Cath Luimnigh idir Mumhain agus Connachta rogha na gcluichí

Seans maith go mbeidh scíth á tabhairt i mBabhta 8 den URC do chuid de na himreoirí a d’imir sna cluichí fómhair an deireadh seachtaine seo

Cath Luimnigh idir Mumhain agus Connachta rogha na gcluichí

Chonaic muid sár-iarracht agus togha na himeartha ónár gcuid imreoirí idirnáisiúnta le gairid nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Afraic Theas, Fidsí agus an Astráil ach tá aird lucht leanta rugbaí na tíre dírithe anois ar Bhabhta 8 den URC a bheas á imirt an deireadh seachtaine seo. Seans maith go mbeidh scíth á tabhairt do chuid de na himreoirí a d’imir sna cluichí fómhair an deireadh seachtaine seo ar aon chaoi.

Cúige Uladh, foireann atá sa dara háit ar an tábla, is túisce a bheas ag dul san iomaíocht anocht agus iadsan ag tabhairt faoi Zebre, foireann atá sa séú háit déag ar íochtar an tábla ar fad agus gan cluiche amháin féin slánaithe acu fós. Sea go deimhin, an seanscéal céanna maidir le Zebre, rud a fhágann nach fiú mórán a rá faoi chluiche na hoíche anocht i mBéal Feirste seachas go mbeidh bua eile le pointe bónais ag Ulaidh. Sin é.

Seans go mbeidh an port céanna againn i gcluiche an lae amárach san RDS idir Cúige Laighean agus Glaschú. Tá sé áit idir na foirne seo ar an tábla, Laighin ar barr agus Glaschú sa seachtú háit. Is deacair bua a thuar do na cuairteoirí, cé gur éirigh leo i dtrí chluiche as sé iarracht ach níor bhuaigh siad agus iad ar an mbóthar fós.

Is é cath na hoíche amárach i Luimneach idir Mumha agus Connachta, dhá fhoireann atá i gcruachás faoi láthair, rogha na gcluichí i mBabhta 8. In ainneoin an bhua stairiúil sin ar an Afraic Theas, tá Cúige Mumhan sa gceathrú háit déag ar thábla an URC, áit náireach agus áit nár chleacht siad ariamh. Sin do dhán má chailleann tú cúig chluiche as seacht n-iarracht! Is fiú a mheabhrú gur chaill na Muimhnigh i gcoinne na nUltach i mBabhta 7 agus is sa mbaile a d’imir siad an cluiche sin. Tuilleadh brú ar fhoireann Graham Rowntree.

Beidh Cúige Chonnacht, foireann nach bhfuil mórán níos fearr agus iad sa dara háit déag, ag súil gur imirt eisceachtúil a bhí san imirt a chonaic muid ó na Muimhnigh i gcoinne na Springboks ar an deichiú lá den mhí seo.

Is iad foireann an bhaile rogha na coitiantachta don choimhlint seo ach ag an am céanna tá feabhas cuimsitheach ar imirt agus ar chur chuige fhoireann na Gaillimhe. Chláraigh siad trí bhua as a chéile roimh an sos do na cluichí fómhair, ceann acu sin ar an mBóthar Beag i gcoinne na Mumhan.

Is í an tóir sin ar dhíoltas ag foireann na Mumhan is cúis leis an tsuim mhór atá sa gcluiche seo.

Fág freagra ar 'Cath Luimnigh idir Mumhain agus Connachta rogha na gcluichí'