Cé a chreidfeadh é! Bean i gceannas ar an DUP!

Tá gaisce déanta ag Arlene Foster gan dabht, ach an ndéanfaidh sí mórán difríochta mar cheannaire ar an bpáirtí is mó ó thuaidh

Arlene Foster

Bean i gceannas ar an DUP. Bhí sé doshamhlaithe fiche bliain ó shin. Nó deich mbliana ó shin. Bean nach de theaghlaigh bhunaithe ná d’eaglais bhunaithe an DUP í. Bean a tháinig thar chlaí isteach ón UUP aon bhliain déag ó shin, murab ionann agus daoine atá sa pháirtí le daichead bliain.

Tá gaisce déanta ag Arlene Foster, gan dabht. Ní beag an t-éacht é ceannaireacht ar an bpáirtí is mó sa réigiún a bhaint amach in aois 45. Bean chumasach, oilte is ea í, polaiteoir éifeachtach agus aontachtaí go smior.

Mura dtarlóidh rud éigin gan choinne, dearbhóidh baill thofa an DUP agus coiste bainistíochta an pháirtí í mar cheannaire Déardaoin seo chugainn. Glactar leis freisin gurb í a bheidh ina Céad Aire ó thús téarma an Tionóil seo chugainn.

Rinneadh talamh slán de ó d’fhógair Peter Robinson go raibh sé ag eirí as mar cheannaire, mar theachta agus mar Chéad Aire, go dtiocfadh Foster i gcomharbacht air sa Chéad Aireacht. Níorbh iontas é sin, mar bhí sí sa phost faoi dhó cheana ar bhonn gearrthéarmach agus ba léir go raibh beannacht Robinson aici.

Bhain an cúrsa chuig an gceannaireacht geit as daoine, áfach. Ba chosúil nach raibh riachtanach don athrú réimis sa DUP ach corónú Nigel Dodds mar cheannaire, gan toghchán.

Bhain Dodds siar as roinnt mhaith dá chomhghleacaithe, as a lucht tacaíochta agus as na tráchtairí nuair a d’fhógair sé nach raibh an cheannaireacht ag teastáil uaidh. Díol suntais ab ea é go rabhthas i bhfoisceacht dhá lá do dhúnadh na n-ainmniúchán nuair a rinne sé an fógra.

Níor fhág sé sin mórán ama ag éinne eile chun feachtas a eagrú agus tacaíocht a thiomsú. Taobh istigh d’uaireanta an chloig, bhí ainmniúchán Arlene Foster cláraithe go hoifigiúil. Tapaíodh an deis ar luas lasrach fad is a bhí duine amháin eile, ar a laghad – Sammy Wilson – i mbun machnaimh.

Ar eagraíodh an feachtas sin ar fad san achar gearr sin ar an Luan? Cheistigh níos mó ná lucht theoiric na comhcheilge é. An raibh a fhios ag Robinson, Foster agus a gcampa le tamall nach raibh Dodds sásta a bheith ina cheannaire? Ar cheil siad an nuacht ar ‘eite thraidisiúnta’ an pháirtí – Paisley óg, Sammy Wilson, muintir Poots, Jim Wells, cuir i gcás ?

Bheadh blas Maiciaiveillíoch ar an bplean sin ach chuir Peter Robinson leis an tuairimíocht le tvuít san oíche Dé Luain ag fógairt go raibh ainmneacha breis is 75% de na toghthóirí ar fhoirm ainmniúcháin Arlene. B’ionann sin agus a rá le duine ar bith eile a raibh tóir aige ar an gceannaireacht gur saothar in aisce a bheadh ann. Go bunúsach, glacadh leis gur chuir Robinson stop le comórtas.

Comhartha ar athrú saoil sa DUP is ea ceapachán Arlene Foster ach seans nach athrú ollmhór a bheidh ann. Ó thaobh rath an pháirtí, beidh sé deacair 38 suíochán Tionóil a choinneáil i dtoghchán na Bealtaine. Maidir le Stormont, dúirt sí nár ghá polasaithe Robinson a athrú ach go mbeadh a stíl difriúil ar bhonn inscne agus pearsantachta.

Is cinnte gur thug Robinson ardú céime di agus go raibh iontaoibh aige as Foster; bhain sí leis an eite fhorásach a bhí sé ag iarraidh a chothú.

Beidh le feiceáil cad is brí leis sin. Maítear go raibh ardmheas aici, ina hóige, ar Mhargaret Thatcher, ceannaire nach luaitear feimineachas ná trócaire léi.

Dúirt Foster an tseachtain seo go n-aithníonn sí sainordú Shinn Féin ó na vótóirí agus da bhrí sin go n-oibreoidh sí leo. D’ionsaigh an tIRA a hathair, comhalta den RUC agus chuireadar buama faoi bhus scoile a raibh an déagóir Arlene Kelly air. Is cosúil go bhfuil caidreamh gairmiúil aici le Martin McGuinness.

Mar sin féin, tá Sinn Féin agus an SDLP san airdeall ar chúrsaí. Níl dearmad déanta ar ‘rogues and renegades’, ráiteas a tharraing droch-cháil agus diancháineadh uirthi. Dúirt sí ar an teilifís sa bhfómhar go raibh sise ag fanacht sa bhFeidhmeannas nuair a bhí an chuid eile d’airí an DUP ag dul isteach agus amach as chun a chinntiú nach ndéanfadh rógairí agus fealltóirí ó Shinn Féin agus an SDLP cinntí mar airí nach bhfeilfeadh d’aontachtaithe. Dlíodóir is ea í agus mar a dhéanfadh dlíodóir maith, dúirt sí gurb é an modh coinníollach a bhí in úsáid aici an uair sin. Airíodh go forleathan, áfach, gur léirigh sí dearcadh éagothrom, claonta. Ní dhearna an chaint aon dochar di sa DUP. Neosfaidh an aimsir cé chomh cumasach is a bheidh sí mar cheannaire ar an bpobal ar fad.