Caolseans go bhfuil deireadh leis na ceisteanna faoi íocaíochtaí Covid-19 Shinn Féin

Níor mhaise ar íomhá Shinn Féin mar ‘pháirtí na cosmhuintire’ é airgead poiblí nach raibh dlite dóibh a bheith coinnithe acu tráth a raibh cuid dá lucht tacaíochta ag triall ar bhainc bhia

Caolseans go bhfuil deireadh leis na ceisteanna faoi íocaíochtaí Covid-19 Shinn Féin

Airgead poiblí ‘ar lóistín’ i gcuntais de chuid Shinn Féin ar feadh seacht mí go dtí gur íocadh ar ais é nuair a tarraingíodh aird air go poiblí.

Is iomaí duine a thug chun cuimhne Father Ted agus ‘that money was just resting in my account’.

Bhí cothú muiníne i ndea-rialachas Stormont mar aidhm ag na polaiteoirí nuair a athbhunaíodh an Feidhmeannas agus an Tionól i mí Eanáir seo caite. Ba é cruthúnas go bhféadfaí brath ar Stormont chun airgead poiblí a láimhseáil go freagrach stuama ar mhaithe leis an leas poiblí an tslat tomhais a bhí ag an gcoitiantacht. Bhí trédhearcacht agus freagracht á n-éileamh chun a chinntiú nach mbeadh fabhar ná claontacht ag baint le caiteachas poiblí.

Níl éinne ag rá go raibh caimiléireacht ná rógaireacht i gceist nuair a íocadh airgead poiblí le trí cinn d’oifigí Shinn Féin agus le gnólachtaí. Botún a tharla nuair a bhí brú mór ar fheidhmeannaigh sa Mhárta agus san Aibreán seo caite. Ní raibh aon locht ar na grúpaí a fuair na deontais ach b’údar míshuaimhnis gach ar tharla i gcás Shinn Féin, nó an méid nár tharla ba chirte a rá.

Údar aiféaltais do Shinn Féin gan amhras ab ea é nár seoladh ar ais £30,000 den mhaoiniú a bhí dlite do ghnólachtaí beaga; £10,000 an ceann, a íocadh in earráid le trí cinn d’oifigí an pháirtí i dtús an Aibreáin seo caite.

Ní mór a rá nár iarr Sinn Féin an t-airgead ach baineadh croitheadh astu nuair a tháinig sé chun solais nár sheol siad ar ais é go dtí gur ceistíodh iad ar chlár raidió Dé Luain faoin scéal. Seoladh na deontais ar ais Dé Luain agus Dé Máirt. Ba léir gur thuig an cheannaireacht gur chlis tromchúiseach é agus cháin cruinniú d’Ard-Chomhairle an pháirtí san oíche Dé Céadaoin triúr a bhí freagrach, beirt fheidhmeannach agus an Seanadóir Elisha McCallion.

I bhfianaise mhíshástacht na hArd-Chomhairle, thairg an triúr éirí as an bpáirtí agus glacadh lena gcinneadh. Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald ar an Déardaoin go raibh an mhoill doghlactha agus ghabh sí leithscéal.

Dúirt leasUachtarán an pháirtí Michelle O’Neill freisin nach bhféadfaí glacadh leis an moill agus go raibh gníomh dearfach déanta ag Sinn Féin ina leith.

Is í Elisha McCallion an duine is sinsearaí den bhuíon a d’éirigh as. Toghadh ina Seanadóir í tar éis di suíochán Parlaiminte An Fheabhail a chailliúint in olltoghchán Westminster anuraidh. Dúirt McCallion gur íocadh an t-airgead isteach i gcuntas páirtí a raibh a hainm agus ainm a fir chéile leis, cuntas, a dúirt Mary Lou McDonald a bhain leis an oifig a bhí ag McCallion nuair a bhí sí ina feisire Parlaiminte.

Níor ainmníodh an bheirt eile, cathaoirleach an pháirtí sa Bhanna Uachtair agus oifigeach sa pháirtí i dTír Eoghain Thiar. Dúradh gur iarr Maelíosa McHugh, Teachta Tionóil Thír Eoghain Thiar, go n-íocfaí an t-airgead ar ais i bhfad siar ach nár deineadh rud air. Tá an Teachta McHugh ar Choiste na gCuntas Poiblí in Stormont.

Ba léir go raibh Sinn Féin ag súil go gcuirfeadh éirí as an triúir clabhsúr ar an scéal ach beag an seans. Tá an-chuid ceisteanna gan freagairt. Cén fáth nár deineadh tada faoin deontas a aisíoc go dtí go raibh iriseoir sa tóir ar mhíniú?

An mbeadh sé fós gan aisíoc murach an phoiblíocht ?Ar baineadh úsáid as an airgead? (Is é Sinn Féin an páirtí is saibhre sa tír, thuaidh nó theas, agus is cinnte nach raibh gá acu leis an £30,000 – ach ní féidir nár thug duine éigin faoi deara suim chomh mór le £10,000 i gcuntas).

Sinn Féin a rinne an breithiúnas faoi cérbh iad na daoine a bhí freagrach as na cuntais, ach an aontóidh an Coimisinéir um Chaighdeáin a bhfuil an cás curtha faoina bráid leo?

Tá ceisteanna thairis na cinn sin le freagairt. Ba chuid é an £30,000 sin de £4.5 milliún a íocadh trí bhotún ag tús na paindéime. Bhunaigh Feidhmeannas Stormont ciste éigeandála mar thaca le gnólachtaí beaga. D’eisigh an Roinn Eacnamaíochta na deontais £10,000 go tapa agus fuair 452 gnó ( Sinn Féin san áireamh) deontais nach raibh dlite dóibh.

Ní raibh polaiteoir ar bith i dteideal an deontais. Tuige an mbeadh? Níor chaill aon pholaiteoir a ioncam agus is cinnte nach gnólacht í oifig pháirtí. Ba í oifig na ‘Seirbhísí Talún agus Maoine’ a d’eisigh na híocaíochtaí. ’Sí sin oifig na rátaí. Bhí na híocaíochta bunaithe ar bhillí rátaí, is cosúil. Cothaíonn sé sin a thuilleadh ceisteanna. An mar thiarnaí talún a fuair Sinn Féin deontais ? An bhfuair tiarnaí talún eile £10,000 nach raibh dlite dóibh? Dúirt Arlene Foster gur chosúil go bhfuair tiarna talún a bhfuil oifig ar cíos uaidh ag Teachta de chuid an DUP an deontas £10,000 freisin agus go mbeifear á iarraidh ar ais mar atáthar ó ghnólachtaí eile.

Tá na hoifigí de chuid Shinn Féin i dTír Eoghain Thiar agus sa Bhanna Uachtarach agus Feabhal, go háirithe an péire san iarthar, ar na ceantair is boichte i dTuaisceart Éireann. Níor mhaise ar íomhá Shinn Féin mar ‘pháirtí na cosmhuintire’ é airgead poiblí nach raibh dlite dóibh a bheith coinnithe acu tráth a raibh cuid dá lucht tacaíochta ag triall ar bhainc bhia.

Beidh Sinn Féin ag súil gur ghníomhaigh siad sách sciobtha chun an dochar dá gcáil i measc a lucht tacaíochta féin a mhaolú. Má chuireann siad iarrthóir  san iomaíocht don suíochán Seanaid a bhí ag McCallion is féidir talamh slán a dhéanamh de  go n-ardófar ceisteanna faoin mbrachán seo.

Ní bheidh sé chomh furasta lucht a gceistithe in Stormont a chur ó dhoras. Bhí ceannaire an TUV, an t-abhcóide Jim Allister ag cur faobhar ar a theanga sular ghníomhaigh Sinn Féin. Fearacht baill de na páirtithe eile beidh liosta ceisteanna aige san Tionól agus sna coistí nuair a fhillfidh na Teachtaí ar Stormont i ndiaidh shaoire na Samhna.

Fág freagra ar 'Caolseans go bhfuil deireadh leis na ceisteanna faoi íocaíochtaí Covid-19 Shinn Féin'