Cad é atá ar bun dáiríre ag Micheál Martin?

Ní gan dua a chuirfidh Micheál Martin ina luí ar a pháirtí, agus ar an bpobal, go ndearna sé an rud ceart nuair a rinne sé comhaontú gan chúiteamh le Fine Gael

Cad é atá ar bun dáiríre ag Micheál Martin?

Micheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie

Mar is eol do gach dlíodóir, teastaíonn trí rud chun margadh a dhéanamh i gceart.

1. Tairiscint. 2. Glacadh. 3. Cúiteamh.

Cé nach margadh de réir dlí a rinne Fianna Fáil le Fine Gael an tseachtain seo, agus síneadh ar an gcomhaontú muiníne agus soláthair le Fine Gael fógartha ag Micheál Martin, ní foláir é a bhreithniú de réir na bprionsabal céanna.

Chaith ionadaithe an dá pháirtí beagnach mí agus an comhaontú a shínigh siad tar éis an olltoghcháin in 2016 á phlé acu. Tugadh le fios gur ag breathnú siar ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe a bhí siad. Ní raibh polasaithe ná beartais a chuirfí i bhfeidhm dá leanfaí leis an gcomhaontú pléite fós.

Thug urlabhraithe ón dá pháirtí le fios faoi dheireadh go mbeidís ag plé síneadh an chomhaontaithe idir sin agus an Nollaig ar a laghad. Bhí Leo Varadkar mífhoighneach. Dúirt sé gur chóir go mbeadh an obair déanta agus ábhar comhréitigh á phlé. 

Chuir an Taoiseach moilleadóireacht i leith Fhianna Fáil ach ní raibh aon dul as aige ach a bheith foighneach. Bhí cruinniú aige le Micheál Martin deich lá ó shin leis na cainteanna faoin gcomhaontú a phlé. Focal níor dúradh ina dhiaidh sin faoin gcéad chéim eile, céim a fógraíodh gan choinne Dé Céadaoin.

Dúirt Micheál Martin le hiriseoirí i dTeach Laighean go leanfaí leis an gcomhaontú le Fine Gael go dtí earrach na bliana 2020. Fiafraíodh de céard a d’iarr Fianna Fáil mar chúiteamh ar thréimhse tacaíochta breise, agus céard a thairg Fine Gael.

Nuair a dúirt Micheál Martin nár iarr a pháirtí oiread agus beartas amháin nó athrú amháin ar chur chuige an rialtais, agus nár tairgeadh a leithéid, bhí na hiriseoirí amhrasach. Leath an t-amhras ar fud na tíre sula i bhfad.

Is mar gheall ar an mBreatimeacht a gheall Fianna Fáil tacaíocht don Rialtas ar feadh breis agus bliain, a dúirt sé leis na hiriseoirí agus ag cruinniú de bhinse tosaigh a pháirtí (níl an cinneadh pléite fós aige leis an bpáirtí parlaiminte). 

Theastaigh seasmhacht go géar i mBaile Átha Cliath, a dúirt Micheál Martin, mar gheall ar an éiginnteacht a chothaíonn an Breatimeacht, agus go háirithe toisc cúrsaí polaitíochta sa Bhreatain a bheith ina gcíor thuathail. 

Tá amhras ort, a léitheoir dhil? Ortsa agus ar mhórán eile. Cuimhnigh arís ar gach a theastaíonn chun margadh a dhéanamh. Tairiscint, cúiteamh agus glacadh.

Tá tacaíocht leanúnach don Rialtas tairgthe ag Fianna Fáil. Tá glactha ag Fine Gael lena dtairiscint. Ach níl cúiteamh faighte ná fiú iarrtha ag Fianna Fáil. Ergo, ní féidir margadh a thabhairt ar an socrú seo.

Tá síneadh an chomhaontuithe cáinte cheana féin ag an Teachta Dála John McGuinness agus beidh go leor Teachtaí Dála eile ar aon tuairim leis nuair a phléifear an scéal ag cruinniú den pháirtí parlaiminte Dé Céadaoin seo chugainn. Dar le McGuinness go bhfuil Fianna Fáil á lochtú mar gheall ar pholasaithe an Rialtais agus gur leor sin mar chúis chun deireadh a chur leis an gcomhaontú.

Is léir nach bhfuil cosaint cheannaire an pháirtí ar a ndearna sé sách sásúil. D’fhéadfaí margadh a dhéanamh ina mbeadh beartais nua rialtais ann chomh maith le geallúint tacaíochta a dheimhneodh seasmhacht an Rialtais. Níl an dá aidhm ag teacht salach ar a chéile.

Ní gan dua a chuirfidh Micheál Martin ina luí ar a pháirtí, agus ar an bpobal, go ndearna sé an rud ceart agus comhaontú gan chúiteamh a thairiscint aige d’Fhine Gael.

Níl riachtanais an Bhreatimeachta sásúil mar chúis, ná mar leithscéal. Níl ach cúis amháin inchreidte.

Seachaint toghcháin.

Fág freagra ar 'Cad é atá ar bun dáiríre ag Micheál Martin?'

  • Eoin O Murchu

    Alt ar dóigh. Tá an míniú ceart ag an scríobhneóir.