Bliain na vacsaíne a bheidh inti, ach instealladh muiníne ag teastáil i gcás Stormont

Déanfar promhadh ar cheannairí na mórpháirtithe agus ar an institiúid a bhfuil siad i gceannas uirthi in 2021

Bliain na vacsaíne a bheidh inti, ach instealladh muiníne ag teastáil i gcás Stormont

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Vacsaín chun an Covid-19 a shárú, na hiarmhairtí sláinte agus eacnamaíochta le ceansú, an tseirbhís sláinte le slánú, an Breatimeacht agus a éifeacht agus tástáil ar Stormont féachaint an bhfuil sé inniúil don ghnó.

Bliain na vacsaíne a bheidh inti, má bhíonn an t-ádh orainn. Nó bliain na vacsaíní, b’fhéidir. Cibé, táthar ag súil go bhfaighimid smacht ar an víreas roimh dheireadh na bliana seo. Cuireadh na múrtha fáilte roimh an méid de vacsaín Pfizer BioNtec a fuarthas i dTuaisceart Éireann roimh an Nollaig. Ba mhaith ann dáileoga do 12,500 duine ach táthar ag súil go mbeidh dóthain ar fáil idir seo agus an Cháisc chun na hoibrithe sláinte go léir, daoine leochaileacha agus gach éinne os cionn 70 a vacsaíniú.

Má bhíonn deireadh leis na sraitheanna dianghlasála faoi shamhradh beidh obair mhór riachtanach chun a dhul i ngleic leis an damáiste don tsláinte, idir chorp agus mheabhair, agus an dochar ollmhór don eacnamaíocht. Sula raibh aon chaint ar phaindéim bhí sé áirithe ag an roinn eacnamaíochta go mbeadh 40,000 post abhus i mbaol dá mbeadh an Breatimeacht gan mhargadh ann. Bhí an líon céanna jabanna i gcontúirt ó dhianghlasáil Covid-19 dar le fostóirí, i mí na Samhna; beidh gá le straitéis mhisniúil chun buille chomh mór sin a sheachaint sa tréimhse seo romhainn.

Bhí an tseirbhís sláinte faoi dhianbhrú sular bhuail an phaindéim í agus atheagrú an chórais uilig leagtha síos mar thosaíocht do Stormont. I measc na moltaí a bhfuil tacaíocht ilpháirtí acu, más fíor, bhí laghdú ar líon na n-ospidéal agus cinn a bheadh dírithe ar speisialtóireachtaí a bhunú. Bheadh sé sin conspóideach sna ceantair ina bhfuil na hospidéil nach roghnófaí mar ionaid barr feabhais. Dúshlán do na polaiteoirí is ea é ach tá an t-atheagrú práinneach. Bhí an tseirbhís meabhairshláinte easnamhach le fada agus géarghá lena feabhsú. Áirítear gur mó go mór an gá a bheidh leis sin i ndiaidh na paindéime.

Ina theannta sin beidh trí cinn d’fhiosruithe poiblí ar fhadhbanna sa tseirbhís sláinte ag cur tús le héisteachtaí; baineann péire le hobair speisialtóirí agus an tríú ceann le hiompar in ionad do dhaoine goilliúnacha. Beidh tábhacht thar na bearta leo sin chun muinín san NHS a chaomhnú, seirbhís a bhfuil daoine an-phráinneach aisti.

Díol suntais ab ea é gur dhúirt an ceathrú cuid de na daoine a ceistíodh i suirbhé le déanaí go mbeadh tionchar ag an NHS ar a vóta i reifreann faoi Éirinn aontaithe; ní thabharfadh siad suas an tseoid luachmhar sin, dúirt siad.

Buille síceolaíochta d’aontachtaithe ab ea é gur ghlac rialtas na Breataine leis na socruithe Breatimeachta a chuir ‘teorainn i Muir Éireann’ dar leo. Bhí an DUP faoi ionsaí ag na páirtithe aontachtacha eile a chuir ina leith gur ghlac siad le Prótacal na hÉireann faoinar deineadh idirdhealú idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe. Cé is moite den scamhailéireacht sin agus léiriú anseo agus ansiúd de mheon an léigir, níor léir go dtí seo go gcothódh na socruithe guagacht go forleathan.

Bhí an buille síceolaíochta níos troime mar gur céad bliain ó shin a rinneadh an chríochdheighilt. Tá comóradh ar bhunú an stáit beartaithe ag aontachtaithe. Dúirt Sinn Féin nach raibh tada le ceiliúradh. Dúirt SDLP go nglacfadh siad páirt i seimineár nó a leithéid ach nach mbeadh siad ag ceiliúradh. Tráth a bhfuil caint ar reifreann faoi aontú na hÉireann ag bailiú nirt de bharr an Bhreatimeachta, tá faobhar ar éileamh na n-aontachtaithe go ndéanfaí comóradh dearfach ar a ról san Ríocht Aontaithe. Tá an caidreamh le rialtas na hÉireann lag, mar atá an caidreamh Angla-Éireannach freisin de bharr an Bhreatimeachta agus bí cinnte nach bhfuil na haontachtaithe buíoch de Boris Johnson.

Ní hé sin an t-aon bhagairt don status quo. Reáchtálfar daonáireamh abhus i mbliana agus é á thuar gur ar éigean a bheidh móramh aontachtach/Protastúnach ann a thuilleadh. Athrú ollmhór a bheadh ansin i stát a bunaíodh ar dhéimeagrafaic chun móramh aontachtach a chinntiú.

Faoiseamh d’aontachtaithe is ea go mbeidh Stormont ar oscailt don 100ú lá breithe. Ceist eile ar fad í an bhfaighidh siad cead ó na Teachtaí Tionóil chun na himeachtaí ba mhaith leo a reáchtáil. Thairis sin, cuirfear suim mhór i ngnóthaí Stormont. Ba mhór an dúshlán dóibh paindéim an Covid-19 a nocht go míthrócaireach nach raibh siad in ann aontú ar chomhchuspóir, fiú san éigeandáil. Ar bhealach, áfach, cheil an phaindéim go leor de na laigí mar nach raibh aird ag an bpobal ach ar bhagairt eiseach dhofheicthe an choróinvíris.

Neosfaidh 2021 cé mar a chruthóidh siad maidir le hoidhreacht na dTrioblóidí – an ligfidh siad do rialtas na Breataine próiseas easnamhach a bhrú orthu agus éagóir a dhéanamh ar íobartaigh? An rithfidh siad reachtaíocht fhéaráilte do chearta teanga, an gceapfar Coimisinéir Teanga, a mbeidh cumhacht aige/aici, an mbunófar an Scoil Leighis in Ollscoil Mhic Aoidh i nDoire, an gcuirfidh siad an deighilt sheicteach i leataobh ar mhaithe leis an bpobal? An seasfaidh siad le Robin Swann chun na leasuithe riachtanacha a dhéanamh ar an gcóras sláinte nó an mbeidh cleasaíocht ar mhaithe le buntáiste do pháirtithe ar siúl?

An ndéanfaidh siad a ndóthain chun muinín a chothú in Stormont, ní áirím iontaoibh sna Céad-Airí? Chaill Michelle O’Neill tacaíocht i ngeall ar a freastal ar shochraid Bobby Storey; ba í an ceannaire ab ísle ar an tábla i bpobalbhreith ina dhiaidh sin í. Tá ceannaireacht Arlene Foster ar a páirtí faoi bhrú go seasta, ionadaithe ag glacadh a rogha seasamh beag beann uirthi. Déanfar promhadh ar an mbeirt agus ar an institiúid a bhfuil siad i gceannas uirthi in 2021.

Fág freagra ar 'Bliain na vacsaíne a bheidh inti, ach instealladh muiníne ag teastáil i gcás Stormont'