Caithfimid déileáil leis an Rí agus an Kaiser araon

Ní cóir go bhfágfadh dímheas Boris Johnson orainn dall muid ar an tsáinn ina bhfuilimid

Caithfimid déileáil leis an Rí agus an Kaiser araon

Is léir, cinnte, go bhfuil Boris Johnson, príomh-aire na Breataine, meáite ar an mBreatimeacht faoi Shamhain – fiú ceann gan mhargadh. Go deimhin féin, is cosúil gur léir dó féin – in ainneoin an chaint leibideach a dhéanann sé faoi mhargadh úr a bhaint amach – gur Breatimeacht gan mhargadh a bheas ann.

Is léir freisin an dímheas atá aige orainne, Éireannaigh, agus ar mhuintir na hAlban freisin.

Ní thuigeann sé cén chaoi go bhféadfadh tír a bhí riamh faoi thionchar na Breataine (dar leis) bac a chur roimh a chuid spriocanna féin.

Gan dabht treisíonn an t-iompar suarach seo na hargóintí i gcoinne aon socrú a dhéanamh le Sasana, ach cé go bhfuil an ceart againn a bheith feargach faoin dearcadh nimhneach ciníoch atá ag Johnson inár gcoinne, is cóir go dtuigfeadh muid freisin gur chuidigh an cúlstad nach bhféadfaí glacadh leis le Johnson teacht i gcumhacht.

Murach an greim a bhí ag an DUP ar rialtas Westminster b’fhéidir go mbeadh méid áirithe éigin céille ag baint leis an gcúlstad, ach bhí, agus tá, an greim sin acu i gcónaí. Dá mbeadh iallach ar an mBreatain fanacht san Aontas Custam go dtí go ndéarfadh an tAE go bhféadfaidís éirí as – agus sin atá sa gcúlstad – ní Breatimeacht a bheadh ann ar chor ar bith.

Creidim go láidir gurbh í sin an straitéis a bhí ag Michel Barnier is ag an gCoimisiún

mar chuid dá n-iarracht a chinntiú go ngabhfaí siar ar thoradh an reifrinn nó go gcuirfí pionós trom ar an mBreatain le go mbeadh an scéal go léir ina cheacht soiléir d’aon tír eile a mbeadh fonn orthu a sampla a leanúint.

Ag an bpointe seo is cosúil nach bhfuil sé ar intinn ag Johnson iarracht ar bith a dhéanamh idirbheartaíocht úr a thionscnamh. Agus má dhéantar aon iarracht sa bparlaimint iallach a chur air gan imeacht gan mhargadh is cosúil go bhfógróidh sé olltoghchán – ar dháta a shocróidh sé féin.

Seans maith gur i ndiaidh an Bhreatimeachta a bheadh an toghchán.

Sa gcás sin, chaillfeadh páirtí an Lucht Oibre go trom sna ceantair lucht oibre i dTuaisceart Shasana a vótáil go láidir ar son an Bhreatimeachta toisc gur cheangail na Blairites an páirtí le dearcadh Remain.

Ach is é an rud is measa faoi ná gur léir freisin nach bhfuil tuairim ag an rialtas i mBaile Átha Cliath faoi céard a dhéanfaidh siad: go háirithe cá háit nó cén chaoi a gcuirfidh muid i bhfeidhm na seiceálacha trasteorann a bheidh riachtanach don Aontas
Eorpach ar mhaithe le sláine an Mhargaidh Aonair a chosaint.

Ag an am céanna, cé go bhfuil fearg mhór ann faoi dhímheas Johnson orainn, agus dílseacht mhór i gcónaí don Aontas Eorpach i measc mhuintir na hÉireann, is cosúil go bhfuil comharthaí beaga ann go bhfuil an tacaíocht sin ag dul i laghad de bheagán de réir mar a thuigtear go bhfuil an Breatimeacht gan mhargadh i ndán dúinn i ndáiríre.

Léirigh pobalbhreith de chuid Kantar, a foilsíodh sa Sunday Independent, go gcreideann 56% go seasfaidh an tAontas linn san idirbheartaíocht trádála i ndiaidh an Bhreatimeachta. Sin titim 6%.

Ar na hábhair is mó a spreagann míshuaimhneas tá an conradh trádála le Mercosur atá ar na bacáin anois. Tá 53% imníoch faoi thionchar an chonartha seo ar Éirinn, agus, ní nach ionadh, tá imní ar 72% d’fheirmeoirí na tíre.

Mar sin féin thug 77% le fios go rabhamar níos fearr as san AE (sin 8% níos lú ná mar a chreid amhlaidh an bhliain seo caite). Ach ní chreideann ach 68% gur chun ár leasa an bhallraíocht sin le deich mbliana anuas. Má chailleann muid go dona de  bharr an Bhreatimeachta gan mhargadh seans maith go dtitfidh an figiúr sin arís.

Faoi láthair ní fheictear do mhóramh an phobail go bhfuil aon rogha eile againn seachas fanacht dílis don AE agus creideann a lán gur teip a bhí inár neamhspleáchas.

Ach anois tá muid idir dhá thine Bhealtaine: caillfidh muid go dona má chailleann muid margadh na Breataine nó beimid arís faoi dhaorsmacht Shasana mura ngéilleann muid ar fad don Aontas Eorpach.

Is beag a chreideann go bhféadfadh muid diúltú don Bhreatain is don Eoraip araon, mar a mhol Séamus Ó Conghaile nuair a dúirt sé nach raibh sé dílis do Rí ná do Kaiser ach d’Éirinn.

Níl aon bhealach simplí as an tsáinn ina bhfuil muid ach ní leor a bheith ag maíomh go truamhéalach go gcaithfidh muid a bheith dílis don Aontas is cuma an stát úr atá i gceist nó eile.

Ach ní fheicim aon argóint – seachas an dílseacht ar son na dílseachta – i gcoinne iarracht a dhéanamh déileáil leis an mBreatain agus leis an Eoraip araon.

Fág freagra ar 'Caithfimid déileáil leis an Rí agus an Kaiser araon'

  • Concubhar O Liathain

    Eagrán eile de Racht Frith Eorpach Uí Mhurchú I dTuairisc ar maidin, lán go béal le mí-eolas agus cur I gcéill.
    Cuireann sé síos ar an gcúlstad mar rud ‘nach bhféadfaí glacadh leis’ agus mar chuid de ‘straitéis Michel Barnier’ chun pionós trom a ghearradh ar an mBreatain. Ar ndóigh.is í an Bhreatain a chum an chúlstad le teacht timpeall ar theorainn na hÉireann agus dualgaisí na Breataine i leith Thuaisceart Éireann (56% ar son fanacht san AE) is Comhaontú Alone an Chéasta (70% ar son). Tugann sé staitisticí ón Sunday Independent a léiríonn móramh ollmhór ag cur muinín san AE mar fhianaise go bhfuil maolú ar thacaíocht phobal na hÉireann don AE. Agus ansan maíonn sé gur cheart don tír seo plé leis ‘an Rí’ in ainneoin iompar suarach Johnson is an Bhreatain. Ní ann don Kaiser le fada, a Eoin Shoivéidigh, tá Aontas daonláthach cúntasach comhphobalach againn san Eoraip anois agus ní bheidh gá na teainceanna a chur ar na sráideanna mar a deineadh i bPrág.