An chasaoid agus an clamhsán a bhí ag teacht ón iarthuaisceart an scéal mór a bhí ann i rith na seachtaine agus muid ag fáil réidh do bhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann sa gCraobh Peile. Léirigh bord an chontae i nDún na nGall a mhíshástacht nár fágadh ach sé lá acu idir bua na foirne ar chontae Lú Dé Domhnaigh seo caite agus an cluiche mór inniu in aghaidh Mhuineacháin.
Níl aon amhras ann ach go bhfuil ábhar gearáin ag na Conallaigh agus nach bhfuil sé féaráilte go mbeadh briseadh níos faide ag foirne eile a bheidh ag imirt an deireadh seachtaine seo. Níl aon amhras ach an oiread ach go raibh leathshúil ag Jim McGuinness ar a chuid imreoirí nuair a bhí sé ag tabhairt amach agus é ag iarraidh meon léigir a chothú sa bhfoireann agus sa gcontae. Léirigh a raibh le rá ag cuid d’iarimreoirí Dhún na nGall sna meáin an tseachtain seo go bhfuil ag éirí leis.
Is ag díriú ar pháirc na himeartha a bheidh McGuinness tráthnóna, áfach, agus cluiche crua le teacht idir foirne a bhfuil aithne mhaith acu ar a chéile. Tá casta ag Muineachán agus Dún na nGall ar a chéile cheana féin i gcraobh na bliana seo, bua dhá phointe ag na Conallaigh i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh, ach tá a gcumas léirithe ag fir Mhuineacháin ó shin agus iad ar an t-aon dream a bhuaigh na trí chluiche a bhí acu i mbabhtaí na ngrúpaí.
D’fhág na buanna sin go raibh foireann Gabriel Bannigan in ann scíth bheag a bhieth acu ón gcluiche deireanach in aghaidh an Dúin coicís ó shin. Scóráil Muineachán go leor an lá sin, 2-27 ar fad, agus 1-3 díobh aimsithe ag Jack McCarron tar éis dó teacht isteach mar ionadaí. Tá an tosach ainmnithe chun tosú tráthnóna agus é ag teacht isteach in áit Stephen Mooney. Tá athrú eile déanta agus Gavin McPhillips in áit Killian Lavelle ach beidh le feiceáil an ndéanfar na himreoirí sin a bhabhtáil roimh an gcluiche mar a rinneadh in aghaidh an Dúin.
Dhá athrú atá déanta ag Jim McGuinness chomh maith. Tá Daire Ó Baoill ainmnithe ar an bhfoireann ach, arís, níl sé cinnte go dtosóidh agus Caolan McColgan tagtha isteach ina áit roimh an gcluiche in aghaidh chontae Lú. Fágann taispeántais fhear Ghaoth Dobhair i mbliana go bhfuil go leor ann a cheapann gur cheart go mbeadh sé ag tosú ach tá tionchar dearfach imeartha aige ar chluichí ar a theacht ón mbinse chomh maith.
Tá Jason McGee ainmnithe ar fhoireann Dhún na nGall freisin cé gur baineadh amach ag leath ama é Dé Domhnaigh seo caite agus Hugh McFadden tagtha isteach ina áit.
An scéal mór roimh an gcluiche ceathrú ceannais eile tráthnóna ná go bhfuil captaen Átha Cliath, Con O’Callaghan ainmnithe arís ar an mbinse don chluiche a bheidh acu in aghaidh Thír Eoghain.
D’fhan O’Callaghan ina shuí ar an mbinse don chluiche ar fad in aghaidh Chorcaí Dé Sathairn seo caite agus gortú i dteannán a ioscaide ag cur as dó. D’éirigh leis an sárthosach imirt in aghaidh Dhoire an tseachtain roimhe sin, áfach, agus súil ann go bhfeicfear é ag pointe éigin tráthnóna, bíodh sin ón tús nó níos deireanaí sa gcluiche. Má tá O’Callaghan in ann tosú, cuirfidh sé go mór le seans Átha Cliath i gcluiche ina meastar nach mbeidh mórán ar chor ar bith idir na foirne.
An fhoireann chéanna a bhuaigh ar Chorcaigh atá roghnaithe ag Dessie Farrell ach tá cúpla athrú déanta ag Tír Eoghain ón gcluiche deireanach a bhí acu in aghaidh an Chabháin cúpla seachtain ó shin.
Níor imir Mark Bradley sa gcluiche sin ach tá sé ainmnithe i measc na dtosaithe an uair seo. Is ag imirt in áit Michael McKernan atá Bradley agus is cailliúint mhór é McKernan, ar bhain gortú gualainne dó in aghaidh an Chabháin. Tá Kieran McGeary curtha siar i measc na gcosantóirí ag Malachy O’Rourke chun an bhearna sin a líonadh.
Dé Sathairn, 28 Meitheamh
Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Babhtaí Ceathrú Ceannais
Muineachán v Dún na nGall – Páirc an Chrócaigh, 16.00 (Beo ar GAA+)
Tír Eoghain v Áth Cliath – Páirc an Chrócaigh, 18:15 (Beo ar GAA+)
Fág freagra ar 'Buanna ag teastáil do Con agus na Conallaigh nó beidh an iomarca ama acu chun scíth a ligean'