Cainteoir líofa Gaeilge é an t-iarrthóir is óige atá ag seasamh san olltoghchán

Deir Tate Donnelly, atá ag seasamh don Chomhaontas Glas i gCabhán agus Muineachán, go bhfuil sé ag iarraidh ‘rogha eile a thabhairt d’óige na tuaithe’

Cainteoir líofa Gaeilge é an t-iarrthóir is óige atá ag seasamh san olltoghchán

Is cainteoir líofa Gaeilge é Tate Donnelly, an t-iarrthóir is óige go dtí seo atá ag seasamh in olltoghchán na míosa seo chugainn.

Tá Donnelly, atá 21 bliain d’aois, ag seasamh don Chomhaontas Glas i gContae Muineacháin agus Cabhán.

Tá Donnelly, arb as Baile na Lorgan i gContae Mhuineacháin dó, sa tríú bliain i gColáiste na Tríonóide agus é i mbun céim sa Mhatamaitic agus san Eacnamaíocht.

Bhunaigh Donnelly an cumann ‘Óige Ghlas Ollscoil na Tríonóide’ agus tá sé ina bhall de Chumann Gaelach na hollscoile chomh maith.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Donnelly, atá ina chónaí in árasáin ‘Gaeilge’ na hollscoile, go raibh sé ag seasamh sa toghchán chun “rogha eile a thabhairt d’óige na tuaithe”.

“Tá gá le guth glas i gCabhán agus Muineachán. Tá a lán fadhbanna againn sa dá chontae seo; fadhbanna sláinte, meabhairshláinte, fadhbanna fostaíochta agus easpa seirbhísí iompair. Ní raibh aon réiteach ag an rialtas ar na fadhbanna sin go dtí seo.

“Tá Cabhán agus Muineachán ar an dá chontae is measa sa tír ó thaobh an ráta féinbhásaithe agus is léiriú eile é sin ar an easpa seirbhísí sa cheantar,” ar sé.

Dúirt sé gur “fearg agus frustrachas” maidir leis an ghéarchéim tithíochta agus fadhbanna aeráide a rinne gníomhaí de.

“Is gníomhaí mé agus bím ag gach agóid faoi chúrsaí aeráide, tithíochta agus teanga,” a dúirt sé.

Ó thaobh na Gaeilge de, dúirt Donnelly gur gá an ghéarchéim a bhaineann leis an Ghaeilge a aithint ar an tslí chéanna a aithníodh an ghéarchéim aeráide.

“Tá muid ag caint ar an timpeallacht agus ar an nGaeilge a shábháil do na glúinte a thagann inár ndiaidh,” a dúirt sé.

Dúirt Donnelly, iardhalta de chuid Our Lady’s Secondary School i mBaile na Lorgan go ndearna sé “gach iarracht” a chuid Gaeilge a fheabhsú le linn dó a bheith ar scoil agus gur iontach an deis scéim chónaithe na Gaeilge Choláiste na Tríonóide an teanga a labhairt gach lá.

Measann Donnelly, go bhfuil “seans aige” sa toghchán má éiríonn leis daoine óga a spreagadh chun vótála.

Má thoghtar é, deir sé go ndíreoidh sé ar “shaol na tuaithe a fhorbairt don aos óg”.

“Tá daoine óga ar fud na tíre tinn tuirseach de chúrsaí, ba bhreá leo cónaí ina gceantar dúchais ach níl an rogha sin acu faoi láthair,” a dúirt iarrthóir óg Chomhaontas Glas, Tate Donnelly.

Fág freagra ar 'Cainteoir líofa Gaeilge é an t-iarrthóir is óige atá ag seasamh san olltoghchán'

  • An Teanga Bheo

    Beart de réir ár mbriatar ………ionadaíocht ar son an pobal go léir sa dáil cheantair tofa.