Cás an N59 – an Eoraip an ceann scríbe a deir Marian Harkin

Dar leis an bhFeisire Eorpach Marian Harkin go bhfuil gach ar féidir a dhéanamh maidir le cead forbartha a fháil don bhóthar idir an Teach Dóite agus an Clochán déanta faoin am seo agus go bhfuil sé in am dul i muinín na hEorpa

Cás an N59 – an Eoraip an ceann scríbe a deir Marian Harkin

Má tá iarratas ar chead forbartha ar bhóthar an N59 le cur chun na hEorpa is le Comhairle Chontae na Gaillimhe an beart sin a dhéanamh.  Sin é a bhí le tuiscint ón gcaint a rinne an Feisire Eorpach, Marian Harkin, sa gClochán an tseachtain seo – agus de réir a raibh le rá ag an bhFeisire Harkin, sin é an t-aon chúrsa ciallmhar atá fanta maidir le cás an stráice bóthair idir an Teach Dóite agus an Clochán.

34 ciliméadar ar fhad atá an stráice sin agus dhiúltaigh an Bord Pleanála cead forbartha ansin bliain go ham seo.  Cúiseanna timpeallachta ba chúis le cinneadh an Bhoird faoin iarratas a bhí déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. 

An córas ar a dtugtar IROPI atá i gceist ag an bhFeisire Harkin. Is féidir leas a bhaint as an gcóras sin sa gcás go gcruthaítear go bhfuil tábhacht ar leith don phobal ag baint le forbairt tionscnaimh/infreastruchtúir agus go bhfuil cúrsaí timpeallachta ina ndris chosáin.  Má shocraítear san Eoraip, i gcás mar sin, go gcaithfear leas an phobail a chur chun tosaigh, is féidir an stádas timpeallachta a chur go leataobh.

Tá an córas seo tarraingthe anuas go minic i gcomhráite agus i ndíospóireachtaí a bhain le bóthar an N59 ach ba dheacair a bheith cinnte ón bplé sin go raibh sé de chumhacht ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a dhul i mbun an bheartais IROPI astu féin.

Cé nár luaigh Marian Harkin Comhairle Chontae na Gaillimhe ina cuid cainte, shoiléirigh sí níos deireanaí – mar fhreagra ar cheist – gur faoin lucht forbartha i gcás mar seo a bhíonn sé a dhul i mbun an chórais IROPI.  Bheadh sé ag luí le réasún go rachadh an lucht forbartha i gcomhairle le Coimisiún na hEorpa i dtosach agus an scéal a phlé leo, a deir an Feisire Harkin.

Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an eagraíocht fhorbartha i gcás an N59.

Tá an ráiteas a rinne an Feisire Marian Harkin sa gClochán cúig bliana ó shin agus í ag tagairt don N59 fanta mar chineál leasainm ar an mbóthar sin ó shin – “the worst road in Ireland” a thug sí ar an mbóthar an uair sin.   Labhair sí faoi sin sa gClochán agus í ina haoi speisialta ag ócáid an Bhaile Fiontraíochta ansin, an tseachtain seo.

Luaigh Marian Harkin go bhfuil gach ar féidir a dhéanamh maidir leis an gcead forbartha idir an Teach Dóite agus an Clochán déanta faoin am seo.  “Sílim féin gurb é an córas IROPI san Eoraip an rogha is fearr anois,” a dúirt an Feisire Eorpach.

Mhínigh sí go bhfuil 32 iarratas faoin gcóras IROPI curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh agus gur glacadh le 31 acu.  “Ach ní féidir a bheith cinnte faoin toradh a bheas ar aon iarratas ar leith,” a dúirt sí.

Ag tagairt di don stráice bóthair 15 ciliméadar – idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite – dúirt Marian Harkin go gcaithfí an cás seo a láimhsiú agus réiteach a fháil ar an scéal.  Tá cead forbartha tugtha don stráice sin ag an mBord Pleanála ach níor ghlac Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra – go dtí seo – le plean oibre Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Fágann sin nach féidir dul ar aghaidh leis an obair chuimsitheach atá beartaithe ar an stráice sin den bhóthar.

Fág freagra ar 'Cás an N59 – an Eoraip an ceann scríbe a deir Marian Harkin'