Céad bliain go ham seo a rugadh Eilís Dillon agus tá teachtaireacht aici dúinn i gcónaí

Is féidir sult a bhaint arís as saothar Eilís Dillon trí dhoirse ‘ar líne’ na leabharlann poiblí - níl ag teastáil ach d’uimhir ar do thicéad leabharlainne

Céad bliain go ham seo a rugadh Eilís Dillon agus tá teachtaireacht aici dúinn i gcónaí

Casadh Eilís Dillon orm uair amháin ag ócáid bronnta na nduaiseanna ‘Bisto Book Awards’. An bhliain 1991 a bhí ann agus bhí ainmniúchán agamsa don leabhar Cois Trá.

Bhí an t-údar cáiliúil Eilís Dillon ainmnithe don leabhar The Island of Ghosts agus ar ndóigh ba ise a ghnóthaigh an duais mhór a bhí ag dul do leabhair do pháistí.

Bhí mise sásta a bheith in aon seomra léi, gan trácht ar a bheith ar aon liosta ainmniúchán léi.

Sa mbliain 1973 bhain sí cáil dhomhanda amach lena saothar mór staire agus grá Across the Bitter Sea. Is cuimhin liom go raibh trácht ar an leabhar sin mar gheall gur shníomh sí scéalta móra grá agus staire le chéile le linn aimsir an Ghorta.

Ag an am sin, bhíodh an-tóir ag daoine ar scéalta mar sin a d’insíodh scéal síos trí na glúnta – sórt Forsyte Saga dár gcuid féin a bhí ann.

Cé go raibh beagán eolais phearsanta agam fúithi, níor thuig mé cé chomh leathan agus a bhí a cuid saothar, idir leabhair do pháistí agus leabhair do dhaoine fásta. Ná ní raibh a fhios agam cé chomh suimiúil agus chomh spreagúil a bhí a saol pearsanta féin gur thug mé cuairt ar thaispeántas fúithi i leabharlann an Lexicon i nDún Laoghaire le gairid.

Céad bliain go ham seo a rugadh Eilís Dillon i nGaillimh. Bhíodh ceangal cleamhnais anois is arís trí na blianta idir dhá theaghlach mór le rá i saol na hÉireann – muintir Phluincéad agus muintir Uí Dhiolúin. Ba í Geraldine Plunkett a máthair.

Ba é an Cúnta George Noble Plunkett, fear a raibh cáil air i mBaile Átha Cliath agus go deimhin ar fud na tíre, a seanathair. Fear an-chultúrtha a bhí ann – scríobh sé beathaisnéis an ealaíontóra Botticelli, agus bhí sé i gceannas ar an Músaem Náisiúnta. Mac leis siúd agus uncail le Eilís ab ea fear an Éirí Amach i 1916, Joseph Mary Plunkett. Toghadh an Cúnta Plunkett ina fheisire Parlaiminte do Ros Comáin sa chéad Olltoghchán tar éis an Éirí Amach ach níor ghlac sé a shuíochán.

Ollamh le Ceimic in Ollscoil na Gaillimhe ab ea a hathair, Thomas Dillon agus ba i nGaillimh a rugadh Eilís. Cé gur phós sí agus í óg – ba é an tOllamh Cormac Ó Cuilleanáin a fear céile – d’éirigh léi triúr páistí a thógáil, teach lóistín do mhic léinn a choinneáil agus caoga leabhar éagsúil, úrscéalta agus drámaí ina measc, a scríobh i gcaitheamh a saoil. Ba shárcheoltoir í freisin- chas sí an dordveidhil (cello) agus bhíodh téamaí ceolmhara in úsáid go minic aici.

Bhí triúr clainne orthu – an file Eiléan Ní Chuilleanáin, an tOllamh Cormac Ó Cuilleanáin agus Máire a sheinn an veidhlín le Ceolfhoireann an ‘London Philharmonic’. Bhásaigh a fear céile in 1970 tar éis babhta tinnis agus phós Eilís an tOllamh Vivian Mercier agus chaith sí tamall i Meiriceá leis.

Cé gur bhásaigh Vivian agus ina dhiaidh sin, a hiníon Máire, níor chaill Eilís a misneach agus choinnigh sí uirthi ag scríobh, go dtí a laethanta deiridh.

Chlúdaigh sí réimse leathan ábhar – ba é Children of Bach an leabhar deireanach a scríobh sí – leabhar do dhéagóirí agus é suite san am a raibh an tUileloscadh ar bun san Ungáir.

Chaith sí tamall agus í óg ina cónaí sa Daingean, gar do chathair na Gailllimhe. D’athraigh an chlann ansin amach go Bearna, áit ar chuir sí barr feabhais ar a cuid Gaeilge.

Agus go deimhin, ba i nGaeilge a bhí na chéad leabhair do pháistí a scríobh sí –

An Choill Bheo, Oscar agus an Cóiste Sé nEasóg agus Ceol na Coille.

Cé gur admhaigh sí go raibh an-tionchar ag an nGaeilge uirthi agus í i mbun pinn,

is léir ón taispeántas seo go raibh sí faoi anáil theangacha agus chultúir eile – an Spáinn, an Iodáil agus an Ungáir, mar shampla.

Aistríodh leabhair léi go Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Afrikaans, Danmhairgis, Seicis, Sínis, Rúisis agus go leor teangacha eile.

Agus mé ar cuairt ar an taispeántas, díreach sular thosaigh ré nua seo an fhéinaonraithe dúradh go raibh teachtaireacht sa taispeántas do mhuintir ghluaiseacht an ‘athrú aeráide’. Ach anois agus beagán ama againn chun machnamh a dhéanamh ar na téamaí i leabhair uile Eilís Dillon, is léir go bhfuil teachtaireacht iontu freisin dúinne san am i láthair.

Tá riar maith dá cuid saothar suite in iarthar na hÉireann. Baineann na scéalta le daoine simplí, carachtair láidre a bhfuil féith an teacht aniar iontu. Mar shampla, The Lost Island,  atá suite ar oileán amach ó chósta thiar na hÉireann, baineann sé le pobal beag atá ag streachailt in aghaidh fórsaí láidre a d’fhéadfadh iad a cheansú. Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an leabhar ar fáil fós – 68 bliain tar éis a chéadfhoilsithe.

Nuair a labhair an tOllamh Pádraig White ó Choláiste na Tríonóide ag an oscailt, luaigh sé an leabhar do pháistí Island of Ghosts agus dúirt sé go raibh ‘réalaíochas’ ag baint le leabhair Eilis Dillon, gur bhain a cuid scéalta le hÉire a bhí nua-aoiseach agus a rinne neamhaird ar na seantéamaí agus na macasamhla ‘idéalacha’ a bhí coitianta sa litríocht roimhe sin. ‘Éire nua-aimseartha a bhí ag breathnú i dtreo na hEorpa’ a bhí aici, a dúirt an tOllamh White.

Is í an scríbhneoir aitheanta do pháistí Sadhbh Devlin a chuir an taispeántas le chéile don Lexicon, le cabhair ón bhfoireann iontach a oibríonn ansin. Bhí Sadhbh ar an eolas faoin duais bhliantúil i gcuimhne ar Eilís Dillon i gcomórtas na leabhar do pháistí, (‘CBI Book of the Year Awards’- Bisto mar a bhíodh).

Ach nuair a bhí sí ag cur isteach ar an bpost mar scríbhneoir cónaitheach sna leabharlanna i nDún Laoghaire/Ráth an Dúin, d’fhiafraigh sí di féin ‘Cén fáth nach bhfuil níos mó eolais agamsa faoin scríbhneoir seo?’ Agus gheall sí go n-eagródh sí taispeántas fúithi le linn a tréimhse sa phost. Go tráthúil ba í seo bliain an chéid d’Eilís Dillon.

Cé go bhfuil na doirse dúnta anois, tá súil agam go gcoinneofar an taispeántas don lá a n-athosclófar iad. Idir an dá linn, is féidir sult a bhaint arís as saothar an údair trí dhoirse ‘ar líne’ na leabharlann poiblí. Níl ag teastáil ach d’uimhir ar do thicéad leabharlainne.

Fág freagra ar 'Céad bliain go ham seo a rugadh Eilís Dillon agus tá teachtaireacht aici dúinn i gcónaí'

  • Ruth

    An-suimiúil. Go raibh maith agat!