Bhí a fhios ag Alan Egan go raibh an cath caillte an lá ar fhiafraigh an meicneoir nua a bhí híreáilte aige ‘cá gcuirfeadh sé an ‘plug’ don ghléas ‘diagnostics’- an córas diagnóisice.
Ní haon ghnáthgharáiste a bhí ag Alan. Bhí sé ag plé le carranna den tseanstíl – thug ainm a chomhlachta ‘Classic Vehicles’ i gCromghlinn, le fios cén sórt oibre a bhí ar siúl aige.
Is beag an mhaith duit an gléas ‘diagnostics’ a chur ag obair ar inneall ar bith atá sean agus a bhaineann le carr den seandéanamh.
Teastaíonn tuiscint agus teastaíonn traenáil le go mbeidh a fhios agat cén chaoi a n-oibríonn chuile pháirt den inneall – an rud a d’fhoghlaimíodh gach printíseach tráth den saol.
Thosaigh Alan ag cur suime in innill agus i ngluaisrothair nuair a bhí sé óg. Bhíodh sé ag obair i dtionscal eile ach chuir timpiste ar mhalairt treo é. Ba ansin a thosaigh sé ag traenáil le bheith ina mheicneoir chun seancharranna a athchóiriú agus a thabhairt ar ais i mbun oibre.
D’éirigh go hiontach lena ghnó ‘Classic Vehicles’. Bhí foireann bheag dhíograiseach aige a thuig an gnó beagnach chomh maith agus a thuig sé féin. Agus má bhí obair ar leith le déanamh – ar nós na suíocháin leathair a athchóiriú, bhí speisialtóirí le fáil sa ghnó sin freisin agus é in ann glaoch orthu.
Go deimhin, bhí duine speisialta aige leis na carranna a tharraingt isteach ag an ngaráiste – ní fhágfadh sé faoi ghnáthleoraí agus leantóir é.
Bhí mé ag caint le Alan toisc go raibh mé díreach i ndiaidh a scannán gearr faisnéise Down the Road a fheiceáil ag Féile (ar líne) Scannán Chiarraí. Cairde leis a rinne an scannán faoin bpaisean atá aige do sheancharranna.
Ach ainneoin a shuime agus a chuid oibre crua, chonaic Alan go raibh an deireadh i ndán don chomhlacht an lá ar tharla an comhrá sin faoi na ‘diagnostics’.
Diaidh ar ndiaidh bhí sé á fheiceáil dó go raibh deireadh leis an ré inar thuig meicneoirí cad a bhí ag tarlú ar an taobh eile de bhoinéad an chairr.
Ar feadh tréimhse bhíodh na meicneoirí a tháinig ó thíortha ar nós na Polainne, thar barr ar fad.
“Nuair a bhí an Pholainn faoi smacht an Aontais Shóivéadaigh,” arsa Alan liom, ‘d’fhaighidís gach rud a chaitheadh na Gearmánaigh amach.”
B’éigean do mhuintir na Polainne gach rud a fhoghlaim faoi innealra, carranna san áireamh, le caoi a chur orthu iad féin. Bhí na meicneoirí as an Pholainn go hiontach ag plé le carranna clasaiceacha Alan. Ach tháinig an lá gur athraigh an scéal leo siúd freisin.
Tháinig meicneoir Polannach ag obair leis. Bhí sé tar éis seal a chaitheamh le ceann de na comhlachtaí móra idirnáisiúnta. Bhí Alan agus an fear seo ag seasamh taobh le taobh ag an mbinse oibre.
“Inis dom faoin mbinse oibre a bhí agaibh sa gcomhlacht mór,” a d’fhiafraigh Alan de mo dhuine. “Ó, ní raibh aon bhinse againn ar chor ar bith,” arsa mo dhuine. “Ach, cén chaoi ar chuir sibh caoi ar na hinnill nó ar na páirteanna sa gcarr a bhíodh briste?” a d’fhiafraigh Alan agus iontas air.
“An-éasca,” a dúirt an lead. “Níor chuireamar caoi ar rud ar bith. Aon rud a bhí as alt, nó nach raibh ag obair i gceart, caitheadh amach é agus cuireadh páirt nua ina áit.”
Anois, sin rud nach n-oibreodh leis na seancharranna – bídís tríocha bliain nó céad bliain d’aois. Ní bheadh na páirteanna ar fáil. Ach tá an-seans ann, le beagán tuisceana faoin ngnó agus an traenáil chuí a bheith ar dhuine, go mbeidís in ann an rud a dheisiú. Ar an mbinse oibre ar ndóigh.
Tá radharcanna áille sa scannán Down the Road, ina bhfeictear Alan ag oibriú le hinnealra agus le trealamh meicneora, gach rud chomh glan agus chomh néata le cistineach ar chlár teilifíse cócaireachta.
D’aithneofá an grá atá aige don chineál sin oibre. Is breá leis a bheith ag tabhairt seancharranna ar ais ar an mbóthar. Ach aithníonn sé gur caitheamh aimsire costasach é. Ceapann daoine go minic nach bhfuil orthu ach seancharr a cheannach, é a thabhairt ag an ngaráiste agus go mbeidh siadsan in ann míorúilt a oibriú air le cúpla míle euro.
‘Dá dtiocfá chugam le sean-MGB agus dhá mhíle euro agat, sé an freagra a thabharfainn duit, ná – ceannóidh sé sin an phéint.’
Faigheann sé locht ar chláracha teilifíse a thugann le fios gur féidir carr a athchóiriú chomh maith agus a bhí sé riamh, ar bheagán costais. Bíonn gá le ceardaíocht, le speisialtóirí, le hábhair ar leith. Ní bhíonn a leithéid saor.
Agus an bhfuil mórán carranna, a bhféadfaí ‘carr clasaiceach’ a thabhairt orthu, thart timpeall na tíre, mar shampla?
“De réir na bhfigiúirí oifigiúla, tá thart ar 4,000 acu in Éirinn,” a deir Alan. “Ach ceapaim go bhfuil an fíorfhigiúr níos gaire do 10,000.”
Meastar gur carr clasaiceach é carr atá os cionn 38 bliain d’aois agus gur carr seanré nó ‘vintage’ é aon charr a rinneadh roimh an dara cogadh domhanda.
“Ba é an Rolls-Royce an carr ab ansa liom féin,” a deir Alan. “Bhí sé go hálainn le tiomáint.”
Bhíodh sé ag freastal ar roinnt úinéirí Rolls thart ar Bhaile Átha Cliath. Bhí cuid de na carranna sin beagnach céad bliain d’aois.
Agus céard a tharlóidh anois agus ‘Classic Cars’ dúnta? “Deacair a rá,” deir sé. Tá cúpla duine a bhfuil na scileanna acu ach tá siad ag dul in aois. Agus níl aon duine óg ag teacht aníos a bhfuil na scileanna sin acu.
Cuireann sé iontas air a laghad béime a chuirtear ar scileanna láimhe fós sa tír seo – bíonn an bhéim ar fad ar phointí arda san Ardteist agus áit a bhaint amach ag tríú leibhéal. Luann sé an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe mar thíortha ina bhfuil meas ar dhaoine de bharr a gcuid scileanna láimhe.
“Má bhuaileann tú isteach ag ‘barbecue’ sna Stáit Aontaithe agus má abraíonn tú gur meicneoir cairr thú, beidh meas ag daoine ort de bharr do chuid scileanna. Ní hamhlaidh atá sa tír seo,” dar le Alan. “Breathnaítear anuas ort más duine ceirde thú – fiú amháin le hardscileanna láimhe.”
Beimid ag cailleadh oibrithe agus deiseanna go tréan mura n-athraíonn an port sin, measann sé.
Agus a gharáiste dúnta, a fhoireann ligthe chun siúil, tá scéal a chomhlachta agus a scéal féin inste go paiteanta ins an ngearrscannán Down The Road. Dhá nóiméad déag dár stair chomhaimseartha atá ann.
Tash
““Má bhuaileann tú isteach ag ‘barbecue’ sna Stáit Aontaithe agus má abraíonn tú gur meicneoir cairr thú, beidh meas ag daoine ort de bharr do chuid scileanna. Ní hamhlaidh atá sa tír seo,” dar le Alan. “Breathnaítear anuas ort más duine ceirde thú – fiú amháin le hardscileanna láimhe.””
Is fíor sin faraoir, agus is mór an trua é. Níl dóthain meas ag an bpobal sa tír seo in printíseachtaí agus ceardaíocht agus saorseacht – cheapfá gur theip ort mar dhuine muna fhreastail tú ar cholaiste.
Ach dála an scéal, bhaineas an-taitneamh as an alt seo – a thuilleadh mar seo le bhur dtoil @Tuairisc.ie
Bertie Ó hAinmhire
Is breá liom an alt seo, ach ar ndóigh is deartháir mó chéile é Alan. Tá a fhios agam an díograis agus an aisling a bhí aige agus é ag dul i mbun an tionscadail seo. Rinne sé éacht i ndáiríre, bhí misneach aige agus déarfainn gur bhain sé sásamh as. Ach ba mhaith liom ach go háirithe a pháirtí sa tionscnamh a lua anseo, sin Marion a bhean céile agus chuir sí a hanam agus a croí isteach ann freisin agus bhí sé go deas an bheirt acu a fheiceáil ag obair le chéile. Físeán agus alt a chuireann síos go maith ar an bhfuinneamh agus an tiomantas a bhí ag an bheirt acu!
Mairéad Ní Nuadháin
Buíochas faoi sin a Bhertie! Mairéad Ní Nuadháin