Briseadh croí Phort Laoise, seachtain mhór le teacht do na Connachtaigh agus scéalta eile spóirt na deireadh seachtaine

Siúl siar ar chríoch dhrámatúil chluiche ceannais Laighean, na seanlaigeachtaí ag cur lainicse ar Chonnachta, agus scéalta móra sacair na deireadh seachtaine seo

Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/Ryan Byrne
Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/Ryan Byrne

Lam ag iarraidh na Connachtaigh a chur ar ais ar an mbóthar ceart

Ar an Aoine sa Bhreatain Bheag, bhí Connachta sa tóir ar a n-ochtú bua as a chéile sa tsraith. Na Cardiff Blues a bhí ina gcoinne agus iad ag iarraidh a n-ochtú cailliúint as a chéile a sheachaint. D’fhoireann a bhí i ndiaidh bua stairiúil a fháil i bPáirc Thuamhan an tseachtain roimhe, bheifeá ag ceapadh nach mbeadh mórán stró ar na Connachtaigh Cardiff a bhualadh.

Ní mar sin a bhí, áfach, agus bhí cuid de sheanfhadhbanna na gConnachtach le feiceáil. Cuireadh cúpla cic amú agus nuair nach raibh ach ceithre nóiméad fágtha, chaill siad seilbh na liathróide agus iad i bhfoisceacht cúpla orlach de líne an úid.

Is é an rud is tábhachtaí anois do Pat Lam ná nach ligfeadh sé do dhrochthoradh amháin an obair atá déanta le roinnt seachtainí anois a chur ó mhaith. Imreoidh siad Newcastle Falcons i gCorn an Dúshláin Dé hAoine i nGaillimh, agus arís an tseachtain dar gcionn, agus is deis dóibh é cúrsaí a chur ina gceart arís. Tá na Falcons ag streachailt i mbliana agus thabharfadh cúpla toradh maith spreagadh arís do na Connachtaigh agus iad ag imirt Cúige Uladh agus Cúige Laighean thar an Nollaig.

Bainisteoir Leicester, Claudio Ranieri. INPHO/Getty Images
Bainisteoir Leicester, Claudio Ranieri. INPHO/Getty Images

Deireadh tagtha le gaiscí Vardy ach Leicester fós ag treabhadh leo

I ndiaidh dó trí chúl déag a fháil in aon chluiche déag, tháinig deireadh le gaiscí scórála Jamie Vardy in aghaidh Swansea ar an Satharn. Ar an dea-uair do Leicester, áfach, d’aimsigh Riyad Mahrez  chun trí chúl a scóráil agus Leicester a chur ar bharr na sraithe.

Ba iad Leicester agus Arsenal na t-aon dá fhoireann i leath uachtair na Príomhroinne a bhuaigh an deireadh seachtain seo agus Manchester City, Manchester United, Liverpool, Tottenham agus Chelsea ag caitheamh pointí uathu. Ní foláir go raibh na geallghlacadóirí sona sásta mar is cinnte gur caitheadh na mílte duillín sa bhosca bruscair chomh luath agus a fuair Stoke an ceann is fearr ar Manchester City maidin Dé Sathairn.

Dhealraigh sé go dtabharfadh an toradh sin deis de na foirne móra eile dul chun cinn a dhéanamh ach, seachas Arsenal, theip orthu uile ar bhealach amháin nó bealach eile. D’fhoirne ar nós Chelsea agus Liverpool, atá ag iarraidh áit a bhaint amach i Sraith na gCuradh an bhliain seo chugainn, ní bheidh mórán deiseanna maithe mar seo pointí a chur ar chlár na scór agus an péire acu ag imirt foirne atá i mbaol ísliú céime. 

Ricky Maher in ísle brí ag deireadh chluiche ceannais peile Laighean. INPHO/Cathal Noonan
Ricky Maher in ísle brí ag deireadh chluiche ceannais peile Laighean. INPHO/Cathal Noonan

Cailliúint eile le cur le cith Phort Laoise ach fanfaidh an ceann seo ina gcuimhne

Trí chluiche ceannais atá caillte anois ag Port Laoise i gCraobh Laighean le ceithre bliana anuas ach gan amhras, tógfaidh sé níos faide orthu dearmad a dhéanamh ar an gceann seo ná ar an dá chluiche eile i 2012 agus 2013.

Dar ndóigh, is é an cic saor a chuir Paul Cahillane amú an ceann a sheasann amach ach ní fhéadfá an milleán uile a chur ar an lántosach. Ní raibh ach cúig nóiméad imeartha nuair a lig siad Baile Buadáin isteach chun cúl thar a bheith éasca a scóráil, an liathróid ag dul trí chosa Graham Brody sa chúl; ní bhfuair sé mórán cúnaimh óna chuid cosantóirí ach oiread, áfach. Beidh díomá orthu freisin faoi na deiseanna a chuir siad amú sa deich nóiméad dheireanacha.

Ina dhiaidh sin uilig, ní dhéanfaidh sé na seachtainí amach romhainn pioc níos éasca do Cahillane. Ba é príomhscórálaí Phort Laoise é ag teacht isteach sa chluiche dó – agus is é i gcónaí – ach bhí ciúin go maith i rith an 60 nóiméad inné. Nuair a bhí deis aige an cluiche a bhuachan, scaoil sé trína ladhracha é. Agus é ag caint leis na meáin i mbliana, dúirt Dessie Dolan go gcuireann an iarracht cháiliúil sin a bhí aige ar scór in aghaidh na Mí isteach air fós, 12 bhliain ina dhiaidh. Seans gurb é an scéal céanna a bheidh ann le Cahillane.

Phil Neville agus Gary Neville. INPHO/Getty Images
Phil Neville agus Gary Neville. INPHO/Getty Images

An bhunobair déanta ag Phil dá dheartháir

Phil Neville bocht. Chomh luath agus a thóg sé ceannas ar fhoireann Valencia tar éis do Nuno Espírito Santo bata agus bóthar a fháil, ainmníodh deartháir Phil, Gary mar bhainisteoir. Ní hamháin sin ach ba é an t-aon cluiche a mbeadh Phil i gceannas air ná an ceann in aghaidh Barcelona, an fhoireann is fearr san Eoraip faoi láthair. Ansin thiocfadh Gary isteach le snaidhm a chur san áit ar cailleadh dhá ghreim.

shin a tharla, áfach agus chríochnaigh an cluiche ar comhscór, 1-1, oíche Dé Sathairn agus Mina Lorenzo ag aimsiú cúl Valencia gan ach cúig nóiméad fágtha. Ba é sin an chéad cluiche sraithe nach bhfuil buaite ag Barcelona le beagnach dhá mhí ach ní ar an bpáirc amháin a chaithfidh Gary na fadhbanna a réiteach.

amhras ar lucht tacaíocht Valenzia nach bhfuair Neville an post ach mar gheall go bhfuil caidreamh gnó aige le húinéir Valencia, Peter Lim agus nach bhfuil sé i gceist ag Neville ach achar beag a chaitheamh sa Spáinn. Chun a thiomantas a léiriú, tá a chlann uile bogtha ag Neville go dtí Valencia ach beidh níos mó oibre i gceist má chun tacaíocht an phobail a fháil.

Fág freagra ar 'Briseadh croí Phort Laoise, seachtain mhór le teacht do na Connachtaigh agus scéalta eile spóirt na deireadh seachtaine'