh do mhná eile. Mná is ea céatadán mór de dhlíodóirí an Tuaiscirt a dúirt sí agus ba cheart go mbeadh siadsan in ann na postanna is sinsearaí a fháil chomh maith le fir, rud nach raibh éasca cheana.

Osclóidh sí téarma dlí an Fhómhair an tseachtain seo romhainn nuair a fhógróidh sí a fís agus a cur chuige mar Phríomh-Bhreitheamh. Fuarthas cúpla leide faoina leagan amach. Teastaíonn uaithi dlúthchaidreamh a chothú leis an bpobal – teagmháil ‘oscailte’ a bheith aici leo sin a bhfónann riar na córa dóibh. Mhol sí Sir Declan Morgan agus gheall go gcaomhnódh sí an caighdeán ard a bhí aige.

Chuir Declan Morgan comaoin mhór ar íobartaigh na dtrioblóidí nuair a chinntigh sé go seasfadh na cúirteanna leo d’ainneoin chleasaíocht agus siléig na bpolaiteoirí. Nuair a ceapadh an Príomh-Bhreitheamh Morgan ina uachtarán ar Chúirt na gCróinéirí in 2015 chinn sé go raibh práinn leis an obair chun a dhul i ngleic leis an líon mór eachtraí marfacha nár ritheadh ionchoisne críochnúil ina leith ariamh. Bhunaigh sé athbhreithniú a thuairisc go raibh beart práinneach riachtanach.

Ghníomhaigh Morgan agus is as sin a d’eascair ionchoisní ar nós an chinn faoi shléacht Bhaile Uí Mhurchú 1971, a raibh an Breitheamh Keegan ina bhun. Ní foláir nó go raibh sise tiomanta don obair sin freisin agus go mbeidh ciallachais aige sin dá ré mar Phríomh-Bhreitheamh.

Tá sí ag dul i mbun a gnóthaí tráth a bhfuil rialtas na Breataine ag iarraidh oidhreacht na dtrioblóidí a chur i bhfolach nó a reo. De réir phlean an Phríomh-Aire Johnson agus an Státrúnaí Brandon Lewis ní hamháin nach gcúiseofaí saighdiúirí ná paraimíleataigh de bharr eachtraí stairiúla ach ní bheadh cead ionchoisní ná cásanna sibhialta a éisteacht. Léirigh obair Shiobhan Keegan mar bhreitheamh/cróinéir ar chás Bhaile Uí Mhurchú gur féidir fiosruithe éifeachtúla a rith in ainneoin scéimeanna polaitiúla.

Beidh go leor d’íobartaigh na dtrioblóidí ag coinneáil súil ghéar ar an gcoraíocht idir riar na córa agus an rialtas.

Fág freagra ar 'Ceannródaí mná ceaptha mar Phríomh-Bhreitheamh an Tuaiscirt'