CATHAL MAC COILLE: An nuapholaitíocht agus an tiomáint faoi thionchar an óil

Ba mhaith le Shane Ross gach duine a bhíonn ag tiomáint agus an iomarca ólta acu a chur den bhóthar, ach ní beag an freasúra atá aige sa Dáil

CATHAL MAC COILLE: An nuapholaitíocht agus an tiomáint faoi thionchar an óil

Pictiúr: RollingNews.ie

Dá leigheasfadh seachaint na fírinne agus sofhriotail an dochar a dhéanann ólachán iomarcach, bheadh an fhadhb leigheasta le fada.

Cuimhnigh ar na leaganacha cainte go léir a chloistear más mian le daoine éalú ón bhfírinne lom. Leaganacha a chloistear mar shampla i gcomhluadar Éireannnach agus féile Naomh Pádraig á ceiliúradh. Mar shampla, in áit a rá i nGaeilge go raibh duine ‘ar meisce’, deirtear go raibh sé:

Ar deoch. Ar na stártha. As a chiall. As a mheabhair. Caochta. Cuíosach. Dallta. Gan chiall. Gan chos faoi. Glórach. Ina chiafart. Maith go leor. Ólta. Réasúnta. Sínte. Spraíúil. Súgach.

I mBéarla, seachnaímid caint dhíreach freisin agus déanaimid cur síos leathmhagúil go minic ar mheisceoireacht. Ní ‘drunk’ a deirtear de ghnáth in Éirinn ach:

Drink taken. Fluthered. Hammered. Intoxicated. Jarred. Langers. Locked. Maggoty. Merry. Mouldy. Out of his/her mind. Ossified. Paralytic. Pissed. Scuttered. Stocious. Well on. Under the weather.

Is féidir leagan eile a chur leis an liosta i mBéarla thuas. Mhol tiománaí tacsaí do scríbhneoir an cholúin seo inné a bheith cúramach i sráideanna Bhaile Átha Cliath oíche Lá ‘le Pádraig. Arsa mo dhuine:

“There’ll be people in this town tonight who’ll be only oblissified before they go home, so watch out.”

Is ábhar áthais é ar ndóigh go bhfuil briathra breátha nua á gcumadh sa tír seo i gcónaí. Gan dabht, beidh go leor léitheoirí ábalta cur gan stró leis an dá liosta thuas. Ach tá aird an phobail dírithe arís ag Shane Ross ar na nósanna contúirteacha a spreagann saorchumadóireacht dá leithéid.

Tá an tAire Iompair ag moladh bille a chuirfeadh iachall ar chúirteanna cosc iomlán tiomána a ghearradh ar gach tiománaí a chiontaítear i dtiomáint mheisciúil. De réir dlí, is ionann ‘meisciúil’ agus 50mg d’alcól a bheith aimsithe i 100 millilítear fola (nó 20mg i gcás tiománaithe nuacháilithe).

Faoi láthair, is féidir le cúirt trí phointe pionóis agus fíneáil 200 a ghearradh ar thiománaí a chiontaítear den chéad uair (is é sin, mura bhfuil an méid alcóil sa bhfuil os cionn 80mg). Dúirt Shane Ross le gairid go raibh iontas air go raibh “bearna” dá leithéid sa dlí, agus dhréachtaigh sé bille a chuirfeadh deireadh leis.

Shílfeá, b’fhéidir, gur deacair cur in aghaidh an riachtanais. Maraíodh 188 duine ar na bóithre anuraidh – ardú 26 ar líon na ndaoine a maraíodh in 2015. Tugadh le fios i dtuairisc a d’fhoilsigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre le déanaí go raibh alcól ina chuid den chúis i 38 faoin gcéad de na timpistí bóthair a tharla idir 2008 agus 2012.

Ainneoin na bhfigiúirí, ní léir aon chomhthuiscint maidir leis an mbille atá geallta ag Ross, fiú i measc a chomrádaithe neamhspleácha sa rialtas. Glactar leis gur mar gheall ar an míshásamh atá ar Sheán Canney agus Kevin Boxer Moran atá an tAire ag moladh saorvótáil ar an mbille.

Níl urlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí iompair Robert Troy sásta leis ach oiread. Dar leis nach bhfuil an dlí mar atá sé á chur i bhfeidhm, agus nach bhfuil fianaise ann go laghdódh an t-athrú atá molta ag Ross an ráta báis ar na bóithre.

Tabharfaidh an plé ar an mbille atá geallta ag Shane Ross léargas suimiúil dúinn ar an tslí ina bhfeidhmíonn an ‘nuapholaitíocht’. Is é sin, má fheidhmíonn sí sa chás seo. Tá an bille geallta ag Shane Ross ó thús na bliana, ach níl fiú cur síos imlíne ar na forálacha foilsithe fós aige.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: An nuapholaitíocht agus an tiomáint faoi thionchar an óil'

  • Seán Mag Leannáin

    Neart reactaíochta ann cheana féin, ach gan a dhóthain chur i bhfeidhm. Ceartaiseacht pholaitiúil BhÁC4 ag teacht salach ar shaol sóisialta na tuaithe. Ba cheart don Aire díriú ar ár gcomhlacht poiblí iompair a chosaint agus gan a bheith ag cur madraí i bhfuinneoga.