Cad is cúis dáiríre leis an gcúlstop? Fonn díoltais?

Mhaígh Rialtas na hÉireann nach raibh aon rogha acu ach an cúlstad a chruthú. Is beag ciall atá leis an áiteamh sin ó thaobh an dlí de

Cad is cúis dáiríre leis an gcúlstop? Fonn díoltais?

Cúpla lá sular shínigh an dá rialtas Comhaontú Aoine an Chéasta le linn aimsir na Cásca i 1998 – cuimhnigh nár shínigh Sinn Féin ná an DUP an conradh ach an oiread – bhí sé ina raic idir páirtí an UUP agus Rialtas na hÉireann. Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh institiúidí cumhachtacha trasteorainn ag teastáil uathu, ó thaobh an chomhoibrithe. (B’in ‘Cuid II’ de na cainteanna. Bhain ‘Cuid I’ leis an dtionól agus an chomhaireacht nua in Stormont, agus bhain ‘Cuid III’ le comhoibriú idir an dá rialtas.) Chuir Tony Blair ionadh ar gach éinne nuair a ghlac sé leis na moltaí seo. Nuair a fuair David Trimble an scéal, chuir sé fios láithreach ar an Taoiseach, Bertie Ahern.

Cé go raibh Ahern i mbun ullmhúcháin do shochraid a mháthar, mhínigh Trimble dó nach bhféadfadh aon cheannaire aontachtach glacadh le moltaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha, agus ba chuma leis cén tuairim a bhí ag Blair faoin scéal. Mura raibh Ahern toilteanach diúltú dá chuid taidhleoirí féin, arsa Trimble, chaithfeadh sé na cainteanna a chur ar ceal. Thuig Ahern nár chur i gcéill é seo, agus rinne sé cinneadh athruithe bunúsacha a dhéanamh ar an bplean chun faoiseamh a thabhairt do na haontachtaithe cráite. Rinne Dean Godson cur síos ar na cainteanna sin idir Trimble agus Ahern ina bheathaisnéis, Himself Alone: David Trimble and the Ordeal of Unionism (2005):

“It was Trimble’s greatest triumph during the talks. Thomas Hennessey, a junior member of the UUP talks team, remembers Trimble drifting in and out of the party room…and opining, ‘I’ve just witnessed the ritual humiliation of the Irish Prime Minister’.”

Ná ceapadh aon duine gur thug lucht na Roinne Gnóthaí Eachtracha maithiúnas do na haontachtaithe i dtaobh na heachtra ná i dtaobh cúpla eachtra eile inar diúltaíodh do chomhairle Iveagh House. D’fhéadfaí a áitiú, agus cúis agat, gur cineál díoltais atá sa chúlstad conspóideach sin a chuir margadh Theresa May go tóin poill an tseachtain seo. D’eascair an cúlstad as naimhdeas stairiúil na Roinne Gnóthaí Eachtracha, agus as an gcinneadh a rinneadh díreach tar éis an reifrinn sa Bhreatain in 2016 díriú ar údaráis an Aontais Eorpaigh seachas an bóthar a bhualadh go dtí Béal Feirste chun margadh cuí a dhéanamh ó thaobh na teorann de. Thuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha go mbeadh sé i bhfad níos éasca a chur ina luí ar phríomhairí Mhálta, Lucsamburg agus na Cipire gur ionsaí ar bhunéirim Chomhaontú Aoine an Chéasta an Breatimeacht ná suí síos le Arlene Foster agus Sammy Wilson. Ghlac an tAontas Eorpach go huile is go hiomlán leis an bport seo. Is ait an rud é sin toisc nach bhfuil baint ar bith ag an gComhaontú féin le dlí an Aontais Eorpaigh agus ní gá ballraíocht san aontas céanna chun na hinstitiúidí trasteorann s’againne a chur i bhfeidhm. Scríobh an t-iarThaoiseach John Bruton le déanaí go mbeadh iachall ar Rialtas na hÉireann teorainn chrua a chur suas dá n-imeodh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach toisc go bhfuil iachall ar gach ballstát an teorainn sheachtrach acu a chosaint. Thagair Bruton don cháipéis Protection of EU External Borders.

Níl an scéal ceart le fáil ansin ach an oiread, áfach. Déanann an Conradh ar an Aontas Eorpach (1993) tagairt do “bheartanna cuí” chun teorannacha sheachtracha a chosaint. Is mór an tsolúbthacht a bhaineann leis an téarma sin “cuí”. Ach mhaígh Rialtas na hÉireann nach raibh aon rogha acu ach an cúlstad a chruthú. Is beag ciall atá le feiscint sa straitéis sin ó thaobh an dlí de. Scéal eile atá ann ó thaobh an díoltais de áfach.                

Fág freagra ar 'Cad is cúis dáiríre leis an gcúlstop? Fonn díoltais?'

  • Seán Mag Leannáin

    Ní dóigh liom go bhfuil bunús ar bith leis an teoiric comhcheilge seo. Is leagan eile den seanchleas sin an cárta oráisteach é an cúlstad a bhfuiltear ag baint úsáid as i láthair na huaire i bparlaimint na Breataine chun áit ceannasach na nAontachtóirí a choinneáil slán.