Tá an fócas ar an gcogadh tnáite idir an Rúis agus an Úcráin thar shráidbhailte, bailte agus cathracha in oirthear na hÚcráine tar éis dallamullóg a chur ar dhaoine san iarthar gur cogadh faoi chríocha atá ann go príomha anois. Creideann lucht an dearcaidh sin go mbeidh an Rúis sásta go bhfuil bua faighte aici má ligtear di na críocha atá gafa aici leis an lámh láidir a choimeád agus go ligfear don chuid eile den Úcráin leanúint uirthi mar thír neamhspleách.
Ach cuimhnigh siar ar an iarracht Cív a ghabháil ag tús an mhórionraidh. Agus cuimhnigh ar aiste Vladamir Putin a foilsíodh díreach roimh an mórionradh, aiste maidir le haontas stairiúil na Rúise agus na hÚcráine, dar leis. Agus cuimhnigh freisin ar an reitric ó mheáin agus polaiteoirí na Rúise nach ann don Úcráin nó nach bhfuil sé de cheart ag an Úcráin féiniúlacht agus flaitheas neamhspleách ón Rúis a bheith aici. Tá an reitric chéanna sin ag teacht uathu i gcónaí cé nach gcloistear í san iarthar.
Ba é cuspóir an chogaidh seo i gcónaí a chinntiú go dtabharfaí an Úcráin ar ais isteach go daingean i sféar tionchair na Rúise agus deireadh a chur lena haistear i dtreo an iarthair. Tá sé sin chomh fíor inniu is a bhí sé ar an 24 Feabhra 2022, agus go deimhin siar ag fíorthús an chogaidh in 2014 agus na himeachtaí ar a dtugtar Réablóid an Maidan san Úcráin agus go dtugann an Rúis agus a lucht tacaíochta coup orthu.
Mar sin ní bheidh Vladamir Putin sásta le socrú a bhronnfadh na tailte gafa ar an Rúis ach a d’fhágfadh saoirse ag an chuid eile den Úcráin a gcosán fhéin a shiúl mar níl aon amhras cén treo ina dtéann an cosán sin anois. Roimh 2014 bhí formhór mhuintir na hÚcráine ag iarraidh caidreamh maith a bheith acu leis an Rúis agus leis an Aontas Eorpach. Tá deireadh iomlán leis sin anois. Má fhágtar faoi mhuintir na hÚcráine é, beidh an Úcráin ina ball iomlán de champa polaitiúil, eacnamúil agus míleata an iarthair laistigh de roinnt blianta.
Aontaíonn formhór eacnamaithe nach féidir le geilleagar cogaidh na Rúise leanúint uirthi go deo agus go dtosóidh na fadhbanna ag teacht chun cinn am éigin sa chéad bhliain eile nó dhó. Aontaíonn formhór saineolaithe míleata go n-ídeofar an stoc de sheantrealamh míleata atá á athchóiriú ag an Rúis don chogadh san Úcráin am éigin sa chéad bhliain eile, agus go laghdóidh cumas táirgthe thionscal míleata na tíre ina dhiaidh sin. Mar sin tá brú ar Putin deireadh a chur leis an gcogadh ‘te’ am éigin go luath.
Ach fós féin is féidir leis a aidhm mhór a bhaint amach. D’fhéadfadh sé mar thús sos cogaidh a fhógairt nuair a insealbhaítear Donald Trump mar ‘chomhartha dea-mhéine’ don uachtarán nua. Bheadh áthas ar Trump a bheith ábalta a mhaíomh gur chomhlíon sé a gheallúint deireadh a chur leis an gcogadh laistigh de 24 uair an chloig. Fiú mura ndéanann Putin an gníomh drámatúil sin, tá chuile sheans go ndéarfaidh Trump leis an hÚcránaigh go gcaithfidh siad a bheith ‘réasúnta’ agus ‘réalaíoch’ agus glacadh le socrú a d’fhágfadh nach mbeadh siad i NATO nó nach mbeidh aon bharántas slándála éifeachtach acu ó ionsaí eile ón Rúis.
D’fhágfadh sin rogha an dá dhíogha ag ceannairí polaitiúla na hÚcráine. D’fhéadfadh siad arm ollmhór a choimeád go buan chun iad fhéin a chosaint ó ionradh eile ón Rúis, rud a scriosfadh aon seans a bheadh ag an tír bláthú ó thaobh na heacnamaíochta. Nó d’fhéadfadh siad an t-arm ollmhór a scor agus ansin am ar bith nach mbeadh rudaí ag dul mar ba mhian leis san Úcráin, bheadh Putin nó an té a thiocfaidh ina dhiaidh ábalta trioblóid a chruthú arís. Fiú an t-easaontas agus an éiginnteacht inmheánach a chruthódh an rogha sin d’fhéadfadh sé an Úcráin a dhíchobhsú. Agus is beag seans go mbeadh infheisteoirí idirnáisiúnta sásta a muinín a chur i dtír a bheadh sa riocht sin.
Abair gur dhiúltaigh an Úcráin glacadh leis an socrú seo agus nach síneofaí aon chonradh síochána agus go ‘reofaí’ an cogadh ar na línte tosaigh mar atá siad. Bhuel d’fhéadfadh sin a bheith díreach chomh maith ó thaobh Putin de, go háirithe dá gcuirfeadh Trump an milleán ar an Úcráin. Níl aon slí go scaoilfí tír ina mbeadh cogadh neamhréitithe leis an Rúis isteach i NATO, agus is dócha nach bhféadfadh siad a bheith mar chuid den Aontas Eorpach sa chás sin ach oiread. Bheadh ar an Úcráin arm mór a choimeád chun í fhéin a chosaint agus arís ní bheadh aon fhonn ar infheisteoirí idirnáisiúnta dul sa seans leis an tír. Bheadh na cártaí ar fad ag an Rúis, agus gan ach an t-aon rogha amháin ag an Úcráin go fadtéarmach chun aon saghas dul chun cinn a bhaint amach, agus sin glacadh le forlámhas na Rúise.
Dar ndóigh níl an todhchaí seo réamhchinntithe. Ar an iomlán beidh tíortha na hEorpa ag cur brú le go ndéanfaí socrú a chinnteoidh slándáil, neamhspleáchas agus forbairt eacnamúil na hÚcráine. D’fhéadfadh sócmhainní reoite na Rúise buntáiste margaíochta a thabhairt don Eoraip má léirítear do Putin go bhféadfaí iad a ghabháil ina n-iomláine, seachas díreach an brabús ón ús a thógáil chun cabhrú leis an Úcráin mar atá á dhéanamh acu faoi láthair. D’fhéadfadh Trump ionadh a chur orainn. D’fhéadfadh cliseadh eacnamúil san Rúis lámh Putin a lagú. D’fhéadfadh rud éigin eile tarlú nach féidir a thuar. Ach níl sa chuid is mó de na féidearthachtaí sin ach ‘b’fhéidir’. Bunaithe ar an méid atá ar eolas againn go cinnte ag an am seo, chaithfeá a rá go bhfuil seans maith go mbreathnófar siar ar 2025 sna blianta amach anseo mar an bhliain ar bhuaigh Putin a chogadh san Úcráin.
Fág freagra ar 'Brú ar Putin deireadh a chur leis an gcogadh ‘te’ go luath'