CATHAL MAC COILLE: Ré an ‘post-truth’ sa pholaitíocht ag bagairt orainn?

Tá an ‘iar-fhírinne’ á hinsint ag Donald Trump. Cuirfidh caint cham dá leithéid an córas daonlathach i mbaol, thall agus abhus

CATHAL MAC COILLE: Ré an ‘post-truth’ sa pholaitíocht ag bagairt orainn?

Dúirt  Donald Trump le linn agallamh a craoladh le gairid gur bhunaigh Barack Obama an ‘Stát Ioslamach’.

Rinne an t-iriseoir a bhí á cheistiú iarracht ciall a bhaint as an méid sin.

“An ionann sin agus a rá,” a dúirt sé le Trump, “go gcreideann tú gur ar fhaillí nó ar chur chuige lochtach an uachtaráin atá an milleán as bunú ISIS? Níl tú ag maíomh gur bhunaigh Obama an eagraíocht?”

Sheachain Trump an deis éalaithe. Dúirt sé arís gur bhunaigh Obama ISIS. Ach chuir sé aguisín lena ráiteas a bhain leas éifeachtach as an leathfhírinne, nó as an ‘iar-fhírinne’ (‘post-truth’) mar atá iriseoirí éagsúla thall a thabhairt uirthi le tamall.

Seo a leanas sliocht ón tras-scríbhinn* den agallamh leis an gcraoltóir Hugh Hewitt ar Salem Radio Network, sliocht ina dtagraíonn Trump arís don uachtarán Obama:

TRUMP: I mean, with his bad policies, that’s why ISIS came about.

HEWITT: That’s…

TRUMP: If he would have done things properly, you wouldn’t have ISIS.

HEWITT: That’s true.

TRUMP: Therefore he was the founder of ISIS.

 Is sampla breá caint dá leithéid den tslí inar féidir cur chuige polaiteora a cháineadh, gan fianaise dá laghad a thabhairt mar thaca leis an gcás ina choinne. Ní díospóireacht réasúnta a spreagann Trump de ghnáth ach síorshéanadh, síorcháineadh, síor-fhrithcháineadh agus mar sin de.

Mura dtoghfar Trump mar uachtarán an 8 Samhain, tá seans éigin ann go mbreathnófar siar ar fheachtas aisteach toghchánaíochta 2016 mar chéim ar gcúl i saol polaitiúil na Stát a ndearnadh dul chun cinn ina dhiaidh.

Ní  beag an ‘b’fhéidir’ é. Tá go leor vótóirí sna Stáit ag moladh Trump le tamall  

  1. Toisc go bhfuil siad bréan den ghnáthpholaitíocht
  2. Toisc go gcuireann Trump a míshásamh in iúl go neamhleithscéalach
  3. Toisc nach leasc le Trump labhairt go láidir in aghaidh inimirce
  4. Toisc nach n-aontaíonn sé le saorthrádáil neamhshrianta
  5. Toisc nach bhfuil aon bhaint aige le gnáthpholaiteoirí, agus nach gceileann sé a dhrochmheas orthu.
  6. Toisc go bhfuil sé thar am, dar leo, cic sa tóin a thabhairt do ghnáthpholaiteoirí
  7. Toisc go bhfuil siad tinn tuirseach de mheatacht, de shaint, agus de chaimiléireacht na ngnáthpholaiteoirí
  8. Toisc gur ar éigean gur mhó an t-aimhleas a dhéanfadh ‘an tUachtarán’ Trump  don tír seachas an ‘tUachtarán Clinton’

Níl aon chosúlacht, shílfeá, idir cúrsaí polaitíochta Mheiriceá agus cúrsaí abhus, agus níor chuir aon pholaiteoir Éireannach cás chomh simplí faoi bhráid an phobail.  Ach nílimid slán ó bhuairt.

Cuir tarcaisne threisithe, fearg an phobail agus easaontas polaitiúil sa meá agus is léir, sílim, an dainséar. Cuimhnigh freisin ar na meáin shóisialta, agus cuir san áireamh an dochar a dhéanann scaipeadh ráflaí, bréaga, gearáin, tuairimí nach bhfuil bunaithe ar fhianaise, drochmheas ar shaineolaithe, cúlchaint, béadán, agus cáineadh claonta ar gach gníomh nó tuairisc nach dtaitníonn leat.

Ní theastaíonn go mbeadh lánmhuinín ag páirtithe as a chéile ná idir vótóirí chun córas daonlathach a choinneáil folláin.  Ach ní bheidh rath ar an daonlathas cheal muiníne agus cheal fianaise.

Féach cás Apple, a pléadh sa Dáil Dé Céadaoin. Chualathas síorcháineadh ón dá thaobh (i bhfabhar achomhairc sa Chúirt Eorpach, agus ina choinne), ach bhí an easpa fianaise agus sonraí soiléir. Breith eatramhach: níl cás gan chiall á mholadh ag ceachtar taobh.

 Tá dá cheacht bhunúsacha le foghlaim ó raiméis Trump:

  1. Níl réiteach simplí ar gach ceist.
  2. Níl tarcaisne tuillte ag formhór ár bpolaiteoirí, ainneoin na tarcaisne a dhíríonn siad ar a chéile.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Ré an ‘post-truth’ sa pholaitíocht ag bagairt orainn?'

  • padraig

    Nach aon da mhar a cheile iad Trump agus Clinton dairire agus an coras ceanna a chosaint acu .i. ollchorparaidi, creach-chisti, bainc etc neamhthrocaireacha bradula choras an rachmais i SAM. Is coras trachtala e seo arb e a bhuncuspoir siorai seasta an t-aimeon airgid a chnuasach agus tionchar thar meon aus thar mar is ceart a imirt acu ar an Uachtaran ‘a thoghtar’. Cuid de dhluth is d’inneach an chorais sin iad lan na beirte acu seo, Trump is Clinton. Bean i Clinton a bhfuil an leasainm ‘banrion na cogaiochta’ tuilte aici toisc gur thacaigh si le gach aon chinneadh cogaiochta riamh le linn a re polaitiochta agus bean i ata ina muirnin mhor ag lucht diolta arm SAM a bhfuil mar aidhm acu cogai a adhaint agus a choinneail ar siul ar fud na cruinne. Is shin e an ‘gno’ ata acu .i. an chogaiocht. Na ceapadh einne go mbeidh siochain i reim ma thoghtar Clinton, ni rachaidh Trump chun cogaidh leis an Ruis ar a laghad ach tathar ann a cheapann gurb e sin an gad is gaire do scornach Clinton agus fioch fola uirthi chuige. Feach na ‘Clinton Chronicles’ ar uTube nach bhfuil aifeiseach ar fad ar fad. B’fheidir gurb i Clinton rogha an dhiogha ach is faonlag an moladh e sin ar einne. Go bhfeacha Dia ar an gcine daonna.

  • Seán Ó Floinn

    Ag léamh an ailt seo ní cheapfá go raibh cúis mhaith ar bith ann chun vóa a chaitheamh ar son Trump. Téann Trump thar fóir uaireanta ach níl aon dabht ach go bhfuil cúis feirge ag an bpobal bán i leith na rialtóirí Meiriceánacha a chuaigh roimhe – tá an tír go mór i bhfiacha, tá an dí-thionsclú ar bun le roinnt blianta anuas agus poist á scaoileadh leis an tSín dá bharr – is fir bhána den lucht oibre is mó atá thíos leis sin. Tá inimircigh mhí-dhleathacha anois i gcomórtas do na poist a bhíodh á ndéanamh ag an lucht oibre bán, agus an ráta dífhostaíochta i measc lucht oibre bán ardaithe go mór dá bharr. Tá caidrimh idirchiníocha imithe chun donais sa tír le blianta beaga anuas agus an pobal bán ag dul i laghad mar sciar den daonra iomlán (bhíodar mar 90% den daonra iomlán i 1965, anois ní dhéanann siad suas ach 77% agus sin ag dul i laghad mar gheall ar an bpolasaí inimirceach).

  • Eoin Ó Murchú

    Ní thaitníonn ciníochas, fuath ban is fuath lucht oibre de chuid Trump liom beag nó mór, ach th’éis alt Chathail a leamh b’fhéidir go mb’fhearr Trump linn ná Hillary más fíor é go bhfuil sé i gcoinne saorthrádáil neamhshrianta (agus cogaíocht a chothú leis an Rúis). Ach is ‘más fíor’ mór é. Nach trua nár éirigh le Bernie Sanders an lámh in uachtar a fháil ar Hillary – bean a thosaigh an cogadh sa Lib agus san tSír. Sea, nach raibh ról níos lárnaigh ag Hillary i gcruthú ISIS ná mar a bhí ag Obama, ach an féidir Trump a thrust le stop a chur leis an gcogaíocht seo?