‘Buiséad an bhéalghrá’ – €5.5 billiún breise le caitheamh ag an Rialtas, €5 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Údar díomá ab ea an soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2019, dar le polaiteoirí an fhreasúra agus Conradh na Gaeilge. €67.5 milliún a bheidh le caitheamh ag Roinn na Gaeltachta le hais €62.6 milliún anuraidh

‘Buiséad an bhéalghrá’ – €5.5 billiún breise le caitheamh ag an Rialtas, €5 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Pictiúr: Eamonn Farrell / RollingNews.ie

As an mbreis is €5.5 billiún breise atá le caitheamh in 2019, níl ach €5 milliún curtha ar leataobh do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán – léiriú, dar leis an bhfreasúra gur ‘béalghrá’ amháin a bhíonn ar siúl ag an Rialtais i dtaobh na teanga.

Údar díomá ab ea an soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2019, dar le polaiteoirí an fhreasúra agus Conradh na Gaeilge. Cé gur fháiltigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh roimh an méadú sa chiste, ghéill sé nach raibh sé féin “sásta” gur leor an t-allúntas breise is mó a fógraíodh do chiste na teanga inné – €2 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty gur “mhasla” an céatadán “suarach” de chaiteachas an Stáit a bhí le caitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta an bhliain seo chugainn.

Dúirt Doherty sa Dáil gur “tubaisteach a laghad infheistíochta” a bhí á dhéanamh sa teanga tráth “cinniúnach” a raibh “géarchéim” sa  Ghaeltacht agus í “i mbaol an bháis”.

Bhí sé thar am “deireadh a chur leis an bhéalghrá agus dul i ngleic leis an gcreimeadh teanga”, a dúirt sé.

Dúirt an t-eacnamaí Seán Byrne, a rinne taighde do Teacht Aniar ar chaiteachas an Stáit ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ó thús na mílaoise, go raibh an caiteachas sa réimse sin “ar ais mar a bhí sé roimh an ngéarchéim eacnamaíochta i dtéarmaí céatadán den chaiteachas iomlán”.

“Ní fíor-ardú é sin áfach mar gheall ar an ardú ar phraghsanna agus costais agus ní hionann é agus fíor-acmhainní don Ghaeltacht agus Ghaeilge. Rinneadh gearradh siar níos géire ar an teanga agus an Ghaeltacht le linn na géarchéime i gcomparáid leis an ngearradh siar a rinneadh ar na healaíona agus an cultúr.

“Ceapaim go raibh cás ann go n-ardófaí an caiteachas Gaeltachta agus Gaeilge níos mó chun cúiteamh a dhéanamh ar an ngearradh siar mór a rinneadh le linn na géarchéime,” a dúirt Seán Byrne le Tuairisc.ie.

Dúirt Byrne gur “beag an méid an €2 milliún breise atá a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus an €600,000 atá le cur i dtreo na pleanála teanga i gcomparáid leis an méid atá ag teastáil chun difear suntasach a dhéanamh”.

€4.9 milliún breise san iomlán a fógraíodh i mBuiséad 2019 don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, €67.5 milliún le hais €62.6 milliún anuraidh.

Seachas ardú €2 milliún i mbuiséad Údarás na Gaeltachta agus €1.5 milliún d’fhorbairtí ar Thoraigh agus ar oileáin Árann, níl ach €1.4 milliún de chaiteachas breise le déanamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta an bhliain seo chugainn. San áireamh ansin tá €600,000 milliún breise don don phleanáil teanga. 

€13.323m atá le cur ar fáil don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – in 2019, laghdú ar an €14.028 milliún a cuireadh ar fáil don Fhoras Teanga i mBuiséad 2018.

Ba lú go mór an céatadán de mhéadú ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán ná an céatadán i gcás na rannóga eile sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Méadú 15% a bhí i gceist i gcás cúrsaí oidhreachta agus méadú 13.5% a bhí i gceist do chúrsaí ealaíon, i gcomparáid le méadú 8% do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán.

Murab ionann agus Foras na Gaeilge, ardú a bhí i ndán don Chomhairle Ealaíon a mbeidh 10% níos mó le caitheamh acu an bhliain seo chugainn.

13.6% den airgead breise a fuair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a cuireadh i dtreo chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Tá Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra ag iarraidh go gcuirfí sruthanna maoinithe eile ar fáil don teanga ionas nach mbeidh an Ghaeilge thíos leis an bhfolús polaitiúil in Stormont.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh leid tráthnóna inné go raibh sé sásta a mhachnamh a dhéanamh ar na moltaí sin.

Cé gur chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an soláthar breise don Ghaeltacht, ní mó ná sásta a bhí urlabhraithe Gaeilge an fhreasúra agus Conradh na Gaeilge leis an méadú ar bhuiséad na teanga.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus na Gaeltachta Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur léiriú an Buiséad ar mheon an Rialtais “nach ann don Ghaeilge”.

“Ó thaobh na Gaeltachta de, buiséad an-díomách ar fad atá ann. Tá an Ghaeltacht fágtha ar leataobh. Ní raibh sí fiú luaite ina óráid ag an Aire Airgeadais. Taispeánann sé nach ann don Ghaeilge, dar leis an Rialtas.

“Bhí €4 mhilliún nó mar sin d’ardú ar an chaiteachas Gaeltachta anuraidh agus €4 mhilliún nó mar sin ardú atá ann arís i mbliana. Tá an chuid is mó den airgead á chaitheamh ar chultúr agus ar chúrsaí oidhreachta agus is beag atá ag dul chun na Gaeltachta.  

“Fuair an tÚdarás €2 mhilliún d’airgead caipitil agus tá rud éigin ann do chomharchumainn na Gaeltachta. Glacaim leis gur thart ar €10,000 míle in aghaidh an chomharchumainn atá i gceist, rud atá an-lag ar fad. Tá €60o,000 breise ann don phleanáil teanga, sin airgead do shé phlean teanga,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív.

Dar leis an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, Cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, nár leor an “t-ardú beag” d’Údarás na Gaeltachta i bhfianaise na gciorruithe breis is 30% a rinneadh ar bhuiséad caipitil na heagraíochta ó 2009 agus i bhfianaise “na géarchéime teanga sa Ghaeltacht”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur léirigh an buiséad seo “níos mó ná riamh, an gá atá ann le hAire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht laistigh den Rialtas” agus dúirt an eagraíocht nár tugadh “cothrom na Féinne” do phobal na teanga.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín go raibh gá le gníomh ‘stairiúil’ sa Bhuiséad chun dul i ngleic le géarchéim teanga na Gaeltachta, ach nár amhlaidh a tharla.

“Is léir go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht in áit na leathphingine – níl ach leath den airgead á chaitheamh ag an rialtas i mbliana ar an earnáil seo is a bhí in 2008.

“Is am criticiúil agus leochaileach é dár dteanga náisiúnta. Is gá iarrachtaí móra a dhéanamh le stop a chur le creimeadh teanga agus meath na Gaeltachta. Ach níl an caiteachas rialtais ag léiriú an riachtanas atá ann infheistiú straitéiseach a dhéanamh.”

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh fáilte roimh an ardú 8% ar bhuiséad na Gaeilge do 2019.

“Mar Aire Stáit don Ghaeilge, do na ceantair Ghaeltachta agus dár n-oileáin, tuigim go rímhaith an dualgas atá orm úsáid na Gaeilge ar fud na tíre a chosaint agus a fheabhsú.

“I ndiaidh an ratha a bhí ar Bhliain na Gaeilge 2018, fáiltím roimh an mhaoiniú breise de €5 milliún atá á leithdháileadh do mo Roinn do mo réimse freagrachta i gCáinaisnéis 2019.” 

Fág freagra ar '‘Buiséad an bhéalghrá’ – €5.5 billiún breise le caitheamh ag an Rialtas, €5 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht'

  • brian-less

    An bhfuil iontas ar aon duine? Ní éisteann siad le CnaG ná le haon dream eile ar son na Gaeilge.