Ceannaire nua do pháirtí atá cíocrach chun téarnaimh

Ag druidim le céad bliain ó bunaíodh Tuaisceart Éireann céard atá i ndán do pháirtí bunaithe an stáit?

Ceannaire nua do pháirtí atá cíocrach chun téarnaimh

Dé Luain d’fhógair Robin Swann go n-éireoidh sé as ceannaireacht an UUP ag comhdháil bhliantúil an pháirtí. Is san Earrach seo chugainn atá an t-ollchruinniú sin le bheith ar siúl. Sé is dóichí ó táthar ag tuar go mbeidh olltoghchán ann gan mhoill go gcaithfidh an UUP aghaidh a thabhairt ar vótáil do Westminster faoi cheannaireacht atá i ndeireadh na feide. Ní údar uchtaigh é sin do pháirtí atá cíocrach chun téarnaimh tar éis buillí ollmhóra.

Ba é Swann an ceathrú ceannaire ar an UUP ó aimsir David Trimble. Rinne gach duine acu iarracht i ndiaidh a chéile stop a chur le meath an pháirtí atá ag dul in olcas ó thús an chéid. Ó fuair an DUP an ceann is fearr orthu tá siad trína chéile ag iarraidh ról ar leith a aithint dóibh féin. Bhí a bhfadhb follasach i dtoghchán na hEorpa sa Bhealtaine seo caite nuair a bhí Danny Kennedy, a n-iarrthóir le teacht i gcomharbacht ar Jim Nicholson, i bhfabhar an Bhreatimeachta agus in éadan imeacht crua. Ag titim idir dhá stól a bhí sé, dar le vótóirí.

Nuair a chaill Kennedy an toghchán do Pharlaimint na hEorpa thairg Swann éirí as mar cheannaire má bhí suim ag ionadaí eile sa phost. Níor tháinig aon iarrthóir chun tosaigh. Cailliúint mhór ab ea an suíochán Eorpach a bhí i seilbh an pháirtí ó 1979. Naomi Long, ceannaire Alliance, a thug an chraobh léi.

Tháinig an bhris sin sna sála ar na toghcháin áitiúla ag tús na Bealtaine nuair a chaill an UUP 13 comhairleoir. Fágadh an páirtí a chaith blianta ina dtiarnaí ar Halla na Cathrach taobh le beirt ionadaithe as 60 ar Chomhairle Bhéal Feirste. Dhá bhliain ó shin san toghchán obann a ghairm Theresa May chaill an UUP an dá shuíochán Parlaiminte a bhí acu, deisceart Aontroma agus Fear Manach/Tír Eoghain Theas.

Ba é an t-olltoghchán sin an chéad cheann ag Robin Swann, Teachta Tionóil d’Aontroim Thuaidh, agus é i gceannas ar an bpáirtí. Tháinig sé i gcomharbacht ar Mike Nesbitt mar cheannaire dhá mhí roimhe sin nuair a d’éirigh Nesbitt as oifig i ndiaidh thoghchán an Tionóil inar chaill siad sé shuíochán, toradh a d’fhág sa cheathrú háit iad in Stormont gan ach 10 suíochán acu. Mhol Nesbitt comhshocrú leis an SDLP sa toghchán sin. Iarracht ab ea é chun páirtithe an láir a tharrtháil ón síormheath ach d’fhógair sé an plean gan an réamhobair a dhéanamh agus bhí a shliocht air.

Ba é iarmhairt na teipe sin a bhog Swann níos gaire do leagan amach an DUP. Ní nach ionadh ní raibh rath ar an gcur chuige sin. Bhí an DUP féin ann dóibh sin gur theastaigh sin uathu agus bhog daoine eile ón UUP i dtreo Alliance. Ní raibh an páirtí tarraingteach do vótóirí óga.

Ina ráiteas ag fógairt a chinnidh Dé Luain, dúirt Robin Swann go raibh sé diongbháilte de go dtabharfadh sé aghaidh ar na dúshláin sa tréimhse atá fágtha aige i gceannas chun an páirtí a neartú.

Tá sé níos tábhachtaí anois ná ariamh dar leis go dtroidfeadh an UUP chun tacaíocht don Aontas (an Ríocht Aontaithe) a threisiú.

Níl sé ag éirí as an bpolaitíocht ar fad.

48 bliain d’aois atá sé agus tá clann óg aige. Leanfaidh sé lena chuid oibre mar Theachta Tionóil in Aontroim Thuaidh, ceantar atá faoi néal bróin i ngeall ar theip Wrightbus inar chaill 1,200 oibrí a bpostanna an tseachtain seo caite.

Cé a thiocfaidh i gcomharbacht air? Níl d’ionadaithe tofa aitheanta acu ach an deichniúr teachtaí tionóil, Robin Swann agus Mike Nesbitt ina measc. Drochsheans go mbeadh Nesbitt sa rás arís cé go raibh roinnt cainte faoi. Beirt, Doug Beattie agus Steve Aiken, atá á lua leis an gceannaireacht.

Iarshaighdiúir in Arm na Breataine é Doug Beattie atá 53 bliain d’aois. Toghadh ina theachta tionóil don Bhanna Uachtair é in 2016. Iarcheannaire i gCabhlach Ríoga na Breataine é Steve Aiken, 57 , teachta tionóil d’Aontroim Theas. Bhí an bheirt acu ina gcéad théarma in Stormont nuair a thit an Tionól beagnach 1,000 lá ó shin. Measann roinnt nach bhfuil dóthain taithí acu chun a bheith ina gceannairí, ach deir daoine eile go bhfuil géarghá ag an UUP le húire agus nuálaíocht.

Faoi cheann bliain agus ráithe beidh aontachtaithe ag ceiliúradh céad bliain ó bunaíodh Tuaisceart Éireann. Cén bhail a bheas air faoin am sin? Agus faoin am sin an mbeidh biseach ag teacht ar an UUP, príomhpháirtí an Tuaiscirt ar feadh ceithre scór bliain nach mór?

Sin é an dúshlán don té (agus is cosúil gur ‘é’ agus nach ‘í’ a bheidh ann) a thiocfaidh i gcomharbacht ar Robin Swann.

Fág freagra ar 'Ceannaire nua do pháirtí atá cíocrach chun téarnaimh'