Caithfidh Sinn Féin dul i bpáirt le ceardchumannaigh, feachtasóirí Gaeltachta agus gníomhaithe eile

Ní mór do Shinn Féin a chruthú nach ar mhaithe le bheith i gceannas amháin atá siad ach go bhfuil spéis acu freisin athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcóras polaitíochta in Éirinn

Caithfidh Sinn Féin dul i bpáirt le ceardchumannaigh, feachtasóirí Gaeltachta agus gníomhaithe eile

Mary Lou McDonald. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Léiríonn an díospóireacht theasaí sa Dáil idir Micheál Martin agus Mary Lou McDonald go han-soiléir ar fad go bhfuil deargfhuath ag Martin do McDonald agus do Shinn Féin, is nach bhfuil meas dá laghad ag McDonald ar an Taoiseach Martin.

Creidim go dtuigeann Micheál Martin go bhfuil Fianna Fáil ag imeacht go tóin poill faoina stiúir agus nach mbeidh de chuimhne air ach an té a scrios an páirtí.

Tá súil i gcónaí ag Mary Lou McDonald ar an todhchaí. Tuigeann sí freisin go bhfuil an cath idir Sinn Féin agus Fine Gael níos tábhachtaí ná achrann ar bith le Micheál Martin.

Tuigeann sí chomh maith, mar a dúirt Michael Brennan sa Sunday Business Post, nach ndéanfaidh ionsaithe Mhicheál Martin aon dochar do Shinn Féin fiú má chuireann siad bail níos seasmhaí air féin taobh istigh de Fhianna Fáil.

Ach céard is fiú é sin má tá an páirtí ag fáil bháis?

Maidir le Mary Lou, ámh, cé go bhfuil an ceart aici díriú ar an todhchaí is ar an gcath toghchánaíochta atá ag teacht, caithfidh sí a thuiscint go bhfuil jab mór le déanamh le fronta aontaithe a chruthú ar an eite chlé a bheidh in ann ní hamháin dul i gcomórtas leis an eite dheis ach an bua a fháil.

Mar ní féidir le Sinn Féin é a dhéanamh leo féin. Tá comhghuaillithe ag teastáil. Agus ní páirtithe eile amháin a theastóidh, ach, agus níos tábhachtaí fós, comhghuaillithe ó ghluaiseacht na gceardchumann, ó eagrais na tuaithe, ó ghluaiseacht na Gaeilge, ó dhaoine óga atá buartha faoin mbagairt ar an aeráid, is ó chumainn áitritheoirí is cumainn aon-aidhme eile den chineál sin.

Faoi láthair, in ainneoin an éilimh ar athrú nó athchóiriú ar an gcóras agus ar na dúshláin pholaitiúla atá romhainn, tá an lámh in uachtar i gcónaí ag an eite dheis.

Tá Fine Gael chun tosaigh ar Shinn Féin, agus tacaíocht acu ón eite dheis den Chomhaontas Glas, ó Pháirtí an Lucht Oibre is ó neamhspleáigh na tuaithe (go dtí go bhfeicfidh siadsan go bhfuil dream níos mealltaí ar fáil) gan trácht ar a bhfuil fágtha d’Fhianna Fáil.

Eatarthu sin ar fad tá os cionn 50% tacaíochta acu sna pobalbhreitheanna. Le go mbeadh seans ar bith ag an eite chlé caithfidh siad tosú anois ag caint le chéile le comhoibriú a chinntiú, ní hamháin d’imeachtaí na Dála mar atá ach don olltoghchán atá ag teacht.

Ach mar a deirim is tábhachtaí na fórsaí pobail ná na páirtithe.

Na ceardchumainn ar dtús. Bunaíodh Páirtí an Lucht Oibre ar dtús le guth polaitiúil a thabhairt do na ceardchumainn, ach is fada ó bhí an ról sin ag an bpáirtí. Go deimhin níl na ceardchumainn ar fad ceangailte le Páirtí an Lucht Oibre a thuilleadh, mar a bhíodh.

Ní dóigh liom go bhfuil páirtí nua ag teastáil, ach tá fóram riachtanach le go mbeidh na ceardchumainn in ann aontú ar pholasaithe agus cur isteach a bheith acu ar chlár oibre do rialtas de chuid na heite clé.

Mar an gcéanna le cúrsaí na tuaithe agus cúrsaí na Gaeltachta go háirithe, sin má tá eagrais Ghaeltachta agus Ghaeilge ann atá sásta dúshlán an rialtais a thabhairt.

Tá ceist na haeráide fágtha ar leataobh, ní nach ionadh ó cheangail Eamon Ryan an Comhaontas Glas leis na páirtithe coimeádacha.

Ach cé gur mionlach iad, tá daoine sa Chomhaontas Glas a bheadh sásta ról fiúntach a bheith acu i rialtas de chuid na heite clé, agus níor chóir an páirtí ar fad a chur as an áireamh díreach mar gheall ar Eamon Ryan, mar tá daoine eile sa pháirtí ar mhaith leo cóir na haeráide a cheangal leis an gcóir shóisialta.

Maidir le Fianna Fáil, bhí an taobh radacach den pháirtí sin sa ‘suíochán cúil’ le fada an lá, agus tá seans éigin ann gur féidir leo an páirtí a shábháil ón tubaiste atá cruthaithe ag Micheál Martin dó.

Tá daoine gníomhach sa pháirtí sin a bheadh níos sásta a bheith in éineacht le Sinn Féin ná le Fine Gael, agus ní cóir dearmad iomlán a dhéanamh orthusan ach an oiread.

Ach ní thiocfaidh na dreamanna seo le chéile mura gcuireann duine eicínt tús leis an iarracht, agus ó tharla go bhfuil Sinn Féin níos mó ná aon ghrúpa eile, is ar Shinn Féin atá an dualgas na céad chéimeanna a ghlacadh.

Is cinnte go mbeadh tionchar mór ag Sinn Féin ar a dtiocfadh as na cainteanna, agus gan dabht, mar is cóir, bheadh béim láidir á cur acu ar athaontú na tíre agus cearta na náisiúnaithe ó thuaidh a chosaint.

B’fhéidir nach mbeadh siad ábalta gach cuid den dream seo a thabhairt leo, ach má dhéanann siad iarracht tuigfear go bhfuil siad dáiríre, ní hamháin faoi bheith i gceannas ar rialtas ach faoi athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras polaitíochta in Éirinn.

Fág freagra ar 'Caithfidh Sinn Féin dul i bpáirt le ceardchumannaigh, feachtasóirí Gaeltachta agus gníomhaithe eile'

  • Poraic o'hEipicín

    I bhfad uainn an t-olc. Sinn Féin a bheith í gCennais ar Tír.
    Go bhfóire Dia orainn más amnlaidh a bheas.

  • MacAnRí

    SF páirtí ar eite clé!! Na bí ag magadh fút féin … is páirtí náisiúnach poblachtach go smior iad, páirtí poblachtánach a dhéanfaidh aon ní ar mhaithe le cumhacht … ní féidir muinín a bheith acu astu go deo.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tuilleadh ráiméise ar son Shinn Féin. Ceapann Eoghan Cóir gurb é an SF atá againn anois an ceann céanna a bhí ann agus é ag rith timpeall ina bhríste gairid.. Níl gaol d’aon tsórd idir SF agus an eite chlé.

  • Traolach Ó Sioradáin

    Go deimhin, tá an pholataíocht ag athrú in Éirinn. Bhí rialtais ar an eite dheis againn ó bunaíogh an Stát. Anois, tá eite clé le dealramh againn sa tír seo. An mbeidh Sinn Féin in ann an eite clé a thabhair le chéile agus ceannasaíocht a thabhairt? Ní fheadair.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá ceist na haeráide fágtha ar leataobh, ní nach ionadh ó cheangail Eamon Ryan an Comhaontas Glas leis na páirtithe coimeádacha.” Caithfidh nár bhac Eoin leis an gclár rialtais a léamh!