Bua mór d’iománaithe na Rinne, idir mhaith agus olc ag foirne Chorca Dhuibhne agus cleas Chonamara ag dul go maith

Deireadh seachtaine gnóthach a bhí ann d’fhoirne peile agus iomána Gaeltachta agus cluichí craoibhe ar bun i bPort Láirge, Ciarraí, Gaillimh, an Mhí agus Dún na nGall

Bua mór d’iománaithe na Rinne, idir mhaith agus olc ag foirne Chorca Dhuibhne agus cleas Chonamara ag dul go maith

Port Láirge

Beidh foireann na Rinne ag imirt sa dara roinn de chraobhacha iomána na nDéise an bhliain seo chugainn tar éis d’fhir na Gaeltachta an Chraobh Idirmheánach a thabhairt leo ag an deireadh seachtaine. Géarchoimhlint a bhí eatarthu agus an Ruán Mór i bPáirc an Bhreathnaigh Dé Sathairn ach d’éirigh leis an Rinn an ceann is fearr a fháil ar fhir na cathrach le haon phointe amháin, 2-15 in aghaidh 2-14.

Teacht aniar sa dara leath nuair a bhí cóir na gaoithe leo ba chúis le bua na Rinne ach is beag a bhí idir na foirne i gcaitheamh an lae. Bhí an Ruán Mór sé phointe chun tosaigh luath sa gcluiche, 1-4 in aghaidh 0-1, ach thug Conaire Ó Síothcháin na Rinne freagra ar chúl Sheáin Roche chun an bhearna a laghdú.

Trí phointe a bhí idir na foirne go fóill ag leath ama, an Ruán Mór 1-9 in aghaidh 1-6 chun cinn. Mhéadaigh siad an bhearna go cúig phointe luath sa dara leath ach ar ais leis an Rinn arís. D’aimsigh Donie Breathnach cúl sa seachtú nóiméad den dara leath sular chuir Liam Ó Síothcháin na foirne ar comhscór le ceann de na sé phointe a d’aimsigh sé ón imirt le linn an chluiche.

https://x.com/clubber/status/1961799943997227058

Bhí fearg ar an Ruán Mór go luath ina dhiaidh sin gur poc saor seachas poc éirice a bronnadh orthu as feall a rinneadh ar Eamon Power ar imeall na cearnóige, ach chuir an poc saor sin agus scór eile ó Josh Sheridan an fhoireann áitiúil chun cinn arís sular tháinig an Rinn ar ais de rúid chinniúnach. Ba iad Oisín Ó Ceallaigh, Liam Ó Síothcháin, Donie Breathnach agus Jack Ó Floinn ceathrar de na himreoir ab fhearr don Rinn sa gcluiche ceannais agus d’aimsíodar pointe an duine in achar sé nóiméad chun an Rinn a chur 2-12 in aghaidh 1-13 chun cinn agus deich nóiméad fanta. Fuair Fearghal Ó Cuirrín, fear a bhí tagtha abhaile ó Abu Dhabi don chluiche ceannais, an cúigiú pointe as a chéile don Rinn chun cúl glan a chur idir na foirne.

Ceithre phointe d’fharasbarr a bhí ag an Rinn agus an 60 nóiméad imeartha ach bhí eachtraí go leor san am cúitimh. D’aimsigh Seán Roche a dhara cúl chun an bhearna is lú a chur idir na foirne agus bhí deis ag Josh Sheridan am breise a chinntiú le poc saor. Ach d’imigh a bhuille ar chlé agus ar fóraoil agus bhí Craobh Idirmheánach Iomána Phort Láirge buaite ag an Rinn den cheathrú huair. An bhliain seo chugainn, imreoidh siad sa bPríomhchraobh Idirmheánach, a bunaíodh dhá bhliain ó shin.

Ciarraí

Tá an Ghaeltacht tríd go dtí babhtaí leathcheannais na Craoibhe Idirmheánaí i gCiarraí ach chlis ar a gcomharsana sa Daingean i gCraobh Shinsir na gClubanna agus an ceann is fearr faighte ag na Gaeil orthu.

Rinne an t-imreoir contae Paul Geaney gaisce sa gcluiche a imríodh i bPáirc Aibhistín de Staic agus sé cinn de scóranna dhá phointe aimsithe aige sa dara leath, trí cinn ó chiceanna saora agus trí cinn eile ón imirt. Ach níorbh leor é agus an iomarca oibre le déanamh ag an Daingean a raibh droch-chéad leath acu.

Bhí leath den chéad leath caite faoin am gur cuireadh Geaney chun páirce ach ní fhacthas ar chor ar bith a chol ceathracha, Dylan agus Conor, ná beirt eile atá ar phainéal Chiarraí, Tom agus Barry Dan O’Sullivan. Is beag foireann nach gcuirfeadh na cailliúintí sin as di agus léiríodh tábhacht na n-imreoirí contae nuair a scóráil Diarmuid O’Connor na nGael cúl den scoth théis 22 nóiméad chun a fhoireann a chur trí phointe dhéag chun tosaigh, 1-10 ag na Gaeil agus gan scór ar bith aimsithe ag an nDaingean go dtí sin.

D’éirigh leis an bhfoireann Ghaeltachta an bhearna a laghdú de bheagán roimh leath ama sular thosaigh an teacht aniar i gceart le gaiscí Geaney. D’fhág a chuid scóranna go raibh an bhearna laghdaithe go dtí aon phointe amháin ag an nDaingean faoin 48ú nóiméad, 0-15 in aghaidh 1-13, ach níor éirigh leo teacht ar comhscór. D’éirigh leis na Gaeil srian a chur ar Geaney faoi dheireadh agus d’aimsigh Jack Barry agus Kieran O’Connor pointí dóibh sna nóiméid dheireanacha chun teacht aniar an Daingin a chur ó mhaith.

Sa gCraobh Idirmheánach, d’éirigh le teacht aniar na Gaeltachta nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghníomh go Leith, 0-21 in aghaidh 1-16, i gcluiche ceathrú ceannais a imríodh i nGallaros Dé Domhnaigh.

Sé phointe chun deiridh a bhí fir Chorca Dhuibhne agus ceathrú uaire fágtha ach is sa gcúig nóiméad deireanach sin a chas an taoide. D’aimsigh PJ Mac Láimh agus Conor Ó Corrduibh pointí chun an bhearna a laghdú ach ba é Cathal Ó Beaglaoich a rinne an gaisce ba mhó nuair a fuair sé péire scór dhá phointe chun an Ghaeltacht a chur chun cinn den chéad uair ón gcéad leath. Chuir Éanna Ó Conchúir cic éirice thar an trasnán leis an gcic deireanach. Tabharfaidh an Ghaeltacht aghaidh ar an Léigiún sna babhtaí leathcheannais Dé Domhnaigh seo chugainn.

Gaillimh

Imríodh na cluichí deireanacha i mbabhtaí na ngrúpaí i gCraobhacha Sinsir agus Idirmheánach Peile na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine agus d’éirigh le formhór na bhfoirne Gaeltachta áit a bhaint amach sna babhtaí díbeartha.

Sa gCraobh Shinsir, rachaidh Maigh Cuilinn díreach ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh críochnú ar bharr Ghrúpa 2. Theastaigh scór dhá phointe ó Dessie Conneely ag fíordheireadh an chluiche i gcoinne Naomh Séamus chun comhscór a bhaint amach, 0-13 an taobh, agus an áit sin sna babhtaí ceathrú ceannais a chinntiú. Chuig na babhtaí dícháilithe atá Bearna-Na Forbacha ag dul tar éis dóibh cailliúint in aghaidh Chill Aithnín, 0-14 in aghaidh 1-15. Casfaidh siad ar Mhuine Mheá-An Mhainistir i gcluiche leathcheannais dícháilithe agus Eanach Dhúin agus Naomh Micheál le chéile sa gceann eile.

D’éirigh le Naomh Anna, Leitir Móir na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach in ainneoin gur chaill siad in aghaidh Chora Finne. Bhí Naomh Anna chun tosaigh ag leath ama sa gcluiche sin ach tháinig Cora Finne ar ais sa dara leath chun an choimhlint a bhuachan, 0-13 in aghaidh 0-5. Imreoidh Naomh Anna in aghaidh an Dúin Mhóir sa gcéad bhabhta eile.

Sa gCraobh Idirmheánach, chríochnaigh An Spidéal agus Oileáin Árann ar bharr a ngrúpaí chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais. Bhuaigh Oileáin Árann ar Chathair Liostráin, 0-17 in aghaidh 0-8, i nGrúpa 2 ar an Domhnach ach chaill An Spidéal in aghaidh na Ceathrún Rua an lá roimhe sin, 3-8 in aghaidh 3-13. Bhí fir Chois Fharraige cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais roimh an gcluiche agus bhí a fhios ag an gCeathrú Rua gurb iad na babhtaí dícháilithe a bheadh i ndán dóibh. Imreoidh siad in aghaidh Naomh Gabriel i gcluiche leathcheannais dícháilithe faoi cheann coicíse.

Comhscór a bhí idir Micheál Breathnach agus Seamróga Chortúin, 1-9 in aghaidh 2-6, i nGrúpa 1, toradh a fhágann gur chríochnaigh na Breathnaigh sa tríú háit sa ngrúpa. Imreoidh siad in aghaidh na Cealtraí anois d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais.

An Mhí

D’fhág na tríú bua as a chéile ag Bhulf Tón gur chríochnaigh siad ar bharr Ghrúpa D i gCraobh Shinsir Peile na Mí agus iad ag dul ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais. Bua aon phointe amháin, 0-16 in aghaidh 2-9, a bhí ag seaimpíní Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025 ar Na Fianna.

Sa gCraobh Shóisir, tá Clann na nGael ag dul tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais chomh maith agus iad críochnaithe ar bharr Ghrúpa C a bhuí leis an gcomhscór a bhí acu in aghaidh Mhaigh Locha, 1-13 an taobh.

Dún na nGall

Cluiche amháin a imríodh i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine agus an ceann is fearr faighte ag Naomh Conaill ar na Dúnaibh Dé Domhnaigh, 0-19 in aghaidh 2-10. Fágann an toradh go bhfuil Naomh Conaill i lár an tábla san ochtú háit i láthair na huaire. Is iad An Clochán Liath agus Gaoth Dobhair atá ar bharr an tábla, an t-aon dá dream a bhfuil trí chluiche as trí cinn buaite acu go dtí seo. Imreofar an babhta deireanach cluichí sa ngrúpa an deireadh seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'Bua mór d’iománaithe na Rinne, idir mhaith agus olc ag foirne Chorca Dhuibhne agus cleas Chonamara ag dul go maith'