Ag labhairt dó ar an athrú cló a cuireadh i bhfeidhm ar scríobh na Gaeilge, dúirt an tOllamh Declan Kiberd sa leabhar Inventing Ireland: ‘The graft of Victorian-Edwardian values onto the emerging Ireland which they ill-fitted can be seen in the idiotic imposition of English lettering where once Gaelic characters had been used to write Irish (rather reminiscent of those educators in independent Algeria who preferred the Latin to the Arabic alphabet).’
Cuid lárnach den seanchló (sean-chló) ab ea an fleiscín, ach beartaíodh é a dhíbirt as a lán leaganacha scríofa nuair a tugadh isteach an Caighdeán Oifigiúil (CO) ag deireadh na gcaogaidí. B’ionann díbirt an tseanchló agus díbirt an fhleiscín, cuid mhaith, más ea.
Ba chuma liomsa leithéidí ‘An t-Oileánach’ á athrú go ‘An tOileánach’ agus ceannlitir i gceist, ach is mór is trua liom leithéid ‘mo mhála-sa’ á chealú agus ‘mo mhálasa’ á mholadh ina áit.
Ní mholtar fleiscín a úsáid sa CO anois ach amháin nuair a bhíonn an consan céanna i gceist faoi dhó: ‘Bhíos-sa’, ‘bheidís-sean’, ‘mo thuras-sa go dtí an (t-)oileán’, ‘tar éis mo bháis-sa’, ‘ár gceann-na’ (‘an ceann s’againne’ na Muimhneach) – agus féach go bhfuil ceann nó dhó de na leaganacha sin féin taobh amuigh den CO.
Is léir ach labhairt le cainteoirí dúchais thall is abhus gurb é an seanchóras is fearr leis an gcuid is mó de dhaoine, go háirithe agus an iarmhír threise i gceist, mar atá thuas le ‘mo mhála-sa’. Mar a chéile an seasamh atá ag bunáite na bhfoghlaimeoirí a fuair a gcuid scolaíochta i nGaeilge i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile faoin tír sna caogaidí agus sna seascaidí.
Mar a dúrt cheana, fágann an éiginnteacht atá cruthaithe ag an gcaighdeán go bhfuil an bonn bainte, cuid mhaith, den tsiúráil chultúir agus den fhéinmhuinín a d’fhéadfadh a bheith ag baint le pobal na Gaeilge ach a bhíonn in easnamh air go minic.
Ó thaobh na teanga scríofa de, is minic gur a leithéid seo a bhíonn mar thoradh air sin: ‘sean chóras’, ‘sár sheirbhís’, ‘fíor bhinneas’, áit nach bhfuiltear sásta aitheantas iomlán a thabhairt do cheachtar den dá chóras atá againn, mar atá, an ceann nua (‘seanchóras’) ná an seancheann (‘sean-chóras’).
Cuma mhíshlachtar a bhíonn ar leithéidí ‘sean chóras’, dar liom, agus más mian le duine imeacht de bheagán ón gcaighdeán agus an ‘idir eatarthu’ sin a sheachaint, is fearr an fleiscín a chur ann agus fonóta a scríobh ag treorú an léitheora go dtí an litriú caighdeánach. Tá de bhuntáiste ag an bhfleiscín céanna gur túisce a aithníonn an tsúil an focal atá i gceist, dar liom, agus b’in é an bua ba mhó a bhain leis.
Mar a deirim, is nuair a bhítear ag plé leis an iarmhír threise – leithéid ‘mo mhála-sa’ etc – is mó a théim féin i muinín an tseanchórais, agus cuirim an litriú caighdeánach i ndiaidh an fhocail idir lúibíní: mo mhála-sa (CO: mo mhálasa). Is fusa ansin focail ar nós ‘ár máistir-ne’ agus ‘a bpáiste-sean’ a aithint agus a léamh. Más mian le duine go rachfaí níos faide leis an scéal, áfach, tá an tsaoirse sin aige, agus tá dea-shampla tugtha ag roinnt foilsitheoirí le tamall de bhlianta ó thaobh leaganacha bailí canúnacha a cheadú an athuair, foirmeacha lena ngabhadh an fleiscín san áireamh. Chaithfí An Béal Beo Thomáis Uí Mháille, a chóirigh an tOllamh Ruairí Ó hUiginn agus a d’fhoilsigh an Gúm in 2002, a chur leis an liosta sin ó thaobh láimhseáil na canúna de.
Cé go mbíodh a leithéid ag Séamus Ó Grianna, is ag na Muimhnigh is mó a bhíonn leaganacha mar ‘ár máistir-ne’ sa lá inniu, bíodh is go gcloisfí, leis, ‘an máistir s’againne’ (CO: seo againne) ó dheas.
Focal seanfhaiseanta é ‘máistir’ faoi seo, ar ndóigh, ach chloisfí caint i gcónaí i gCois Fharraige agus sna hOileáin ar ‘an múinteoir s’ainne’.
‘An múinteoir sin a’ainne’ a deirtear i Ros Muc agus in Iorras Aithneach, áit a ndeirtear ‘sin’ seachas an leagan ciorraithe de ‘seo’. Sa dá chás, áfach, is ar an bhfocal ‘a[g]ainne’ a chuirtear an bhéim leis an nguth.
Maidir leis an leagan eile a luas ó chianaibhín, ‘a bpáiste-sean’, is minic ‘a bpáiste siadsan’ (nó ‘a ngasúr siadsan’) ag dea-chainteoirí i gConnachta, is é sin, nuair a imítear ó leithéid ‘a bpáiste féin’ nó ‘a bpáiste siúd’. Tabhair cluas do Ruairí Mac Con Iomaire ar Nuacht TG4 nó caith do shúil ar scríbhinní Ghearóid Denvir agus ní bheidh tú gann ar shamplaí den chineál sin.
Is léir, mar sin, ach cuimhneamh ar chuid de na leaganacha seiftiúla thuas, go bhfuil bealaí le ‘dalladh’ na heaspa fleiscín sa chaighdeán a sheachaint – ach féach arís gur ‘siad-san’ a bhí ag ár muintir agus ár seanmhuintir romhainn, seachas ‘siadsan’.
Cé is moite de chomhthéacs an chaighdeáin agus na canúna, ní miste cúpla focal a rá faoi chúrsaí ríomhaireachta, faoi mar a bhaineann siad leis an bhfleiscín. An té a úsáideann brabhsálaí ar leith agus a sheolann téacs lán fleiscíní chuig duine eile ar ríomhphost, ní i gcónaí a thugtar slán na fleiscíní sin nuair a bhaineann an cháipéis sin an dara duine amach.
Ní haon dochar a bheith san airdeall ar an lúb ar lár sin agus leagan ‘fáiscthe’ nó ‘comhbhrúite’ a dhéanamh den cheangaltán más gá – ‘zipchomhad’ na ríomhaireachta.
Labhair mé ar cheist an chló i dtús an ailt; ní miste a rá gur féidir dul i dtaithí ar an seanchló Gaelach agus fiú más aduain leat cuid den seanlitriú i dtosach báire, ní bheidh tú i bhfad ag teacht isteach air.
Tá dalladh seanleabhartha ar díol sa chló Gaelach faoi láthair ar shuíomh idirlín an tSiopa Leabhar, agus tá roinnt seod ag Cumann Staire na hAbha Báine ar shaothair fhilí na Mumhan, áit ar féidir ábhar fuaime a fháil de Bhoscó Ó Conchúir ag léamh na saothar sin os ard.
Lena chois sin go léir, tá achoimre shnoite déanta ag Anders Alqvist i leabhar breá eile, Stair na Gaeilge, ar a raibh d’athruithe i gceist nuair a imíodh ó chóras litrithe Uí Dhuinnín go córas litrithe Uí Dhónaill.
Más córas níos ‘simplí’ atá anois againn agus fáilte roimhe ar an mórgóir, cuireann idir sheanchló agus seanlitriú iachall ort gutaí cúnta a fhuaimniú agus tú ag léamh. Ní beag sin – ná ní deacair an dá thrá a fhreastal.
Comhairle mhaith!
An ndéarfadh cainteoir dúchais, comhairle ghramadaí?
Máire Úna Ní Bheaglaoich
A leithéid de rud…nì dhéanfaidh so aon mhaitheas ach díobháil.Mo mhála-sa is fearr go bhfuil ciall leis Agus maidir le deireadh a chur leis an bhfoirm táite.. dheineamar …Sin deireadh le Gaelainn na Mumhan..cé gur comhgaraí í don seana-Ghaelainn Tá dhá rogha agam.. sruth mallacht a chur i ndiaidh na gceartaitheoirí….nó éad agus impiriúlacht cultúrtha a chur ina leith.Tá straidhn millteach orm. .
Colmán Ó Raghallaigh
Alt breá ciallmhar ach an bhfuil aon duine ag éisteacht?
Séamas Mac Coitir
D’fhoghlaim mé an seanchló gaelach sa bhunscoil i ndaicheadaí na haoise seo caite. Bhí drogall orm glacadh leis an gcló rómhánach ar dtús ach tháinig mé isteach air de réir a chéile. Fonn a níos fiach.
Ghlac mé go fonnmhar leis an litriú nua agus an caighdeán oifigiúil mar gur cheap mé gurb é sin an bealach a b’fhearr chun an Ghaeilge a shlánú. Is féidir liom aon leabhar leis gcló gaelach a léamh gan stró foclóir an Duinnínigh san áireamh. Go deimhin, bhí sé ceart agus cóir an caighdeánú a dhéanamh nuair a tionscnaíodh é.
Bím ag éisteacht le Raidió na Gaelteachta go síoraí seasta, dá réir sin, tuigim na canúintí éagsúla. Ba mhaith liom a rá gan frap gan tapa go bhfuil an stór focal atá ag a lán de na cainteoirí dúchais an-teoranta. Ní á lochtú atá mé ach mar mhíniú ar staid na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Tá mo dhóthain ráite agam an babhta seo.
file
Tá mé ag éisteacht … agus is beag alt de chuid Hickey nach bhfuil ciall leis.
Tá “s’againne” againn ó thuaidh fosta, agus is fánach an gliomach a scríobhfadh “leis-sean” an Chaighdeáin de rogha ar “leisean”.
Máirín Nic Dhonnchadha
Bhain mé an-sásamh as an alt seo! Bíonn daoine seasta síoraí ag scrios amach mo chuid fleiscíní cé go mbím ag iarraidh a chur ina luí orthu nach ceist ghramadaí í seo ar chor ar bith ach ceist stíle. Uaireanta oibríonn an argóint sin… ach creidim go ndéanann sé níos mó céille litriú na Gaeilge a dhéanamh níos soléite seachas níos liopasta, go háirithe agus na hiarrachtaí atá ar siúl le daoine a mhealladh le níos mó leabhair Ghaeilge a léamh.
Gráinne
Nach fiú iad na giorrúcháin má táthar ag iarraidh go léifear níos mó sa Ghaeilge? Beidh na leabhair níos giorra gan na fleiscíní 😛