Ceacht le foghlaim ag Corcaigh ón ‘ngorta beag’ cois Laoi

Mar atá tarlaithe le Corcaigh faoi láthair, i 1982 agus 1983 chaill iománaithe an chontae cluiche ceannais na hÉireann, ach d’éirigh leo faoi dheireadh

Ceacht le foghlaim ag Corcaigh ón ‘ngorta beag’ cois Laoi

Sna seachtainí amach romhainn beidh mé ag díriú isteach ar chomórtais na gclubanna ar fud na tíre. Ach roimhe sin, caithfidh mé cúpla focal a scríobh faoi iománaithe Chorcaí agus roinnt muiníne a chothú (dom féin!) do 2026.

Tá sé deacair, thar a bheith deacair, míniú a thabhairt ar an taispeántas, nó easpa taispeántais, a thug ár n-iománaithe sa dara leath de chluiche ceannais na hÉireann roinnt seachtainí ó shin. Tá sé ina ábhar cainte fós anseo cois Laoi agus gach sórt tuairim á tabhairt ach níl aon athrú ar an toradh agus na ceisteanna fágtha gan aon fhreagraí sásúla orthu. Tosnóidh an phrapáil don chéad séasúr eile i gceann mí nó dhó agus sinn fós sa dorchadas faoi cad a tharla sa dara leath sin.

Ach, dar ndóigh, tharla sé cheana dúinn. Níos mó ná daichead bliain ó shin, bhíomar sa tsáinn chéanna, dhá chraobh caillte agus sinn ar ais i gcluiche ceannais 1984.

Thosnaíomar an turas sin i 1982 agus beirt de laochra mhóra na hiománaíochta ina gcaptaein ar na foirne a bhí ag imirt sa gcluiche ceannais, Brian Cody ar Chill Chainnigh agus Jimmy Barry Murphy ar Chorcaigh. Ba iad an dá chúl tapaidh a scóráil an lántosach Christy Heffernan laistigh de 45 soicind díreach roimh leath ama na scóranna cinniúnacha agus Corcaigh sáraithe go cuimsitheach ag Cill Chainnigh, 3-18 in aghaidh 1-13, chun a 22ú Craobh Shinsir Iomána na hÉireann a bhaint.

I gcluiche ceannais a raibh coimhlint den scoth idir fathaigh geallta dúinn, ba é cruinneas na gCat os comhair an chúil a scar na foirne óna chéile. An bhliain ina dhiaidh bhíomar ar ais arís agus Barry Murphy ina chaptaen arís.

An uair seo bhí na seaimpíní reatha, Cill Chainnigh, sa tóir, ní hamháin ar Chraobh na hÉireann a bhuachan dhá bhliain as a chéile, ach ar an éacht suntasach, an ‘double-double’, agus an tSraith Náisiúnta buaite acu in ’82 agus ’83 chomh maith. Bhí na Cait i mbarr a maitheasa i rith an tséasúir ar fad agus an t-iar-imreoir Pat Henderson anois i gceannas.

Ar an drochuair dúinne i gCorcaigh, chuamar abhaile folamh arís, cé nach raibh ach dhá chúilín idir na foirne ag an deireadh an uair seo, 2-14 in aghaidh 2-12.

Nuair a d’ardaigh Liam Fennelly Corn Liam Mhic Cárthaigh don dara bliain as a chéile, is cuimhin liom go raibh an díomá le brath go soiléir ar aghaidheanna imreoirí agus lucht tacaíochta Chorcaí, mar a bhí i mbliana. Bhí an turas abhaile Cois Laoi fada, sinn lán de smaointe ar an deis a bhí caillte, agus an contae ag machnamh ar a bheith sa dara háit arís.

Bhí Corcaigh ar ais sa chluiche ceannais arís in ’84, i nDurlas an uair seo do chomóradh 100 bliain CLG, agus Uíbh Fhailí mar fhreasúra againn. Contae traidisiúnta i gcoinne dream nua a raibh gealladh fúthu.

Lá stairiúil a bhí ann mar go raibh an cluiche ceannais tógtha amach as Páirc an Chrócaigh den chéad uair ó 1937 ach ní raibh suim ag Corcaigh sa ghné sin den stair, ní raibh uainn sa chontae ach bua agus fuair muid é ar scór 3-16 in aghaidh 1-12. Bhíomar sásta deireadh a chur le ‘gorta beag’ na gCorcaíoch agus an t-aiscsean déanta ag leithéidí John Fenton, Tony O’Sullivan, Seánie O’Leary, laochra móra Cois Laoi.

Tar éis tréimhse órga i lár na 1970idí nuair a bhuaigh Corcaigh trí cinn de Chraobhacha uile-Éireann as a chéile idir 1976-1978, bhí lag trá ann ag tús na n-ochtóidí agus sé bliana ann an gradam is mó a bhaint amach agus chuir na cluichí ceannais sin a chaill Corcaigh in aghaidh Chill Chainnigh in ’82 agus ’83 leis an ísle brí a bhí ann. Ach mar is eol dúinn go léir, is maith le Dia an té a dhéanann a dhícheall.

Bhí roinnt athruithe ar an bhfoireann a d’imir i gcraobh ’82 agus an ceann a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí líne lánchúil nua ann agus Denis Mulcahy, Dónal O’Grady agus John Hodgins ag imirt thiar ansin. Thosnaigh Pat Hartnett i lár na páirce. Thosaigh Tony O’Sullivan a chéad chluiche ceannais in ’84 agus d’aimsigh seisean sé phointe ón líne leatosaithe.

Tá níos mó ná daichead bliain ón ócáid ghlórmhar sin agus tá an iomáint athraithe go mór. Is féidir cúpla rud a fhoghlaim mar sin féin.

Tá roinnt athruithe ag teastáil ar fhoireann an lae inniu agus le bainistíocht nua, is mó seans go bhfeicfidh muid athrú. Beidh an-bhrú ar Ben O’Connor agus a mheitheal nua, go háirithe nuair atá Craobh na Mumhan chomh hiomaíoch is atá faoi láthair ach tá sé léirithe cheana gur féidir an tír tairngire a bhaint amach fiú má théann tú amú cúpla uair faoi bhealach.

Fág freagra ar 'Ceacht le foghlaim ag Corcaigh ón ‘ngorta beag’ cois Laoi'