Cath Pháirc Aibhistín de Staic, réalta Dhún na nGall, fadhbanna Mhaigh Eo agus tuilleadh dá raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Caitear súil anseo ar scéalta móra ó bhabhta 5 den tSraith Náisiúnta Peile, idir speáráil Bhaile Átha Cliath agus Chiarraí agus dul chun cinn Loch Garman

Cath Pháirc Aibhistín de Staic, réalta Dhún na nGall, fadhbanna Mhaigh Eo agus tuilleadh dá raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Coimhlint mhaith ach an mbeidh tionchar aici ar an gcraobh?

Cé gur cuireadh suim ar leith i gcluiche an tSathairn i dTrá Lí de bharr na gcoimhlintí idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí le cúpla bliain anuas, is deacair a rá an mbeidh tionchar ar bith ag an gcluiche sraithe seo ar an aon chluiche idir na foirne níos deireanaí sa samhradh.

Thapaigh na bainisteoirí an deis imreoirí óga a chur chun páirce agus beidh an bheirt acu, Éamonn Fitzmaurice go háirithe, sásta le taispeántais na n-imreoirí sin. Bhí cúigear imreoirí óga ar fhoireann Chiarraí, Ronan Shanahan, Jack Barry, Adrian Spillane, Kevin McCarthy agus Jack Savage, nach bhfuil aon chluiche craoibhe imeartha acu don chontae go fóill. Mar sin féin, bhí cuma na maitheasa ar Chiarraí ar feadh tréimhsí fada.

Bhí ar Jim Gavin cuid dá sheanfhondúirí, leithéidí Cian O’Sullivan, Paul Flynn agus Kevin McManamon, a thabhairt isteach ón mbinse chun foireann na príomhchathrach a thabhairt slán.

Cheapfá go mbeadh an triúr sin agus tuilleadh ag tosú faoin am a thiocfaidh an samhradh.

Maidir le Ciarraí bhí James O’Donoghue gortaithe an oíche eile agus tá leithéidí Kieran Donaghy Colm Cooper agus Johnny Buckley fós le filleadh, gan trácht ar na himreoirí atá leis an bhfoireann faoi 21 go fóill. Dá bhrí sin, in ainneoin a theasaí is a bhí cluiche an tSathairn, speáráil seachas cogadh a bhí i gceist.

Imreoir Dhún na nGall, Ciarán Thompson. INPHO/Tom Beary

Réalta nua Dhún na nGall Ciarán Thompson

Bhíothas den tuairim go mbeadh Dún na nGall faoi bhrú i Roinn 1 in 2017 tar éis na n-athruithe móra ar an bhfoireann i rith an gheimhridh. Ó tháinig deireadh le craobh 2016, d’éirigh Neil Gallagher, Colm McFadden, Éamon McGee, Rory Kavanagh agus Christy Toye as an imirt agus chinn Odhrán Mac Niallais seasamh i leataobh do 2017. Ceapadh go mba dheacair do Rory Gallagher agus a chuid imreoirí ionadaithe a fháil dóibhsean ar fad.

Bhuaigh Ciarraí go bog orthu sa chéad chluiche sa tsraith i mbliana ach tá an imní a bhí ar lucht leanta an chontae i ndiaidh an chluiche sin maolaithe anois agus taispeántais den scoth tugtha ag imreoirí óga Dhún na nGall ó shin. Bhíothas buartha go háirithe faoi lár páirce i bhfianaise imeacht Neil Gallagher ach is é an fear óg lár páirce, Ciarán Thompson, an duine is fearr de na himreoirí óga go dtí seo.

Is deartháir é Ciarán le hiar-imreoirí Dhún na nGall Anthony agus Leon, agus tá an chuma ar an bhfear óg gurb é is cumasaí den triúr. D’aimsigh sé trí phointe den scoth sa chéad leath in aghaidh Thír Eoghain ar an Satharn agus tá gaiscí scórála déanta aige go dtí seo – 0-16 san iomlán atá aimsithe aige sa tsraith, formhór acu ón imirt.

Níor imir Thompson ach deich nóiméad sa chraobh anuraidh, nuair a tháinig 5isteach ag deireadh an chluiche a chaill siad in aghaidh Bhaile Átha Cliath, ach bí cinnte go mbeidh tionchar i bhfad níos mó aige ar iarrachtaí na gConallach i mbliana.

Seamus McEnaney, bainisteoir Loch Garman. INPHO/Donall Farmer

Dul chun cinn sa tsraith anois ag teastáil ó Loch Garman

Is mór atá ráite faoi obair Davy Fitzgerald le hiománaithe Loch Garman ach is beag aird atá tugtha ar ghaiscí an bhainisteora nua eile a tháinig isteach sa chontae in 2017. Cúig bhabhta atá imeartha sa tSraith Náisiúnta Peile agus is iad Loch Garman, agus Séamus McEnaney ina gceann, an t-aon fhoireann sa tír a bhfuil gach cluiche buaite acu.

Bhí cúpla drochbhliain ag Loch Garman le deireanas agus thit siad ó Roinn 2 go dtí Roinn 4 idir 2013 agus 2015,  ach tá ardú céime bainte amach cheana acu i mbliana agus iad ag filleadh ar Roinn 3 i ndiaidh a mbua in aghaidh Chill Mhantáin inné. Beidh sé anois mar aidhm ag McEnaney dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh.

B’fhéidir nach ndéanfar an dul chun cinn sin i gCúige Laighean mar a mbeidh Baile Átha Cliath rompu sa chluiche ceathrú ceannais i mbliana, má théann Loch Garman chomh fada sin, ach is cinnte go mbeidh siad ag súil le gaisce a dhéanamh sna cluichí cáilithe.

Níor bhuaigh Loch Garman cluiche craoibhe ar bith in 2016 agus uair amháin a d’éirigh leo dul níos faide ná Babhta 2 sna cluichí cáilithe le cúig bliana anuas. Beidh McEnaney ag súil le tógáil ar obair an earraigh chun an méid sin a chur ina cheart.

Foireann peile Mhaigh Eo. INPHO/James Crombie

Fadhbanna ag Maigh Eo ó cheann ceann na páirce

Agus cúig chluiche imeartha acu sa tsraith, níl aon chúl scóráilte go fóill ag Maigh Eo ón imirt. Is é cic éirice Cillian O’Connor sa chluiche in aghaidh Ros Comáin an t-aon cheann atá aimsithe acu go dtí seo.

Is minic ráite nach bhfuil na tosaithe sách maith ag Maigh Eo, go háirithe agus Aidan O’Shea in easnamh orthu, ach níl a gcuid cosantóirí thar mholadh beirte faoi láthair ach an oiread. Tá an méid céanna scóráilte ag Baile Átha Cliath agus atá ag Maigh Eo, 71 pointe san iomlán, ach tá 25 pointe níos lú géillte ag foireann Jim Gavin ná mar atá ag na Connachtaigh. Sin ceann de na cúiseanna is mó go bhfuil Baile Átha Cliath ar bharr an tábla agus Maigh Eo i mbaol ag a bhun.

Tá an Cabhán fós pointe chun deiridh ar Mhaigh Eo sa tsraith ach má chríochnaíonn siad cothrom ó thaobh pointí ag deireadh na sraithe, is ag na hUltaigh a bheidh an buntáiste de bharr a mbua Dé Domhnaigh.

Caithfidh foireann Stephen Rochford aghaidh a thabhairt anois ar Thír Eoghain as baile agus ar Dhún na nGall i bPáirc Mhic Éil, agus cé go mb’fhéidir go ndéanfadh bua amháin cúis d’fhéadfadh go dteastódh péire má leanann an t–ádh an Cabhán.

Fág freagra ar 'Cath Pháirc Aibhistín de Staic, réalta Dhún na nGall, fadhbanna Mhaigh Eo agus tuilleadh dá raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'