‘Cé a cheapann an f….n bean seo í féin ?’ Ceist ag fear as Dorchester ar fhear eile as Dorchester. Cúpla mí ó shin. Sliocht na nÉireannach ag comhrá. Caint thíriúil lucht oibre Bhostúin.
Ach ní idir beirt sa teach ósta a bhí an comhrá seo. Glaoch teileafóin a bhí ann ó Sheán O’Brien chuig Marty Walsh. Is é Seán O’Brien an tUachtarán ar cheardchumann ollmhór na Teamsters sna Stáit Aontaithe. Bhí ceannasaíocht an cheardchumainn tar éis cruinniú a bheith acu le Kamala Harris, iarrthóir na nDaonlathach d’Uachtaránacht Mheiriceá. Bhí críoch cineál gonta curtha ag foireann Kamala Harris leis an gcruinniú.
Agus í ag siúl amach as an gcruinniú úd seo an chaint a bhí curtha aice i dtreo na Teamsters: ‘I’m going to win with, or without you.’
Chuaigh O’Brien ar an teileafón go Boston: ‘Cé a cheapann an f***in bean seo í féin?’ Níl aon chuntas ar fáil ar an bhfreagra a thug Marty Walsh, iarMhéara ar Bhoston agus iar-Rúnaí Saothair Mheiriceá ar an gceist sin. Tá a fhios go raibh an Breathnach cairdiúil le Kamala Harris.
Le ríghairid a labhair Seán O’Brien faoin gcruinniú sin le Kamala Harris agus faoin deireadh tobann a bhí leis. Tá seisean den bharúil go láidir anois go bhfuil na Daonlathaigh scartha amach ón bpobal as ar eascair siad an chéad lá ariamh – an lucht oibre agus an chosmhuintir. “Tádar éirithe sotalach,” arsa O’Brien.
Dúisíonn an eachtra agus an comhrá seo idir beirt Dorchester ceist: an mbeadh cinneadh níos fearr déanta ag Kamala Harris dá mbeadh Marty Walsh roghnaithe aici mar leathbhádóir do thoghchán na Samhna seo caite?
Bhí roinnt tuairimíochta ann go bhfeilfeadh sé do Harris roinnt ‘street cred’, mar a abraítear i Meiriceá, a chur ina feachtas. Labhraíodh ar Mharty Walsh san am ach ní mar sin a tharla. Is cinnte go mbeadh sé in ann stiúir níos fearr a chur ar an teagmháil le lucht ceardchumainn ó chósta go cósta.
Is deacair a rá an dtabharfadh an méid sin Kamala Harris slán faoi Shamhain. Bhí cás na nDaonlathach níos bunúsaí de réir cuid den chaint atá ann anois, agus tréimhse Biden agus Harris geall le bheith thart sa Teach Bán.
Creideann O’Brien go bhfuil ceannas coinnithe ag aicme threallúsach ar na Daonlathaigh agus nach rabhadar in ann feachtas láidir i measc an phobail a láimhseáil i dtoghcháin na Samhna. ‘Teastaíonn glanadh amach ó bhun sa bPáirtí,’ a deir O’Brien agus thug sé faoi Nancy Pelosi in agallamh le gairid.
Arsa seisean: ‘Tá sé in am aici súil a chaitheamh sa scáthán agus dá luaithe sin is fearrde.’
Níl Seán O’Brien ag cur fiacail ann. B’fhéidir go bhfuil míneadas níos mó i gcaint an tSeanadóra Sherrod Brown as Ohio ach ní lú ná sin an speireadh atá sé a thabhairt dá pháirtí féin, na Daonlathaigh.
Chaith Brown 32 bliain ina Fheisire Comhdhála agus ina Sheanadóir i Washington. Chinn air an iarraidh seo. Chaill na ceardchumainn agus an lucht oibre cara sa gcúirt i Washington. Ach níl iontas ar Brown go bhfuair a pháirtí féin bata agus bóthar.
“Ní thuigeann na Daonlathaigh go bhfuil siad ag déanamh beagán de dhaoine nach bhfuil gairmeacha ná stádas ard oideachais acu,” a deir Sherrod Brown. Ní chreideann Brown gur thug gnáthoibríthe a vótáil do Phoblachtánaigh cúl le cine ná go ndearna siad cinneadh seafóideach. ‘Masla do dhaoine a chur ina leith go rabhadar aineolach,’ a deir sé.
‘Tá an gnáthoibrí, agus an pobal a bhí fite fuaite sa bpáirtí, ligthe i ndearmad ag na Daonlathaigh le 30 bliain. Creidtear anois gur páirtí do dhaoine uaisle na gceantar cois Atlantaigh agus cois an Aigéin Chiúin muid.’
Sé an port céanna atá ag Seán O’Brien a rugadh agus a tógadh i gcroílár cheantar na hÉireann i mBoston.
‘Níl aon locht agam ar dhaoine a chuireann carnáin airgid i gceann a chéile,’ arsa an Brianach.
‘Is é an dearcadh atá ag an bPáirtí Daonlathach anois a fhágann blas searbh i mo bhéal,’ a deir sé. Dúirt Seán O’Brien gur tuigeadh dósan agus é ag éirí aníos go mba é an Páirtí Daonlathach cara an ghnáthoibrí agus, freisin, cara an té a tháinig aníos ar a chosa le teann allas a ghrua. ‘Téadh muid ar ais chuige sin,’ a deir ceannaire cheardchumann na Teamsters.
Tá, ar ndóigh, stair fhada ag baint le córas na gceardchumann sna Stáit Aontaithe, agus leis na Teamsters, go háirithe. Ní hé seo an chéad uair a raibh caismirt acu le polaiteoirí agus leis na Daonlathaigh. Tá scéal Jimmy Hoffa agus na cathanna a bhíodh idir é féin agus Bobby Kennedy sa tréimhse stairiúil sin fós á phlé i measc na staraithe.
Tuairiscítear gur bhagair Hoffa ag tráth amháin ar Kennedy go dtabharfadh sé neart bróige sa leath deiridh dó. Istigh i seomra fiosrúcháin a bhain le líomhaintí cúblála airgid, thug Kennedy a dhúshlán: ‘Maith go leor mar sin; bhíodh comórtas ‘press-ups’ againn agus múinfidh mise ceacht duit.’
Bhí an bheirt réitithe le tabhairt faoin urlár nuair a dúradh leo ciall a bheith acu!
Ar ndóigh, tá muid istigh i ré eile anois agus tá dianrialacha i bhfeidhm le fada – cuid mhaith acu ó aimsir Khennedy – a choinníonn stiúir ar cheardchumainn agus eagraíochtaí go leor eile sna Stáit Aontaithe. Glactar leis, gan aon cheist, gur fear uasal agus ionraic é Seán O’Brien agus tá 1.7 milliún ball i gceardchumann na Teamsters anois.
Is fiú aird a thabhairt orthu.
Bhí fiche nóiméad eile fágtha le haghaidh na cainte a bhí idir ceannasaíocht na Teamsters agus Kamala Harris nuair a d’fhág sí an scéal mar a bhí. Creideann Seán O’Brien, agus go leor eile leis, gur sampla a bhí ansin d’éirí in airde na nDaonlathach i dtoghcháin na Samhna 2024 agus go gcaithfidh siad ligean fúthu.
Fág freagra ar '‘Cé a cheapann an f*cn bean seo í féin?’ – éirí in airde na nDaonlatach'