‘Caithfear an dlí a chur i bhfeidhm’ a deir Rí Shasana agus a dheartháir gafa ag na póilíní

Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor, deartháir rí Shasana, ar bhonn amhrais go raibh sé i mbun mí-iompair agus é fostaithe in oifigí poiblí

‘Caithfear an dlí a chur i bhfeidhm’ a deir Rí Shasana agus a dheartháir gafa ag na póilíní

Deir Rí Charles na Breataine go gcaithfear “cloí leis an dlí” agus gur údar mór “buaireamh” dó an scéala go bhfuil a dheartháir óg, Andrew Mountbatten-Windsor, gafa ag na póilíní.

Gabhadh deartháir rí Shasana ar bhonn amhrais go raibh sé i mbun mí-iompair agus é fostaithe in oifigí poiblí.

Tá líomhaintí go leor curtha i leith Andrew Mountbatten-Windsor, a bhíodh tráth ina Phrionsa, maidir leis an gcaidreamh a bhí aige le Jeffrey Epstein, fear a ciontaíodh i gcoireanna gnéis i Meiriceá agus a bhásaigh in 2022.

Tá na líomhaintí sin séanta ag mac Bhanríon Shasana.

Tá cuardach á dhéanamh ag na póilíní ar an áit a mbíodh cónaí ar Mountbatten-Windsor ann, an Lóiste Ríoga in Windsor.

“Údar mór buairimh dom an méid atá faighte amach agam faoi Andrew Mountbatten-Windsor ar bhonn amhrais go raibh sé i mbun mí-iompair agus é fostaithe in oifigí poiblí,” arsa an Rí Charles.

“Is é a tharlóidh anois ná próiseas iomlán, cothrom agus ceart faoina bhfiosróidh na húdaráis chuí go cóir an scéal seo.”

Dúirt sé go mbeadh lántacaíocht an teaghlaigh ríoga ag lucht an fhiosrúcháin.

“Déarfaidh mé go soiléir é: caithfear an dlí a chur i bhfeidhm.”

Dúirt sé nach mbeadh sé ceart aon rud eile a rá faoin scéal.

“Idir an dá linn, leanfaidh mise agus mo theaghlach orainn lenár ndualgas agus ár seirbhís daoibh ar fad,” a dúirt sé.

Níos luaithe inniu chuir Póilíní Ghleann an Thames ráiteas amach.

“Ghabhamar fear sna seascaidí as Norfolk inniu, an 19 Feabhra, mar chuid dár bhfiosrúchán agus amhras ann go raibh mí-iompar ar bun aige agus é fostaithe in oifigí poiblí agus táimid i mbun cuardaigh ag seoltaí i mBerkshire agus i Norfolk.”

“Tá an fear a gabhadh ar a choinneáil ag na póilíní faoi láthair.”

Ní gnás le póilíní sa mBreatain daoine a ghabhann siad mar chuid d’fhiosrúcháin a ainmniú sula gcúisítear i gcoir iad.

Fág freagra ar '‘Caithfear an dlí a chur i bhfeidhm’ a deir Rí Shasana agus a dheartháir gafa ag na póilíní'