Cáineadh géar déanta ar Aire Stáit na Gaeltachta agus é curtha ina leith gur úsáid sé Google Translate

Chuir go leor daoine ar Twitter i leith an Aire Stáit Jack Chambers gur údar ‘náire’ agus 'masla' don teanga a bhí i dtvuít a chuir sé amach chun comhghairdeachas a dhéanamh leis an rothaí Sam Bennett

Cáineadh géar déanta ar Aire Stáit na Gaeltachta agus é curtha ina leith gur úsáid sé Google Translate

Tá cáineadh géar déanta ag daoine ar Aire Stáit na Gaeltachta as teachtaireacht Ghaeilge a chur amach ar Twitter a bhfuil an chuma uirthi gur bhain sé leas as Google Translate chun í a scríobh.

Chuir go leor daoine ar Twitter i leith an Aire Stáit Jack Chambers gur údar ‘náire’ aige dul i muinín an innill aistriúcháin uathoibríoch agus gur masla bhí ann don teanga go ndéanfadh sé a leithéid.

Cháin an páirtí Pobal Seachas Brabús an tAire Stáit chomh maith an tvuít a chuir Chambers amach ag déanamh comghairdeachais le Sam Bennett, an Tiobraid Árannach a bhuaigh geansaí glas an Tour de France.

“Comhghairdeas, @Sammmy_Be. A dhéanamh an náisiún bródúil agus ag tabhairt ardú meanman, atá go mór de dhíth, dúinn go léir. Éacht curaidh,” a scríobh an tAire Stáit Chambers ina tvuít.

Níl aon chiall le teachtaireacht Chambers i nGaeilge ach nuair a chuirtear trí Google Translate í, tá ciall leis an mBéarla: ‘Congratulations, @Sammmy_Be. Making the nation proud and giving a much needed morale boost to us all. Champion achievement’.

I ráiteas a chuir an páirtí Pobal Seachas Brabús amach faoin scéal, rinne siad cáineadh ar an “bpraiseach” a bhí déanta ag an Aire Stáit den teachtaireacht.

“Maitear botúin. Maitear foghlaimeoirí. Ach seo aistriúchán ar Ghoogle. Ó Aire na Gaeltachta.”

Dúradh sa ráiteas gur léiriú an scéala gur ceapadh duine nach bhfuil líofa sa Ghaeilge mar Aire Stáit nach bhfuil todhchaí na Gaeltachta aon tábhacht “ar chor ar bith” don rialtas agus nach féidir le haon Aire Gaeltachta polasaithe cuí a chur i bhfeidhm mura dtuigeann siad teanga labhartha an phobail lena bhfuil siad ag plé.

Tharraing tvuít Chambers raic ar Twitter chomh maith agus idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí á cháineadh.

Dúirt duine eile gur údar náire a bhí ann do Chambers go raibh Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, in ann teachtaireacht chruinn i nGaeilge a chur amach ag déanamh comhghairdeachais le Sam Bennett, ach gur theip ar Aire Stáit na Gaeltachta déanamh amhlaidh.

Chuir foghlaimeoir eile comhairle ar an Aire Stáit fanacht glan ar Google Translate amach anseo agus leas a bhaint as acmhainní eile ar líne.

Baineann conspóid go minic le húsáid Google Translate sa saol poiblí.  In 2019 chinn an Coimisinéir Teanga go raibh sárú déanta ag Comhairle Contae Chorcaí ar a ndualgas reachtúil teanga nuair a bhain siad leas as Google Translate chun ábhar buan ar a suíomh gréasáin a aistriú go Gaeilge.
Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónan Ó Domhnaill, ag an am go bhfuil ról lárnach ag áiseanna teicneolaíochta aistriúcháin sa bhfreastal a dhéantar ar phobail teanga éagsúla ach nach bhféadfaí brath ar leithéidí Google Translate i gcás na Gaeilge.

“Go nuige seo, i gcás na Gaeilge de, is minic a bhíonn an t-aistriúchán a chuirtear ar fáil ó chórais ar nós Google Translate dothuigthe, neamhbhailí, nó go dtéann teachtaireacht an bhuntéacs amú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga in 2019 gur masla” don Ghaeilge agus do lucht a labhartha é an úsáid a bhaineann comhlachtaí poiblí as Google Translate agus luaigh sé an méid sin arís ina thuarascáil.

“Ní bhíonn an téacs sa Ghaeilge a tháirgtear trí chóras meaisínaistriúcháin amháin inchurtha le caighdeán an bhuntéacs Béarla. Go deimhin, d’fhéadfaí masla a ghlacadh i gcás pobal teanga ar bith dá mbeifí ag súil go nglacfaí le haistriúcháin ar dhroch-chaighdeáin, mar a bhí le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Is measa fós an scéal nuair a bhí an suíomh in úsáid chun gnó oifigiúil de chuid an Stáit a chur i gcrích,” a dúirt Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'Cáineadh géar déanta ar Aire Stáit na Gaeltachta agus é curtha ina leith gur úsáid sé Google Translate'

  • Ní oideachas go litearthacht

    Féach nach bhfuil tvuít TG4TV mórán níos fearr: “fear na Carraige Súire”. Litriú mícheart. Comhréir mhícheart.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Is cinnte go bhfuil an teachtaireacht seo ó Jack Chambers náireach sa mhéid is gur léir gur ó Google Translate a tháinig sé. Ach is beag i nGaeilge atá ag Sinn Féin ar a suíomh idirlín le go mbeadh Ógra SF ag cáineadh an Aire as ucht droch chaighdeán a chuid Gaeilge ar an dtvuít míchlúiteach úd. Tá ráiteas breá ag Pobal Roimh Bhrabhús ar a suíomh idirlín ach gan aon léárgas ar cén duine/urlabhraí atá ag caint ann.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfidh mé a admháil nach bhfeicim céard tá cearr le ‘fear na Carraige Siúire’!!!

  • Bríd

    Cén t-iontas ach an dream atá ag plé le hOideachas Gaeltachta agus iad sa Ghalltacht? Iad gan fís don Teanga. Meithle bheaga deasa acu agus iad ag malartú ó Choiste go Coiste, ní ar son na Teanga ach í a fhágáil ar na cosa deiridh. Sin a bhuíochas de bharr teip na ROS & a n-eagraíochtaí gaolmhara atá frith-Ghaeltacht agus nach dtuigeann an cainteoir dúchais agus líofa. Tá sé thar am ag Muintir na Gaeltachta seasamh suas & labhairt amach seachas lucht oifige….ar son na Gaeilge.

  • Seán

    Seán
    Dea Ghaeilge ag teastáil….
    Tá croí maith ag Jack. Is fear cumasach é agus ní gá dó braith ar Google.
    Tá dúracht agus dian obair ag teastáil i ngort na Gaeilge!.
    Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é. Dia leis!

  • Feardorcha

    Cad tá chomh holc faoi?
    Tá níos measa feicthe agus cloiste agam ó chuid de na bobarúin atá ag leibhéal faoi. Níl sé iontach ach nach mar seo díreach a labhrann na nua-chainteoirí (táimid an-bhródúil astu, todhchaí na teanga, srl srl) lá i ndiaidh lae.

  • Déiseach

    Fear Charraig na Siúire is dócha a bhí i gceist. Ach dár ndóigh is as An gCarraig Bheag do Sam, ar an taobh ceart den abhainn. Luíonn an Charraig Bheag ar bhruach na habhann i bPort Láirge. Na Déise Abú. Maith thú Sam – Fear na Carraige Bige.

  • Seán Mag Leannáin

    Dochreidte… Gaeilge níos fearr ag Michel Barnier ná ag Jack Chambers. Agus deir Micheál Martin go bhfuil suim faoi leith ag Jack sa Ghaeilge. Jóc na njócanna!