Cáineadh déanta sa Dáil ‘ar mhoill bliana’ ar cheapadh Stiúrthóir na Gaeilge

D’fhiafraigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív den Aire Stáit Seán Kyne an amhlaidh go rabhthas ag smaoineamh deireadh a chur leis an bpost atá le líonadh ‘sna seachtainí amach romhainn’

Cáineadh déanta sa Dáil ‘ar mhoill bliana’ ar cheapadh Stiúrthóir na Gaeilge

Deir Aire Stáit na Gaeltachta gur “cinneadh mór” a bhí ann an líonfaí an folúntas do Stiúrthóir na Gaeilge ina Roinn agus nach raibh Roinn na Gaeltachta sásta an cinneadh sin a dhéanamh roimh olltoghchán na bliana seo.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne chomh maith gur cuireadh moill ar an gceapachán ina dhiaidh sin toisc go rabhthas ag fanacht ar chead ón Roinn Caiteachais Phoiblí an folúntas a líonadh.

Dúirt Kyne go raibh súil aige anois go líonfaí an folúntas roimh dheireadh na bliana seo.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh an chéad bhabhta agallamh do phost an Stiúrthóra ar siúl Dé hAoine seo caite agus go mbeidh an dara babhta ann an tseachtain seo chugainn.

Ba ar an suíomh seo a tuairiscíodh ar dtús i mí Dheireadh Fómhair 2015 go raibh Máire Killoran ag éirí as a cúram mar Stiúrthóir na Gaeilge chun tabhairt faoi phost mar Stiúrthóir an Ionaid Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

Agus ceist ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív á freagairt aige faoin ‘moill’ ar líonadh folúntais i Roinn na Gaeltachta, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil go rabhthas den tuairim ag an am gur cheart fanacht ar Rialtas nua sula ndéanfaí cinneadh cé acu an líonfaí nó nach líonfaí post an státseirbhísigh is sinsearaí a bhíonn ag plé go buan le polasaí teanga an Stáit.

Ní raibh ‘aon ghlacadh’ ag Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, le freagra an Aire.

“Bhí a fhios ag an Roinn go raibh Máire Killoran ag imeacht sular imigh sí. Ní thuigim cén fáth nár réitíodh amach san am a raibh an Roinn ag fanacht go n-imeodh sí go raibh stiúrthóir na Gaeilge le bheith ag teastáil ar aon chaoi. Ní thuigim cén cheist mhór a bhí le plé ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le líonadh phost an stiúrthóra,” a dúirt Ó Cuív.

D’fhiafraigh an Teachta Dála den Aire an amhlaidh go rabhthas ag smaoineamh deireadh a chur leis an bpost ar fad.

“Níl an tAire Stáit ag rá liomsa go mb’fhéidir [go raibh sé i gceist] go gcuirfí deireadh leis sin agus go bhfágfaí rannóg na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán taobhach le príomhoifigeach amháin, rud atá tarlaithe?”

Dúirt Ó Cuív nach leithscéal ar bith é go raibh olltoghchán ann.

“Go bhfios domsa, gach aon lá ó mhí Eanáir seo caite agus sa tréimhse roimhe sin nuair a bhí fógra tugtha aici [Máire Killoran], bhí Rialtas in áit agus bhí dualgas ar an Rialtas sin cinntí a dhéanamh. Ní leithscéal ar bith é an t-olltoghchán.

“Chuile lá le bliain anuas, nuair a bhí a fhios ag an Roinn go raibh Máire Killoran ag imeacht, bhí Rialtas in áit. Cén fáth gur thóg sé bliain, nó geall leis, an post seo a líonadh nuair atá an oiread sin oibre le déanamh ó thaobh na Gaeilge de agus nuair atá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le cur in áit?”

Dúirt an tAire Stáit go raibh ceapachán an Stiúrthóra “ar bharr a liosta” ó ceapadh é i mí na Bealtaine, ach nach raibh an Roinn sásta cinneadh a dhéanamh roimhe sin.

“I rith na tréimhse roimh an olltoghchán, agus ina dhiaidh, ní raibh an Roinn sásta cinneadh mór a dhéanamh gan Rialtas nua [a bheith] curtha le chéile agus cinneadh déanta maidir leis an bpost seo agus leis an bpolasaí a bheadh ann,” a dúirt Kyne.

Trí phost atá le líonadh faoi láthair i rannóg Gaeltachta na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta; post an stiúrthóra; post mar phríomhoifigeach; agus post mar oifigeach feidhmiúcháin.

Beidh na hagallaimh do phost an phríomhoifigigh ar siúl ar an 12 Nollaig.

Ó mhí Mheán Fómhair, níl ach príomhoifigeach amháin sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag plé go lánaimseartha le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Bhíodh triúr príomhoifigeach ag plé le cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge, ach dúirt an tAire Kyne nach raibh “aon chinneadh déanta go dtí seo maidir leis an tríú príomhoifigeach a cheapadh do rannóg na Gaeltachta”.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta sa Dáil ‘ar mhoill bliana’ ar cheapadh Stiúrthóir na Gaeilge'