Ceann de bhunrialacha na scríbhneoireachta – ní ‘sceach’ ach ‘sceach gheal’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: aiste faoin daille ar an dúlra 

Ceann de bhunrialacha na scríbhneoireachta – ní ‘sceach’ ach ‘sceach gheal’

Bhí mé ar tí ‘na crainn’ a scríobh i bpíosa ficsin a bhí idir lámha agam nuair a rith sé liom gur sampla den scoth de dhrochscríbhneoireacht a bheadh ansin. De scríbhneoireacht lag, cibé.

Cén fáth?

Ceann de bhunrialacha na scríbhneoireachta ná: tabhair sonraí.

Ní ‘sceach’, ach ‘sceach gheal’.

Abair ‘ronnach’ seachas ‘iasc’, ‘cornfhoiche’ seachas ‘feithid’.

Rith sé liom ansin nach raibh ‘na crainn’ a raibh sé i gceist agam tagairt dóibh sa phíosa ach síos an bóthar. Síos liom go bhfeicfinn an bhfaighinn amach cén cineál iad.

Ceann d’iliomad miondúshlán a bhíonn roimh an inimirceach i dtír nua ná nach mbíonn ainmneacha na gcrann, na lusanna, na n-éan ná go deimhin ainmneacha fhoirmíochtaí éagsúla an tírdhreacha – leithéidí ‘tulach’, ‘turlach’ agus ‘leitir’ – ar eolas aige. (Ní hé sin le rá go mbíonn siad ar bharr a dteanga ag muintir na háite i gcónaí ach oiread – ach d’fhéadfadh siad a bheith.)

Nuair a bhog mé go dtí an Bhrasaíl ceithre bliana déag ó shin chuir mé romham ainmneacha oiread crann, lusanna, ainmhithe agus foirmíochtaí tírdhreacha a fhoghlaim agus ab fhéidir liom.

Ach nuair a bhain mé amach na crainn ar theastaigh uaim tagairt dóibh sa phíosa ficsin, níor éirigh liom oibriú amach cén cineál iad. Níor chrainn chacó iad, níor chrainn almóinne iad, ná cinn mhangó ach oiread. Crainn arda dhúghlasa a bhí iontu, na céadta bliain d’aois shílfeá, agus ansin chuimhnigh mé go mbíonn an talamh thíos fúthu breac le liathróidí beaga clúimh tráth áirithe sa bhliain. Ar ais go dtí m’árasán agus chuig leabhar a thug mo mháthair dom do mo bhreithlá roinnt blianta ó shin faoi chrainn agus plandaí an Teochreasa. Ar leathanach 84 a d’aimsigh mé an freagra: crainn chapaic a bhí sna fathaigh mhaorga a raibh mé ar tí ‘na crainn’ a thabhairt orthu. (‘Capóc’ atá ag an Vicipéid ach ‘capac’ atá ag Téarma.ie; b’fhearr liom féin cloí leis an leagan oifigiúil, faofa.)

‘Na crainn chapaic’ a thug mé ar na crainn sa phíosa, ar ndóigh, seachas ‘na crainn’. Ní d’fhonn a bheith níos sonraí, nó níos pointeáilte, amháin ach toisc go measaim go bhfuil sé dlite agam do na crainn chapaic féin a n-ainm ceart a úsáid.

Ceann de na bunchúiseanna leis an tsáinn ina bhfuilimid faoi láthair ná go raibh muidne san Iarthar dall ar an dúlra rófhada. Cén chaoi ar féidir rud nach bhfeictear a chosaint agus a chaomhnú?

Ceann de na rudaí ar féidir le scríbhneoirí agus le hiriseoirí a dhéanamh sa chath i gcoinne athrú na haeráide agus i gcoinne dhíothú na speiceas ná seo: bímis cruinn agus sonrach agus muid ag tagairt do chrainn, do lusanna agus d’ainmhithe – bíodh siad i mbaol a ndíothaithe nó ná bíodh.

Fág freagra ar 'Ceann de bhunrialacha na scríbhneoireachta – ní ‘sceach’ ach ‘sceach gheal’'

  • an Teanga Bheo

    Sceach Gheal sa teach bán sin mar a bhí

  • Eilís

    The trees are in their autumn beauty,
    The woodland paths are dry,
    Under the October twilight the water
    Mirrors a still sky; :)

  • Ridirebawn

    Do Alex agus Eilís:

    Tá na crainn faoina háilleacht Fhómhair,
    Tá na cosáin chonaire trí choill tirim,
    Faoi chlapsholas Dheireadh Fómhair tá scáil na spéire ar an uisce; :<)