Cailleadh in Ospidéal Thamhlachta inné Cathal Ó Feinneadha, Iar-Uachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge agus duine de bhunaitheoirí an chlub cháiliúil CLG, Na Fianna. Bhí 86 bliain slánaithe aige.
Ba as Baile an Teampaill i mBaile Átha Cliath ó dhúchas é agus ba mhór a cháil i measc Ghaeil na hArdchathrach, áit ar threabh sé go díograiseach i ngort na Gaeilge ó lár an chéid seo caite.
Bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh ó 1965 go 1968. Rinne an Conradh comhbhrón lena mhuintir inniu agus mheabhraigh dá bhaill an ráiteas a rinne sé ag Ard-Fheis an Chonartha ar an Spidéal i 1966 nach tír dhátheangach a bhí mar aidhm ag an eagraíocht ach an Ghaeilge “a bheith mar ghnáth-theanga na ndaoine” agus í a bheith mar “ghnáth-theanga an chórais riaracháin, idir Oireachtas, Státseirbhís agus Chúirteanna Dlí.”
Dúirt Iar-Uachtarán eile de chuid an Chonartha, Pádraig Ó Snodaigh, gur “fear iontach cairdiúil agus cuideachtúil” a bhí i gCathal Ó Feinneadha.
Ba pheileadóir freisin é agus bhuaigh sé boinn i gCraobh Mionúr na hÉireann lena chontae i 1945 agus 1946.
D’oibrigh sé féin agus a bhean chéile Carmel ar son daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus bhronn Cumann Cairde Eoin le Dia i gCill Droichid uachtaránacht saoil air.
Maireann a bhean Carmel agus a chlann Pádraig, Cathal, Ciarán, Colm, Aodán, Máire agus Eoin chomh maith lena dheartháir Pat.
Beifear á thórramh ina theach tráthnóna inniu go dtí an hocht a chlog agus tráthnóna amárach óna trí go dtí an cúig sula n-aistreofar é go dtí Eaglais an Dea-Aoire, Baile an Teampaill ag a sé a chlog.
Déarfar Aifreann na Sochraide ag 10 ar maidin. Cuirfear i Reilig Chnocán Véineas, Ráth Fearnáin é ina dhiaidh.
Fág freagra ar 'Cathal Ó Feinneadha ar shlí na fírinne'