By Dad ach beidh muid in ann a bheith ag boxáil faoi Cháisc…

Tá soláthraí na n-uibheacha seacláide i bhfad níos gaire do bhaile ná mar a shílfeá

By Dad ach beidh muid in ann a bheith ag boxáil faoi Cháisc…

‘An bhfuil a fhios agat cén sórt ubh chásca a gheobhaidh muid ón gCoinín i mbliana, Mamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus an cosán caol abhaile in aice na tráchta á shiúl againn tráthnóna le deireanas.

‘Is dóigh nach bhfuil a fhios ag aon duine cén sórt uibhe a gheobhaidh sibh,’ a dúirt mé go machnamhach agus mé ag iarraidh cuimhneamh cén uair a gcuirfinn an t-ordú isteach leis an gcreimire draíochta.

‘Fan isteach ón mbruach!’ a bhéic mé ar an mBabaí agus cúrsa na slat á rith aige agus é imithe i bhfad chun cinn orainn.

‘Tá a fhios againn cén ubh a bheidh ann,’ a dúirt mo chomrádaí liom agus ríméad uirthi.

‘By Dad,’ a dúirt mé agus rith sé liom gur aisteach an rud é go bhfuil mé tosaithe ag rá rudaí ar nós ‘by Dad’.

‘By Dad’, agus meas tú cén uair ar thosaigh mé air sin?

Thosaigh mé ar bhogshodar ag iarraidh breith ar an mBabaí sula dtiocfadh sé chomh fada leis an gcéad áit eile go mbeadh an bóthar le trasnú. ‘Fan ag an gcoirnéal!’ a bhéic mé suas an bóthar air (gan dínit), is mo chroí i mo bhéal.

Is dóigh go bhfuil a fhios aige faoin am seo gan imeacht trasna dá mbeadh carr ag teacht, ach níl mé ag dul sa seans ón lá ar sciorr sé amach roimh jíp ag an gcrosbhóthar is gur thosaigh an jíp ag imeacht. Chonaic an tiománaí muid ag an nóiméad deireanach is stop sí, ach níl mé i gceart ó shin.

‘Ubh Chásca le miotógaí dornálaíochta a bheidh an coinín a thabhairt chugamsa i mbliana,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga agus í meáite ar chomhrá na n-uibheacha a thabhairt go ceann scríbe ar ais nó ar éigean.

Luaigh mé cheana go bhfuil mé faoi chonradh ag Coinín na Cásca. B’fhéidir go gcuirfeadh sé seo iontas ort, ach cé gurb é an creimire Cásca a luaitear le soláthar agus seachadadh na n-uibheacha, níl aon bhaint aige leis an scéal. Go deimhin, tá soláthraí na n-uibheacha seacláide i bhfad níos gaire do bhaile ná mar a shílfeá.

‘Beidh sé ag tabhairt miotógaí dornálaíochta chugamsa mé fhéin,’ a dúirt an Babaí agus a aird tarraingthe sa deireadh ón rás ráibe abhaile.

‘Tá sé iontach,’ arsa Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘beidh muid in ann a bheith ag boxáil faoi Cháisc,’ a dúirt sí, agus faitíos uirthi go gceapfainn go mbeidís gann ar chaitheamh aimsire thar shaoire na Cásca.

Bhí rudaí ag imeacht ó smacht. Chaithfinn gníomh práinne a dhéanamh go beo. ‘Chomh fada le mo bharúil,’ a deir mé, ‘ní hin é an chaoi a n-oibríonn coinín na Cásca. Níl sé ar nós Santaí, bíodh a fhios agaibh.’

‘Tá’s a’m,’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘ach, scaití, má chuimhníonn tú ar an ubh atá tú a iarraidh, is má chuireann tú do mhéaracha trasna ar a chéile, oibríonn sé. D’oibrigh sé domsa anuraidh.’

‘D’oibrigh,’ a dúirt an Babaí go dúthrachtach, ag aontú léi.

‘By dad,’ a deir mé féin.

Fág freagra ar 'By Dad ach beidh muid in ann a bheith ag boxáil faoi Cháisc…'

  • Pól Ó Braoin

    An ubh chásca curtha ar an liosta rudaí le déanamh, by dad…