Cad atá ag teastáil sa tsraith ó na bainisteoirí éagsúla? 

Tosaíonn an tsraith um thráthnóna agus Cill Chainnigh ar an mbóthar chuig Aontroim agus níos déanaí beidh Laois ag tabhairt sciuird ar Staid Semple

Cad atá ag teastáil sa tsraith ó na bainisteoirí éagsúla? 

Derek Lyng. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Bhí chuid mhaith gearán faoi chaighdeán cuid maith de na cluichí sraithe anuraidh agus roinnt de na saoithe ag rá nach raibh mórán fiúntais in aon chor i gcomórtas na sraithe. Dar ndóigh bhí faobhar leis an imirt i gcorrchluiche ach bhí roinnt mhaith cluichí eile nach raibh thar moladh beirte.

Bhí caint ann go raibh Luimneach ag cúlú agus nach mbeidís chomh maith i mbliana is a bhíodar le roinnt blianta anuas. Agus bua acu i gcluiche ceannais  na sraithe, bhí an-dóchas i bPort Láirge go mbeidís ann nuair a thiocfadh am na cinniúna sa chraobh. Sa Chlár freisin, i ndiaidh a gcluiche sraithe i gcoinne Luimnigh bhí dóchas ann go mbeidís láidir ag teacht chuig an deireadh.

Ach nuair a tháinig séasúr na craoibhe, bhí sé soiléir gan mhoill gur beag rún a scaoileadh i rith na gcluichí sraithe agus nár thug an comórtas sraithe mórán eolas cruinn dúinn faoin gcomórtas craoibhe.

Ach é sin go léir ráite, bhí sé soiléir go leor ón tinreamh ag na cluichí réamhshraithe go bhfuil suim ag an lucht leanúna freastal ar na cluichí agus a dtacaíocht a thabhairt dá gcontae. Cad é mar shlua agus oíche a bhí i Loch Garman le déanaí don chluiche eatarthu féin agus Cill Chainnigh. Bhí cúpla míle duine i bPáirc Uí Rinn don chluiche idir Corcaigh agus Luimneach agus beagáinín níos lú idir an fhoireann baile agus Tiobraid Árann san ionad céanna an tseachtain dár gcionn.

Ach is é críoch agus deireadh na mbeart go bhfuil na bainisteoirí éagsúla ag úsáid na gcluichí sraithe chun an painéal is láidre ar féidir a ullmhú don chraobhchomórtas.

Tá cúigear bainisteoirí nua (níl mórán nua ag baint leis an chuid is mó díobh) agus mórán le foghlaim acu faoi imreoirí roimh thosach shéasúr na craoibhe. Tosaíonn an t-aicsean um thráthnóna agus Cill Chainnigh ar an mbóthar chuig Aontroim agus níos déanaí beidh Laois ag tabhairt sciuird ar Staid Semple.

Ach is dócha gur i bPáirc Uí Chaoimh a bheidh ceann de choimhlintí móra an lae agus seaimpíní na hÉireann, Luimneach ar cuairt. Tá difríocht mhór idir an dá contae ó thaobh meoin agus spriocanna ag an bpointe seo sa séasúr. Ag an tráth seo anuraidh bhí Luimneach pas beag taobh thiar ó thaobh traenála de.

Ní dóigh liom gurb amhlaidh atá siad i mbliana.

Tá mórán eolais ag John Kiely faoi chreatlach a phainéil. Tá sé ag lorg duine nó beirt le cur leis an gcéad ochtar déag atá aige. Dar ndóigh ba mhaith leis corrchluiche a bhuachan freisin!.

Maidir le bainistíocht Chorcaí, bhuel tá Pat Ryan ar an stiúir den chéad uair. Beidh air a cheird a fhoghlaim, iarracht a dhéanamh painéal láidir a bheith pioctha aige roimh thosach na gcluichí craoibhe agus ag an am céanna, muinín a chothú i measc a chuid imreoirí le cúpla dea-thaispeántas – agus dar ndóigh cúpla bua. Bheinn ag súil le tosach dearfach anocht.

Níos luaithe tráthnóna, beidh an Ghaillimh ag tabhairt faoi Loch Garman i bPáirc Chadwicks Loch Garman. Mar bhónas anseo beidh Corn an Bhreathnaigh á bhronnadh ar an mbuaiteoir. Caithfidh go raibh Henry Shefflin sásta go leor lena chéad bhliain leis an nGaillimh. Faoin tráth seo tá i bhfad níos mó eolais aige agus bheinn ag súil go mbeidís fós ina seasamh agus mí Iúil againn.

Amárach beidh an Iarmhí ag taisteal chuig Páirc Uí Chíosóg in Inis. Ar ndóigh cuirfear fáilte ansin rompu ach ní bhfaighidh aon rud go héasca ón bhfoireann baile.

Tá Port Láirge sa bhaile i  bPáirc Uí Fhearchair agus Áth Cliath faoi Micheál O’Donoghue ag teacht chucu. Níl aon dabht ach go mbeidh an dá fhoireann bainistíochta agus na himreoirí ag iarraidh taispeántas maith anseo agus cúpla pointe mar bónas.

Fág freagra ar 'Cad atá ag teastáil sa tsraith ó na bainisteoirí éagsúla? '