Buachaillí Chorca Dhuibhne agus fir óga Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh ach briseadh croí don Cheathrú Rua

Bhí imreoirí óga Gaeltachta go mór sa treis i gcluichí peile éagsúla le linn an deireadh seachtaine

Buachaillí Chorca Dhuibhne agus fir óga Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh ach briseadh croí don Cheathrú Rua
Imreoir na Pobalscoile, Deividas Uosis.

Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcluiche ceannais na Mumhan athuair

Tá áit bainte amach ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Breandán Chill Airne inné. Bua trí phointe a bhí ag foireann na Pobalscoile, 3-11 in aghaidh 3-8, agus an chuid is mó den aicsean déanta acu sa chéad leath.

Chuir buachaillí Chorca Dhuibhne tús iontach leis an gcluiche nuair a d’aimsigh fear an Daingin, Deividas Uosis, cúl agus gan ach trí nóiméad imeartha ach níor thóg sé i bhfad ar Naomh Breandán freagra a thabhairt orthu agus d’aimsigh Paul O’Shea cúl dóibh.

Bhí Naomh Breandán 1-6 in aghaidh 1-2 chun cinn agus 20 nóiméad imeartha ach chuir foireann Éamonn Fitzmaurice tús iontach leis an dara leath. D’aimsigh Niall Ó Géibheannaigh cúl chun an farasbarr a laghdú sular aimsigh Seamus Aghas ceann eile d’fhág Pobalscoil Chorca Dhuibhne  3-6 in aghaidh 1-7 chun cinn ag leath ama.

D’aimsigh buachaillí na Gaeltachta trí phointe eile as a chéile ag tús an dara leath chun an bhearna a mhéadú ach rinne Naomh Breandán an-iarracht teacht aniar a dhéanamh. D’aimsigh Cian Gammell agus Ciaran Flynn cúil i dtreo an deiridh chun trí phointe a fhágáil idir na foirne ach níor éirigh leo an cúl cinniúnach eile a fháil.

Foireann Faoi-21 Ghaoth Dobhair. Pictiúr: CLG Ghaoth Dobhair/Twitter.com

Cluiche ceannais an chúige bainte amach ag peileadóirí óga Ghaoth Dobhair

Imreoidh foireann as Gaoth Dobhair i gcluiche ceannais Uladh den chéad uair riamh tar éis d’fhoireann Faoi-21 an chumainn cluiche leathcheannais an chúige a bhuachan ag an deireadh seachtaine. Is in aghaidh chlub Dhoire, Leamhaigh, a bheidh siad sa chluiche ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Cheathrú Aodha Dhuibh sa bhabhta leathcheannais, 2-8 in aghaidh 0-7.

Ba é Éamonn Ó Colm laoch na foirne mar ba é a d’aimsigh an dá chúl. Ní raibh ach seacht nóiméad imeartha nuair a d’aimsigh Ó Colm a chéad cheann tar éis dó pas a fháil ó Naoise Ó Baoill. Ba iad Ó Baoill agus Gavin Mac Giolla Bhríde (3) a d’aimsigh na pointí do Ghaoth Dobhair sa chéad leath agus bhí siad 1-4 in aghaidh 0-4 chun cinn ag leath ama.

Cuireadh imreoir de chuid Leamhaí den pháirc sa chéad leath sin, rud a d’fhág go raibh Gaoth Dobhair in ann an farasbarr sin a chosaint agus bhí péire nó trí cinn de phointí idir na foirne don chuid is mó den chéad leath. Agus an t-am beagnach caite, d’aimsigh Éamonn Ó Colm cúl eile do Ghaoth Dobhair chun cuma na maitheasa a chur ar chlár na scór.

Is i gceann coicíse, Dé Domhnaigh 18 Feabhra, a imreofar cluiche ceannais Uladh ar an gCreagán in Aontroim.

Fiachra Ó Sé, An Cheathrú Rua
Fiachra Ó Sé, An Cheathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Briseadh croí don Cheathrú Rua i gCraobh na Gaillimhe

Ní dea-scéal ar fad a bhí ann d’fhoirne óga na Gaeltachta, áfach, agus briseadh croí a bhí i ndán don Cheathrú Rua i gcluiche ceannais B faoi 21 na Gaillimhe Dé Sathairn. Bua trí phointe, 2-9 in aghaidh 0-12, a bhí ag Gleann na Madadh-Glinsce ar fhir Chonamara i bPáirc an Phiarsaigh.

Chuir An Cheathrú Rua drochthús leis an gcluiche nuair a ghéill siad cic éirice sa chéad chúpla nóiméad ach ba iad an fhoireann ab fhearr as sin go deireadh an chéad leatha agus Micheál Ó Tuathail, Fiachra Ó Sé agus Ciarán Ó Sé go mór chun tosaigh san imirt.

Bhí na foirne ar comhscór leath bealaigh tríd an chéad leath tar éis don Cheathrú Rua ceithre scór as a chéile a aimsiú agus níorbh fhéidir iad a scaradh ag leath ama ach an oiread agus iad cothrom, 1-4 in aghaidh 0-7.

Ní raibh an smacht céanna ag fir na Ceathrún Rua ar lár na páirce sa dara leath, áfach, agus nuair a d’aimsigh Jack Divilly cúl do Ghleann na Madadh-Glinsce agus 20 nóiméad fágtha, bhí foireann na Gaeltachta chun deiridh, 2-7 in aghaidh 0-8.

Bhí mí-ádh ar an gCeathrú Rua nár bronnadh cic éirice orthu go luath ina dhiaidh sin nuair a leagadh Ciarán Ó Sé sa chearnóg. Mar sin féin, níor éirigh leo scór ar bith a aimsiú ón imirt ar feadh níos mó ná 40 nóiméad den chluiche, agus fios maith acu féin nár léirigh siad an mianach atá iontu.

Andy Moran (Maigh Eo) agus Éanna Ó Conchúir (Ciarraí). Pictiúr: INPHO/John McVitty

Imreoirí Gaeltachta ag imirt sa tSraith Náisiúnta

Bhí deacrachtaí ag Declan Kyne agus Seán Andy Ó Ceallaigh le líne lántosach Dhún na nGall, agus go háirithe le Paddy McBrearty, ar feadh tréimhsí sa chluiche sraithe idir an dá chontae Gaeltachta i Leitir Ceanainn, ach rinne na Gaillimhigh a ndóthain chun an ceann is fearr a fháil ar na Conallaigh. Thosaigh triúr as Maigh Cuilinn sa chluiche freisin – Gareth Bradshaw, Peter Cooke agus Seán Kelly.

Bhí Paddy McBrearty Chill Charthaigh ar fheabhas arís do Dhún na nGall agus naoi bpointe ar fad a fuair é. D’aimsigh a dheartháir, Stephen agus fear eile as Cill Charthaigh, Ryan McHugh cúilíní do Dhún na nGall chomh maith. Ní raibh Odhrán Mac Niallais as Gaoth Dobhair chomh maith céanna agus a bhí sé in aghaidh Chiarraí seachtain ó shin, agus bhí Leo McLoone agus Ciarán Thompson, a tháinig isteach mar ionadaí, ciúin chomh maith.

D’imir cúigear ó Chorca Dhuibhne d’fhoireann shinsir Chiarraí in aghaidh Maigh Eo Dé Sathairn. Bhí Brian Ó Beaglaoich ar ais i ngeansaí na Ríochta tar éis dó bheith gafa leis An Ghaeltacht agus tháinig Duibhneach eile, Éanna Ó Conchúir, isteach mar ionadaí ar fhoireann shinsir Chiarraí den chéad uair. Triúr ón nDaingean a d’imir sa chluiche. Fuair Barry O’Sullivan (0-1) agus Paul Geaney (0-3) cúilíní agus tháinig Matthew O’Flaherty isteach sa dara leath.

Triúr ón Rinn a d’imir do pheileadóirí Phort Láirge a chaill in aghaidh Aontroma Dé Domhnaigh chomh maith. Is sa líne leathchúil a bhí Ray Ó Ceallaigh agus bhí Dónal Breathnach sa líne leath-thosach. Tháinig Fergal Ó Cuirín isteach i dtreo an deiridh.

Fág freagra ar 'Buachaillí Chorca Dhuibhne agus fir óga Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh ach briseadh croí don Cheathrú Rua'