Bliain ó thús an chogaidh in Gaza, níor éirigh le hIosrael Hamas a scrios, ach is ar Hezbolladh atá a n-aird anois

Agus tús curtha lena n-oibríochtaí ar an talamh i ndeisceart na Liobáine anois is deacair a shamhlú nach mbeidh Iosrael i mbun cogaíochta ar feadh bliana eile ar a laghad

Bliain ó thús an chogaidh in Gaza, níor éirigh le hIosrael Hamas a scrios, ach is ar Hezbolladh atá a n-aird anois

Cothrom an lae, an 7 Deireadh Fómhair bliain ó shin, tar éis do Hamas ionsaithe trasteorann a dhéanamh ar Iosrael, daoine a mharú agus gialla a ghabháil, cuireadh tús leis an gcogadh is déanaí idir Hamas agus Iosrael. Tá an cogadh ar siúl anois níos faide ná aon cheann eile inar throid na hIosraelaigh go dtí seo.

Cé gur maraíodh na mílte sibhialtach agus gur scriosadh beagnach gach cineál saoráidí bonneagair i nGaza, níl na spriocanna chun slad a dhéanamh ar Hamas agus na gialla a tharrtháil bainte amach ag na hIosraelaigh go fóill. Ina theannta sin tá siad tar éis fronta nua a oscailt i gcoinne Hezbollah sa Liobáin.

Tá fórsaí cosanta Iosrael anois den tuairim go bhfuil cumas míleata Hamas chomh lagaithe sin nach mbeidh siad in ann ionsaithe, ar an scála céanna mar a rinne siad anuraidh, a dhéanamh arís. Tá siad den tuairim chomh maith nach mbeidh sé ar a gcumas féin Hamas a chur faoi chois go hiomlán, rud atá ag teacht salach ar orduithe Phríomh-Aire na tíre.

Tar éis dóibh a rá go raibh an lámh in uachtar faighte acu ar Hamas i gceantair éagsúla sa stráice cheana féin, ghéill na hIosraelaigh go mbeidh orthu ruathair ar an stráice a sheoladh arís agus arís eile, amhail mar atá á dhéanamh acu le míonna anuas.

Tá dhá chrios mhaolánacha bunaithe acu; ceann amháin ar an teorainn leis an Éigipt agus ceann eile i lár an stráice, agus cuireann siad leis na pleananna atá acu chun smacht a choimeád ar Gaza gan iad a bheith mar fhórsa forghabhála agus gan iallach a bheith orthu na freagrachtaí a bhaineann leis sin, ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, a chur i bhfeidhm.

An lá dár gcionn

Seachas oifigeach sinsearach a cheapadh chun a bheith freagrach as soláthairtí cúnaimh a théann isteach sa stráice níl socruithe fógartha ag na hIosraelaigh maidir leis an stráice a rialú sna blianta amach romhainn.

Bhí roinnt plé ar cad a tharlódh an ‘lá dár gcionn’ i ndiaidh an chogaidh ag tús na bliana agus mhol na Meiriceánaigh gur chóir Údarás na Palaistíne a bheith freagrach as cúrsaí riaracháin lena n-áirítear córas póilíneachta inmheánach, ach dhiúltaigh na hIosraelaigh don mholadh sin scun scan.

Cuireadh as an áireamh le déanaí go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag na Náisiúin Aontaithe nuair a d’fhógair an tArd-Rúnaí nach raibh seans ar bith ann go dtabharfadh na hIosraelaigh cead dóibh fórsa coimeádta síochána nó córas riaracháin a bhunú tar éis an chogaidh.

Bhí roinnt urlabhraithe in Iosrael ag rá go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag finte tábhachtacha Gaza in iarrachtaí chun údarás a chur le chéile nó go bhféadfadh Iosrael tabhairt ar thíortha Moslamacha sa réigiúin chun fórsa coimeádta síochána a bhunú.

Ach shéan na finte go mbeadh aon ról acusan go luath tar éis do na tuairimí seo teacht chun cinn. Ina theannta sin níl comharthaí ar bith ann go mbeadh tíortha máguaird toilteanach tabhairt faoin dúshlán fórsa a bhunú agus dul sa seans go bhféachfaí orthu mar fhórsa a bheadh in iomaíocht le Hamas.

Mura ndéanfar na socruithe chun údarás áitiúil a bhunú agus eagraíocht a chur le chéile, nach mbeidh in iomaíocht le Hamas, chun sábháilteacht mhuintir Gaza a chinntiú, tá baol ann nach bhfágfar i nGaza ach ceantair éagsúla nach dtabharfaidh lá airde ar an dlí.

Má tharlaíonn sé sin beidh sé deacair ar ghníomhaireachtaí cúnaimh agus carthanais idirnáisiúnta córais bhuana a bhunú chun cúnamh a dháileadh. Anuas air sin, gan údarás lárnach, beidh sé thar a bheith dúshlánach áiseanna infreastruchtúir sibhialtacha a chur ar ais ina chéile.

Tá an chuma ar chúrsaí le míonna anuas go bhfágfar Gaza mar champa dídeanaithe ollmhór sa mheántéarma, áit ina mbeidh muintir an stráice ag fanacht leis an ruathar is déanaí ó na hIosraelaigh.

Ina theannta sin fágfar an stráice gan aon údarás lárnach oifigiúil i gcumhacht seachas Hamas agus iad ag déanamh iarrachtaí a gcuid fórsaí a athbhunú agus gan a ngreim ar a gcumhacht a scaoileadh.

Rinneadh go leor dochar do chlú idirnáisiúnta Iosrael i mbliana, go háirithe nuair a d’iarr an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta go n-eiseofaí barántas gabhála le haghaidh phríomh-aire na tíre, ach ní raibh mórán tionchair ag an mbrú sin orthu.

Ní bheidh mórán tionchair ach oiread aige má chuirfear iallach orthu socruithe a dhéanamh chun cúrsaí maidir leis an gcóras riaracháin in Gaza a shoiléiriú. Níl mórán suime acu pleananna a thairiscint maidir le deacrachtaí fadtéarmacha in Gaza a réiteach gan trácht ar réiteach níos leithne ar an gcoimhlint idir iad féin agus na Palaistínigh. Anuas air sin, seans go gcaithfear ‘réiteach an dá stát’ i dtraipisí ar feadh i bhfad.

Na chéad chéimeanna eile

Agus na socruithe déanta ag na hIosraelaigh chun éirí as nó leanúint lena n-oibríochtaí in Gaza, tá siad ag cur níos mó béime ar an gcoimhlint le Hezbollah trasna theorainn na Liobáine agus ar chúrsaí sa Bhruach Thiar.

Coicís ó shin d’fhógair comh-aireacht Iosrael go raibh sé mar aidhm ag an gcogadh nua acu na daoine a raibh orthu an tuaisceart a fhágáil mar gheall ar ionsaithe Hezbollah, a athlonnú.

Is ionann an sprioc sin agus stop iomlán a chur le hionsaithe diúracán Hezbollah agus is léir go bhfuil tús curtha leis an gcéad chéim eile den chogadh sin anois.

Measann na hIosraelaigh go bhfuil an-damáiste déanta do cheannasaíocht agus d’acmhainní Hezbollah le coicís anuas, go háirithe tar éis dóibh an té a bhí ina cheannaire orthu le fada a mharú.

Cé gur bunaíodh Hezbollah mar ghluaiseacht frithbheartaíochta i gcoinne ionradh na n-Iosraelach ar an Liobáin i 1982, creideann na hIosraelaigh go dtacaíonn an Iaráin leo ionas gur féidir léi iad a úsáid má dhéantar ionsaí ar an Iaráin féin. Tá siad den tuairim go mbeidh na hIaránaigh ag iarraidh cumas míleata Hezbollah a chaomhnú a oiread agus is féidir agus gan an choimhlint a leathnú níos mó ná mar is gá.

Mar gheall air seo agus toisc go gcreideann Iosrael go bhfuil ceannasaíocht Hezbollah chomh lag sin anois (agus nach mbeidh fonn na Meiriceánaigh iad a stopadh), measann Iosrael go bhfuil an deis acu stop a chur le hionsaithe diúracán faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Tá siad tar éis trúpaí a sheoladh trasna na teorann agus feicfear go luath cé acu an bhfuil cumas míleata Hezbollah chomh lag agus atá siad ag súil leis.

Tá an baol ann i gcónaí go n-imeoidh cúrsaí ó smacht sa Bhruach Thiar chomh maith mar gheall ar iompar na lonnaitheoirí agus an tacaíocht atá ar fáil dóibh, go háirithe ó bheirt airí den eite dheas sa chomh-aireacht.

Beidh na hIosraelaigh ag iarraidh súil a choimeád ar chúrsaí ansin ach tuairiscíodh gur thug ceannaire Shin Bet, eagraíocht slándála inmheánach Iosrael, foláireamh do Netanyahu i mí Lúnasa go raibh an choimhlint sa Bruach Thiar ar tí pléascadh.

Bliain tar éis thús an chogaidh i nGaza tá an choimhlint le Hezbollah, go háirithe, níos tábhachtaí dóibh ná a gcuid oibríochtaí i nGaza ná fiú tarrtháil na ngiall. Agus tús curtha lena n-oibríochtaí ar an talamh i ndeisceart na Liobáine anois is deacair a shamhlú nach mbeidh siad i mbun cogaíochta ar feadh bliana eile ar a laghad.

Fág freagra ar 'Bliain ó thús an chogaidh in Gaza, níor éirigh le hIosrael Hamas a scrios, ach is ar Hezbolladh atá a n-aird anois'

  • Peter Logan

    “Cothrom an lae, an 7ú Deireagh Fomhair bliain ó shin … ” Rinneadh ionsigh sceimhleathóireach de chuid Hamas ar Israel. Seachtain dár gcionn ionsaigh Israel Hamas I nGasa (ainneoin na focal a duairt Biden: “Don’t make the mistake we made after 9/11”), direach mar a raimh Hamas ag still.
    San alt a scríobh Máirtín Ó Duíghir níl tagairt ar bith ar an ionsaigh déisteanach INA rinneadh dún mharú AR na céadta, ach amháin I fochlásal, Agus na ngialla luaite ag deirdadh an alt.
    Bím ag léamh Tuairisc began h ‘chuile lá, agus is léir Dom an an eagraíocht faoi imeachtaí San Mean Oirthear, nach aontaín Leo. Ach AR an lá SEO bhéidhnn ag súil le roinnt bá leis na ndíobairtí.
    Is mise le meas
    Peter Logan

  • Criostóir

    Ní haon ionadh é gur beag muinín atá ag Iosrael as cumas na Náisiún Aontaithe ‘fórsa coimeádta síochána nó córas riaracháin’ a chur i bhfeidhm – nuair a tharraing Iosrael amach as an Liobáin in 2006, socraíodh go raibh sé de dhualgas ar na Náisiúin Aontaithe an ruaig a chur ar Hezbollah ó dheisceart na Liobáine ionas go mbeadh crios maolánach ann agus nach mbeadh an baol ann go leanfadh Hezbollah lena n-ionsaithe diúracán ar thuaisceart Iosrael. Theip go huile agus go hiomlán ar an UN an rún sin a chomhlíonadh, agus tá Hezbollah tar éis os cionn 8,000 diúracán a scaoileadh ar Iosrael le bliain anuas, agus tá na scórtha sibhialtach maraithe agus gortaithe acu (ina measc sin páistí Drúsacha a bhí ag imirt peile nuair a bhuail diúracán iad). De bharr na roicéad sin, ba ghá thart ar 60,000 Iosraelach a aistriú amach óna n-áit chónaithe i dtuaisceart na tíre.

    Anuas air sin, de réir tuairiscí faisnéise, tá baint ag 10% d’fhoireann UNRWA i nGaza le grúpaí sceimhlitheoireachta (pé acu Islamic Jihad nó Hamas nó a leithéid) agus admhaíonn an UN féin gur dócha gur ghlac naonúr acu páirt i slad an 7ú Deireadh Fómhair.

    Thairis sin arís, bhí Iosrael sásta glacadh le socrú críochdheighilte an UN in 1948 ach ní raibh na Palaistínigh ná na stáit Arabacha. Fearadh cogadh ar Iosrael an uair úd agus bhí ar Iosrael é féin a chosaint ó na tíortha máguaird a bhí ag iarraidh é a chur de dhroim an tsaoil. Ní dhearna an UN faic chun an socrú críochdheighilte a chur i bhfeidhm ná smacht a choinneáil ar chúrsaí. Tá Iosrael ag iarraidh é féin a chosaint ó shin i leith, agus ní tógtha air é go bhfuil sé in ann é féin a chosaint agus an ceann is fearr a fháil ar na tíortha naimhdeacha máguaird, ná ar na grúpaí sceimhlitheoireachta sa réigiún.

  • Breathnóir1

    Peter Logan – tá cos ar bholg á imirt ar na Palaistínigh ó bhí 1948 ann. Cá mhéad acu a maraíodh ó shin?
    Tá siad ina gcónaí i stát apartheid. Le bliain anuas tá idir 40,000 agus 200,000 míle Palaistínigh maraithe ag Iosrael/SAM le cuidiú ón RA agus ó thíortha éagsúla Eorpacha, ó thaobh soláthar arm de.
    An bhfuil sin inghlactha? Ní dhearna tusa cáineadh sonrach air sin i do ráiteas thuas, mar sin de glacaim leis go n-aontaíonn tú leis an slad sin?

  • Darren

    ‘Tá Iosrael ag iarraidh é féin a chosaint ó shin i leith’ tá gach mac máthar chomh bodhraithe céanna ag an tseanphort gan bhinneas sin atá á sheinm ag Iosrael agus Siónaigh. An í an ‘chosaint’ sin a bheith ag cur isteach gléasanna marfacha i nglaoirí agus i ríomhairí agus íospartaigh a dhéanamh de dhaoine neamhchiontacha atá thimpeall an phléasca? An chosaint é buamaí a leagan anuas ar champa teifí? An chosaint é bréaga a chumadh faoi ár linbh agus ag an am céanna a bheith ag déanamh an rud ceannann céanna atá á cháineadh agat? Níl Iosrael á ‘cosaint’ féin, tá sé ag iarraidh cinedhíothú a dhéanamh de na Palaistínigh agus ionradh a dhéanamh ar thailte a gcreideann siad go mba leo féin iad.

  • Fearn

    Níl lá locht agam ar d’ainilís, a Mháirtín, ach go bhfuil tú ag tabhairt tuairisc mar a chuimhneodh póilín ar theacht i láthair beirt chomharsa ar éirigh eatarthu, agus go molfafá, b’fhéidir dóibh lámh a chrothadh lena chéile, teacht ar a gcéill, dea-aobih a chur orthu i leith a pháirtí, casadh abhaile agus a leas a dhéanamh.
    Is dual an cúlra a léamh agus a thuiscint agus, go háirithe meon na beirte a mheá.
    Tá an bheirt ag troid ar son a n-eisinte fhéin. Muna bhfuil barr coimhlinte acu, caillfidh siad gach rud.
    Agus is ionann barr coimhlinte acu agus a chéile comhraic a scriosadh go hiomlán ionnas nach bhfillfidh sé choíche fiú mar thaibhse.
    Cogaíocht iomlán mar sin. Ní amháin le maisínghunnaí agus diúracháin ach le sílteagasc , eolas agus míeolas.
    Tá promhadh i gceist fosta. An seasfidh an Meiriceánach leis an Síónach cuma a dhéanann sé.?Seasfidh, mar sin, tá solárthaí armlón gan chríoch ag taobh.
    An ndéanfaidh an saol mór faic? Ní dhéanfaidh.
    An seasfidh an tArabach leis an Phalaistíneach? Ní sheasfaidh.
    An bhfuil cead a chinn ag an Síonach? Tá.
    Ar tháinig an fhaill don Síónach? Tháinig agus freastalóidh sé uirthi.
    Is maith le straitéisí an buille deiridh riamh a shocraíos gach rud. mar dh’ea?. Cé a chuirfeadh suas de?
    Siad na polaiteoirí a dhéanann síochán, bíonn saighdiúirí ag saighdiúracht. Marbhadh na polaiteoirí Phalastíneacha agus tá polaiteoirí na Síónach ina shaighdiúirí anois.
    Agus san idirlinn marbhaítear na daoine gan trua.

  • Criostóir

    A Darren, an é go gceapann tú nár cheart d’Iosrael faic a dhéanamh faoi na mílte diúracán atá á scaoileadh ag Hezbolladh ar shibhialtaigh Iosraelacha le bliain anuas? Ní féidir cead a gcinn a thabhairt do leithéidí Hezbolladh cineál ‘post lae’ a dhéanamh den sceimhlitheoireacht, iad ag ceapadh gur féidir leo diúracáin a scaoileadh ar Iosrael i rith an lae agus ansin filleadh abhaile slán sábháilte ar a muintir istoíche amhail is go bhfuil gnáthlá oibre déanta acu agus go bhfuil gach rud togha. Filleann an feall ar an bhfeallaire, agus is ag cur a muintir féin i mbaol a bhí siad nuair a chuaigh siad leis an sceimhlitheoireacht. Ní féidir tús a chur le cogadh agus a bheith ag gearán ansin gur thug do namhaid freagra rófhíochmhar ort. Is róthrua go bhfaigheann sibhialtaigh bás i gcogaí, ach creid é nó ná creid, déanann Iosrael a dhícheall básanna na sibhialtach a íoslaghdú. Is cuid den chogaíocht é go bhfaigheann go leor daoine neamhchiontacha bás agus is trua sin (go háirithe i gcás cogadh i gcoinne grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach nó a bhíonn ina gcónaí lena muintir a fhad is atá cogadh á fhearadh acu). Ach is trua freisin gur thug go leor de mhuintir na Liobáine tacaíocht do Hezbollah, dream a tharraingíonn scrios agus ár ar an bpobal seachas a gcúinsí saoil a fheabhsú, dream a chaitheann na múrtha airgid ar roicéid agus ar thógáil na dtollán seachas aon ní fiúntach a dhéanamh ar son mhaitheas na Liobáine.

    Agus maidir le líomaint an chinedhíthaithe, tá sin bréagach amach is amach. Bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus sa stráice Gaza sa lá atá inniu ann (sin gan trácht ar an milliún Arabach in Iosrael féin agus Palaistínigh an diaspóra). Ní thuigim cén chaoi gur cinedhíothú é sin.

  • Carraig

    Cén plean atá ann, in Iosrael go háirithe, don tsíocháin amach anseo seachas an cor a thabhairt in aghaidh an chaim (ós gach taobh) san marú fuilteach laethúil a fheicimíd gach lá?
    Agus a leanfaidh ar aghaidh go deo na ndeor, más fíor dóibh siúd a deir:
    “Gach leanbh a mharaítear sa sléacht seo is ionann é agus beirt nó triúr eile earcach nua ag Hamas agus Hezbollah ar a laghad.”