‘Botún ó thaobh foclaíochta’ ba chúis le hachrann ar líne faoi fhógra do phost ‘neamhíoctha’ le Rith 2016

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur iarracht ‘mhacánta’ teacht ar oibrí ‘deonach’ a bhí i bhfógra lucht na Féile Rith 2016 a chothaigh conspóid ar líne

Rith 2014

‘Botún foclaíochta’ ba chúis leis an achrann ar na meáin shóisialta a bhain le folúntas poist a d’fhógair lucht na féile ‘Rith 2016’ thar an deireadh seachtaine, dar le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Chroch duine lucht úsáidte an ghrúpa ‘Gaeilge Amháin’ ar Facebook postáil oíche Dé hAoine inár cáineadh fógra poist a d’eisigh Rith 2016 agus iad ag lorg ‘feidhmeannach faoi oiliúint’. Cheangail an postálaí cóip den fhógra poist agus mhaígh gur ar ríomhphost a tháinig sé. Níl an fógra le feiceáil ar shuíomh Rith 2016.

Tugadh le fios san fhógra go raibh “folúntas” d’fheidhmeannach a scríobhfadh agus a scaipfeadh ábhar poiblíochta don fhéile, a dhéanfadh bainistiú ar na meáin shóisialta agus agus chabhródh le seoltaí poiblíochta agus imeachtaí agus gníomhaíochta eile.

Tugadh le fios freisin nach n-íocfaí an té a gheobhadh an post ach go bhfaigheadh sé “taithí ar bhainistíocht tionscadail agus ama; taithí ar riarachán, díolacháin agus bainistíocht airgeadais; scileanna ríomhaireachta agus teicniúla; scileanna cumarsáide agus idirphearsanta; agus taithí ríomhaireachta”.

Dúirt an postálaí ar ‘Gaeilge Amháin’ gur chuir an ríomhphost a fuarthas ‘samhnas’ air agus nach raibh ann ach ‘drochúsáid na hóige’ nach raibh ‘ceart ná cóir’

“Níl mé sásta go bhfuil a leithéid de chleachtadh i réim in earnáil na Gaeilge,” a scríobhadh.

Tharraing an phostáil go leor cainte ar an suíomh agus an chuid ba mhó de thráchtairí sách géar ar Rith 2016 agus an fógra folúntais:

Screen Shot 2015-12-14 at 20.44.46

Screen Shot 2015-12-14 at 20.42.47

Screen Shot 2015-12-14 at 20.42.38

Screen Shot 2015-12-14 at 20.41.59

Screen Shot 2015-12-14 at 20.42.06

Bhíothas ann a chosain an fógra poist freisin ar ‘Gaeilge Amháin’ ach bhí an uile dhuine acu siúd bainteach le Conradh na Gaeilge nó fostaithe ag an eagras nó fo-eagras dá chuid.

D’iarr Tuairisc.ie ráiteas ar Rith 2016 agus Conradh na Gaeilge faoin bhfógra poist agus dúradh gur leagadh tuairimí an Chonartha síos san fhreagra a thug Ard-Rúnaí an eagrais, Julian de Spáinn, faoin mbunphostáil.

Dúirt de Spáinn le Tuairisc.ie nár mhiste a shoiléiriú “nach ionann Rith 2016 agus Conradh na Gaeilge” ach d’admhaigh sé gur luadh seoladh ríomhphoist dár chríoch ‘@cnag.ie’ mar phointe teagmhála d’iarratais.

“B’fhéidir go bhfuil an fhoclaíocht beagáinín easnamhach san fhógra seo ach tá an t-iarratas macánta ag lorg duine deonach don obair. Mar eolas, bíonn gach duine ón gConradh a bhíonn páirteach sa Rith ag feidhmiú ar bhonn deonach. Is é an rud atá i gceist leis an bhfógra seo ná deis a thabhairt do dhuine [atá] ag lorg taithí, go háirithe mac léinn, cabhrú linn.

“Faraor, níl airgead againn le híoc as duine nó maoiniú chuige sin. Bíonn go leor mac léinn ag déanamh taithí oibre as Béarla mar chuid dá chúrsa tríú leibhéal. Cén fáth nach ndéanfadh siad an taithí oibre sin ar son imeacht fiúntach ar nós Rith, a chuireann an teanga chun cinn ar fud an oileáin? Dar ndóigh, mura féidir linn dóthain daoine a mhealladh le cabhrú linn go deonach, ní bheimid in ann an Rith a chur ar siúl,” a scríobh de Spáinn ar Facebook.

Thug sé le fios freisin sa phostáil go ndearna Rith 2016 iarracht maoiniú a fháil don phost ach nach bhfuarthas é agus go n-úsáideann sé féin a chuid laethanta saoire ón gConradh le hobair dheonach a dhéanamh le Rith.

“Seacht lá saor ó mo shaoire oifigiúil le dul ar an rith agus déanaim neart oícheanta agus laethanta ar an deireadh seachtaine go deonach le cabhrú leis an Rith a éagrú. Déanann na daoine eile [atá] ag eagrú Rith an rud céanna,” a scríobh sé.

Is féile náisiúnta é Rith 2016 a bheidh ar siúl ón 4-14 Márta 2016 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa 700km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh, ag rith ó mhaidin go hoíche, ó Teach Baile an Chaisleáin i gCo. Chill Dara go Baile Átha Cliath. Táthar ag súil go mbeidh na mílte daoine ag glacadh páirte i bhféile na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Botún ó thaobh foclaíochta’ ba chúis le hachrann ar líne faoi fhógra do phost ‘neamhíoctha’ le Rith 2016'

  • Críostóir Ó Faoláin

    D’fhéadfá a rá go rabhas féin i measc na ndaoine a chosain an fógra poist ar ‘Gaeilge Amháin’, nílim bainteach le Conradh na Gaeilge, nílim fostaithe ag an eagras nó fo-eagras dá chuid!