Beidh nach mór a thrí oiread daoine ag cuardach an fhocail ‘love’ ar foclóir.ie inniu ná mar a bhíonn de ghnáth.
Léiríonn eolas a chuir lucht an fhoclóra Béarla-Gaeilge ar fáil do Tuairisc go dtagann borradh mór faoi líon na gcuardach do ‘love’ Lá Fhéile Vailintín gach bliain.
Bíonn ‘love’ i measc na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie gach bliain. Bhí sé ar an naoú focal is mó cuardach ar an suíomh anuraidh agus ar an séú focal is mó cuardach in 2021.
Cuardaíodh ‘love’ 13,919 uair in 2022.
Dúirt Cormac Breathnach, bainisteoir thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge, gur díol suime an dúil atá ag daoine i ‘Love’.
“Déanaimid taighde ar na treochtaí ar an suíomh cúpla uair sa bhliain. Bíonn sé spéisiúil féachaint ar na focail agus na frásaí a bhíonn á lorg ag úsáideoirí agus bíonn sé spéisiúil iarracht a dhéanamh na cuardaigh sin a cheangal le himeachtaí an lae, más féidir.
“Beag beann ar an aimsir, bíonn an focal ‘love’ gar go maith do bharr an liosta. Ní dóigh linn go raibh an focal sin riamh lasmuigh den 20 focal is mó cuardach ar an suíomh.”
Deir Cormac Breathnach go bhfuil go leor eolais faoin bhfocal ‘love’ san iontráil ar foclóir.ie.
“Iontráil an-deas atá ann chomh maith. Ceann ilchiallach a bhfuil idir ainmfhocail, uimhreacha, briathra agus cúpla nath cainte deas le fáil ann.
“Iontráil ina léirítear na cineálacha éagsúla grá atá ann; an grá a bheadh ag duine dá chéile, an grá a bheadh ag duine dá leanbh, agus an tírghrá ina measc.”
Fág freagra ar 'Borradh mór faoi ‘love’ ar foclóir.ie inniu'