Caitlín Maude curtha os comhair an phobail ar an Spidéal ag daltaí scoile ealaíonta

Tá íomhá den fhile Caitlín Maude déanta i bpéint dhubh ar bhosca miotail ar thaobh na sráide i mbaile beag an Spidéil i nGaeltacht Chonamara

Caitlín Maude curtha os comhair an phobail ar an Spidéal ag daltaí scoile ealaíonta

‘Ní baile beag é baile an bháis, ach is baile mór é baile beatha…’

Tá súile an fhile a chum an líne thuas ag amharc ar shaol an bhaile bhig le tamall anuas anois. Is í Caitlín Maude an file úd a bhfuil íomhá dá héadan déanta i bpéint dubh ar bhosca miotail ar thaobh na sráide i mbaile beag an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

In aice lena héadan tá a dán ‘Treall’ scríofa sa script oghaim agus ar chiumhais an bhosca tá tús dán eile dá cuid, ‘Géibheann:

‘Ainmhí mé

Ainmhí allta

as na teochreasa

a bhfuil clú agus cáil

ar mo scéimh…’

Triúr scoláirí atá ag freastal ar Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal –  Kate Ní Raghallaigh, Katie Maycock agus Joseph Keady – a chruthaigh an saothar ealaíne tarraingteach seo. Is í Kate Ní Raghallaigh a rinne an íomhá d’éadan Chaitlín Maude agus an script oghaim lena taobh, agus is iad Katie agus Joseph a chuir na focail ar imeall an bhosca. Beidh an bheirt chailíní ag gabháil isteach sa gcúigiú bliain sa mheánscoil an fómhar seo agus beidh Seosamh ag cur tús leis an idirbhliain. Iarscoláire den chuid na meánscoile céanna í Caitlín Maude agus dúirt Kate Ní Raghallaigh gur spreag an ceangal úd í chun an file a roghnú mar ábhar a pictiúir.

Dhá bhliain ó shin, i mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne daltaí na hidirbhliana i gColáiste Chroí Mhuire comóradh ar Chaitlín Maude agus í dhá scór bliain básaithe ag an am.

Mar chuid den ócáid iontach spreagúil sin, léadh dánta leis an bhfile, dúradh amhráin, tugadh a cumas féin foinn a ghabháil chun cuimhne agus casadh ceol nuachumtha ina honóir.

Tugadh le fios, chomh maith, gur le linn di a bheith ag freastal ar Choláiste Chroí Mhuire sna 1950idí a spreag a múinteoir Gaeilge, an tSiúr Ailbhe, í chun scríbhneoireachta.

Reáchtáladh an ócáid chomórtha úd mar chuid d’Fhéile Chois Fharraige 2022. Is fiú a lua go mbeidh féile na bliana seo ar bun ag tús mhí Dheireadh Fómhair.

Ba iad Coiste na mBailte Slachtmhara sa Spidéal a thug ugach do Kate Ní Raghallaigh, Katie Maycock agus Joseph Keady tabhairt faoi íomhá agus cuid de shaothar Chaitlín Maude a chur os comhair an phobail.

Chuadar ag breathnú ar phictiúir eile a rinneadh ar thaobhanna boscaí den chineál céanna i gcathair na Gaillimhe, áit a bhfuil neart samplaí áille den ealaín sráide. Thóg sé roinnt iarrachtaí orthu an saothar a chur i gcrích agus an aimsir ina constaic ar an obair ar uairibh.

Dúirt Breda Hughes ó Choiste na mBailte Slachtmhara go bhfuil ionaid eile sa Spidéal a d’fhéadfaí a mhaisiú ar an dóigh chéanna amach anseo.

Sna Doiriú i gConamara a rugadh Caitlín Maude sa mbliain 1941. D’fhreastail sí ar an Scoil Náisiúnta ar an Oileán Mór amach ón Aill Bhuí i Ros Muc, áit a raibh a máthair ina múinteoir.

An Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis agus an Mhatamaitic na hábhair ar ndearna sí staidéar orthu i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh agus bhain sí céim B.A. amach i 1962.  Chaith sí tamall ina dhiaidh sin ag múineadh scoile in áiteanna éagsúla timpeall na tíre.

Chomh maith lena cumas filíochta, bhí cáil uirthi mar fhonnadóir a raibh glór binn aici agus í ag rá amhráin amhail Curachaí na Trá Báine. Is féidir í a chloisteáil ag rá an amhráin úd agus cinn eile, agus ag aithris roinnt dá cuid dánta, ar an albam Caitlín, a d’eisigh Gael Linn i 1975 agus a bhfuil fáil air i gcónaí.

Ba í a ghlac an phríomhpháirt sa dráma An Triail, le Máiréad Ní Ghráda, nuair a cuireadh ar stáitse é den chéad uair i Halla an Damer i mBaile Átha Cliath i 1964.

Sa mbliain 1969, phós sí Cathal Ó Luain agus rugadh a mac Caomhán i 1977.

Tugtar léargas iontach ar an mbean dhosháraithe seo sa gclár faisnéise teilifíse Concerto Chaitlín Maude, a stiúir Aoife Nic Cormaic. Craoladh é ar dtús in 2005 agus tá sé le feiceáil fós ar sheinnteoir TG4.

I measc na ndaoine a roinneann a gcuimhní cinn ar Chaitlín Maude sa gclár, tá a mac Caomhán a bhí an-óg nuair a bhásaigh sí i Meitheamh na bliana 1982. “An-bhródúil”, a dúirt sé atá sé as a mháthair agus an méid a bhain sí amach i rith a saoil ghairid, agus cúis mhaith aige leis sin.

I bhfoisceacht cúpla slat de phictiúr an fhile sa Spidéal, tá dealbh an scríbhneora Máirtín Ó Cadhain agus an chuma air go bhfuil sé ag impí ar éinne a bhíonn ag dul thar bráid éisteacht.

Chaith Caitlín Maude agus an Cadhnach na blianta ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath. Bhíodh an bheirt acu gníomhach i bhfeachtais éagsúla a bhain leis an nGaeilge agus leis an bpolaitíocht san ardchathair agus in áiteanna eile.

Is i mBaile Átha Cliath atá an bheirt acu curtha – Máirtín Ó Cadhain i Reilig Chnocán Iaróm i gCrois Araild agus Caitlín Maude i Reilig Naomh Seosamh faoi bhun na gcnoc i mBóthar na Bruíne i dTamhlacht.

Tá sé ligthe i ndearmad cén úsáid go díreach a baineadh tráth den saol as an mbosca miotail ar ar chruthaigh scoláirí an Spidéil íomhá Chaitlín Maude agus cuid dá saothar. Ach tá glúin óg an cheantair ag cinntiú nach ligfear bean atá ar dhuine de mhórfhilí Gaeilge a linne i ndearmad.

Fág freagra ar 'Caitlín Maude curtha os comhair an phobail ar an Spidéal ag daltaí scoile ealaíonta'

  • Máire Uí Dhufaigh

    Alt an-spéisiúil. Go raibh maith agat a Chiaráin.

  • BnB

    Alt an-mhaith. Is iontach an nasc atá cruthaithe idir Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus na healaíontóirí Gaeltachta le blianta anuas. Baill ó Dhia ar an gCoiste Baile Slachtmhar sa Spidéal agus scoláirí, príomhoide, múinteoir Gaeilge sa scoil agus Breda Hughes atá taobh thiar den ngníomh pobail iontach seo.

    Agus ag caint ar chúrsaí litríochta sa Spidéal : b’fhiú do chuile dhuine suí istigh i Supermacs sa Spidéal agus beatha éigin a ordú agus féachaint ar an gcur i láthair faoi roinnt de laochra na háite a fheiceáil ar na ballaí.

    Tá síol curtha le borradh cultúrtha nua sa Spidéal a bhfuil an aos óg lárnach ann. Bravo do na healaíontóirí óga seo agus ar na daoine fásta atá á spreagadh.