Bliain de bhréaga, den chinedhíothú agus de mhórbhagairt na Rúise

Tá ceannaire agus meon i réim sa Rúis atá chomh dainséarach leis an gceannaire agus an meon a bhí in uachtar sa Ghearmáin le linn ré na Naitsithe

Bliain de bhréaga, den chinedhíothú agus de mhórbhagairt na Rúise

Yury Anatoliyevich Filatov. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Bliain go ham seo a dúirt ambasadóir na Rúise in Éirinn le RTÉ gur caint gan chiall é a rá go raibh ionradh ar an Úcráin beartaithe ag an Rúis.

Is fiú cuimhneamh ar a ndúirt Yury Filatov le Sarah McInerney le linn agallaimh ar Primetime ar an 16 Feabhra 2022 mar shampla d’easpa macántachta. Ní tearc na samplaí a thug Rúisigh eile ó shin.

Dúirt Filatov go gcríochnódh an “cleachtadh míleata” a bhí ar bun ag fórsaí na Rúise gar do theorainn na hÚcráine ar an 20 Feabhra. Ceithre lá ina dhiaidh sin a chuir fórsaí a thíre tús leis an ionradh ar an Úcráin.

Ní raibh fáth polaitiúil, eacnamaíochta ná míleata ann go n-ionsódh an Rúis an Úcráin, a dúirt an t-ambasadóir le McInerney, mar a thuigfeadh sí, dar leis, dá mbeadh aon eolas aici faoi mhuintir na Rúise nó faoin mhuintir na hÚcráine.

Bhí caint tharcaisneach Filatov ag teacht leis an leagan oifigiúil den scéal a bhí le cloisteáil ó urlabhraithe oifigiúla na Rúise sular thosaigh an t-ionradh. Nuair a labhair Maria Zakharova, urlabhraí roinn gnóthaí eachtracha na Rúise, le stáisiún teilifíse Rúiseach ar na 16 Feabhra (an lá céanna ar labhair Filatov le RTE) dúirt sí go raibh “cluichíocht scanrúil ó thaobh na faisnéise” ar bun in Washington agus i Londain.

Ní raibh fírinne dá laghad sa chaint ar ionradh ar an Úcráin, dar léi. Ní raibh faisnéis ar bith ann go raibh bunús ar bith le caint da leithéid agus ní raibh plean dá leithéid ann ach oiread.

Ní foláir bréaga mar seo a chur le hais gach bréag agus gach séanadh oifigiúil a d’eisigh foinsí rialtais agus míleata na Rúise ó chuir Vladimir Putin tús le céim eile den ionradh (a thosaigh dáiríre nuair a ghabh fórsaí na Rúise seilbh ar an gCrimé in 2014) bliain ó shin go díreach, beagnach.

Ní foláir cuimhneamh ar na bréaga freisin nuair atá moltaí gur chóir tosaíocht a thabhairt don tsíocháin seachas cabhair mhíleata bhreise don Úcráin á meá againn.    Is léir óna bhfuil ráite ag Putin agus ón bhfianaise atá ar fáil ó thosaigh an t-ionradh gur cinedhíothú atá beartaithe agus á chur i gcrích.

Bíonn gach cogadh fuilteach ach ní hionann cogadh ar bhonn ciníoch agus gnáthchogadh.  Tá sainmhíniú úsáideach ar chinedhíothú sa Choinbhinsiún ar Chinedhíothú, ar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis i 1948 agus atá sínithe ag 152 rialtas go dtí seo, rialtas na Rúise ina measc.

De réir an Choinbhinsiúin; bíonn cinedhíothú i gceist:

– nuair a mharaítear daoine ó ghrúpa áirithe

– nuair a dhéantar dochar corpartha nó intinne don ghrúpa

–  nuair a bhrúitear cúinsí beatha d’aon ghnó ar ghrúpa chun iad go léir, nó cuid acu, a scrios

– nuair a chuirtear beartais i bhfeidhm a chuireann bac ar shaolú páistí

– nuair a aistrítear le lámh láidir páistí ón ngrúpa go dtí grúpa eile.

Taobh amuigh den fhianaise atá ar fáil go forleathan san Úcráin go bhfuil cinedhíothú ar bun ag fórsaí na Rúise le bliain, ní tearc an fhianaise atá curtha ar fáil ag Putin féin agus ag bolscairí mínáireacha gur cinedhíothú atá beartaithe. Tá an sruth leanúnach fuatha a chraoltar ar chláir theilifíse na Rúise aimsithe, aistrithe agus scaipthe ar líne ag an iriseoir Julia Davis.

Tharraing an staraí Meiriceánach Timothy Snyder aird ar mheon cinedhíothach oscailte. Tá an meon Kremlin-bheannaithe bunaithe, dar leis, ar a shéanadh go bhfuil a leithéid de rud agus náisiún agus stát Úcránach ann nó, má tá, nach bhfuil ann ach comhcheilg Naitsíoch in aghaidh na Rúise.

Is bocht léanmhar an scéal é, ach ní thiocfaidh fuascailt ar chruachás na hÚcráine go mbeidh an tír sin ábalta iachall a chur ar fhórsaí na Rúise cúlú as na tailte a ghabhadar nó as an gcuid is mó díobh. Níl rogha mhorálta ar fáil ach an rogha dheireanach a fhágáil faoi rialtas na hÚcráine.

Tá ceannaire agus meon i réim sa Rúis atá chomh dainséarach leis an gceannaire agus an meon a bhí in uachtar sa Ghearmáin le linn ré na Naitsithe.

Is ríléir faoin am seo go gcaithfear an fód a sheasamh go ceann i bhfad in aghaidh an olldainséir atá anois ag bagairt. Tá gá le cabhair mhíleata ó thíortha eile agus fóirithint chothrom ar theifigh. Tá na riachtanais chomh soiléir agus a bhí na riachtanais nuair a tuigeadh iad faoi dheireadh ag tús an chogaidh domhanda i 1939.

Iarfhocal

Ghearr cúirt sa Rúis téarma príosúin sé bliana ar an iriseoir Maria Ponomarenko Déardaoin tar éis í a chiontú ‘i bhfoilsiú bréagfhaisnéise’. Cuireadh ina leith freisin gur thug sí cogadh (focal nach gceadaítear a rá) ar ionradh na Rúise.

Léirigh an cás an chinsireacht gan trócaire a cheileann an fhírinne faoi scéal na hÚcráine ar mhuintir na Rúise.

Gabhadh í naoi mí ó shin mar gheall ar thuairisc ar na mbuamáil a rinne an Rúis ar amharclann in Mariupol inar maraíodh 300 duine ar a laghad. Thug Amnesty International “coir chogaidh” ar an ionsaí a rinne eitleáin Rúiseacha. Shéan an Rúis freagracht.

Tá beirt pháistí óga ag Maria agus dúirt abhcóide ar a son go bhfuil a meabhairshláinte go dona ó gabhadh í.

‘Ní cóir tírghrá a léiriú le coir,’ a dúirt sí leis an gcúirt in Barnoul.

‘Is ionann caimiléireacht agus coir. Is ionann ionsaí ar chomharsa agus coir.’

Fág freagra ar 'Bliain de bhréaga, den chinedhíothú agus de mhórbhagairt na Rúise'

  • Eoghan Ó Néill

    Píosa an – mhaith ó Chathal atá lán den fhírinne dearfainn. Pobal bocht na hÚcráine agus ,ar chéim níos ísle, pobal na Rúise is mó atá ag fulaingt dá bhárr. Ach braithim go bhfuil an’Drang nach Osten’ de chuid NATO ina mhór-chúis leis. Rud eile, tá cogadh leanúnach in Oirthear na tíre ón bhliain 2014 ar aghaidh inar ionsaíodh an Donbas ,Luhansk etc. Cad é atá a dhul a tarlú do phobal an Oirthear sa deireadh?

  • Eoin Ó Murchú

    Ceart ag Eoghan ansin. Ach beidh an bua ag an Rúis is muintir Donbas saoraithe ó ionsaithe Kiev.

  • Seán Mag Leannáin

    Glacaim go hiomlán le tuairimí Chathail i dtaobh an chogaidh ach tugaim faoi deara nach dtugann an t-alt aon aird ar na contúirtí a bhaineann leis an bpolasaí reatha: tuilleadh tacaíocht mhíleata a thabhairt don Úcráin gan iarracht ar bith a dhéanamh tús a chur le cainteanna síochána. Caithfimid cuimhneamh go bhfuil gné nua scanrúil ag baint leis an gcogadh seo nach raibh ann cheana – ‘sé sin go ngéaróidh sé go cogadh núicléach agus ollscrios na hEorpa, nó fiú an domhain, má tharlaíonn sin. Ní maith liom nach bhfuil aon chaint faoi thionsnamh síochána de aon saghas, nó na féidearthachtaí fiú, i láthair na huaire.

  • jpmorley0@gmail.com

    Dearg-ár á thuar ag gach taobh anois. Níl an ghealtacht seo ach ina tús; ‘tá gach rogha ar an mbord’, ‘cibé rud is gá a dhéanamh’, ‘siar amach go deireadh’ srl. ‘Siad na hairm an t-aon bhealach chun na síochána,’ adeir ceann feadhna NATO linn. Na ceannairí móra i SAM, sa tSín agus sa Rúis ag drannadh go fíochmhar agus go tarcaisniúil lena chéile. An deargadh beara is an buaileam-sciath gan stad. Gan an chogaíocht ina teas fós ach nach fada eile go mbeidh, gealltar dúinn. Níor thógtha orainn bheith eaglach agus an-eaglach anois. Tá nimh san aer.

  • Dónall Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    An Úcráin abú !!!

    Tugaigí (NATO agus An t-Aontas Eorpach) tuilleadh airm nua-teachneolaíochta dóibh agus cuirfidh na hÚcráinigh an ruaig ar na Rúisigh ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill agus beidh Samhradh maith ag Tír Zelensky. !!!

    Alt den scoth ó Chathal i dtaobh fhadhb Ionraidh na hÚcráine scor ar bith .

    Dá mbeadh na Naisiúin ‘Aontaithe/Neamh-Aontaithe’ in inmhe arm a chur ar na líntí tosaigh idir an dá tír mar a rinne siad ar fud an Domhain bheadh tús le réiteach.

    Ach a chloisim uait ní fhéadfaí sin a chur i gcrích de thairbhe smacht ag na hOllChumhachtaí (Meiriceá agus an Rúis) ar chúrsaí inmheánacha na hEagraíochta sin.

    Is soiléir go bhfuiltear ag fanacht ar ‘Shocrú’ Hitler agus go mbeadh slad mar is ceart ann, ar an droch-uair !!!!

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings

    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach
    sa Ghaeltacht/Jailteacht
    Bloc E,
    Ardán 1
    Príosún Phort Laoise
    Port Laoise

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    *****************************************************************************************

  • Gearoid O Raghallaigh

    Victoria Nuland, Fo-Rúnaí Stáit.
    https://www.bbc.com/news/world-europe-26079957
    https://www.theguardian.com/commentisfree/2022/feb/28/nato-expansion-war-russia-ukraine
    Is léir ón comhrá taifeadta idir Victoria Nuland Fo-Rúnaí Stáit, Mheiriceá agus Jeffrey Pyatt ambasadóir Mheiriceá chun na Ucráine i 2014 go raibh siad ar an eolas agus iad i mbun ‘coup d’état”, ag roghnú an chéad rialtais eile; ní hé sin daonlathas. Tagraíonn siad do “Yats” sa chomhrá; ceapadh Arseniy Yatsenyuk ina príomh aire tar éis cuireadh as chumhacht an t-uachtarán tofa go daonlathach, sarú ar bhunreacht na Ucráine.
    Is é athrú réimis ar ceann de na huirlisí a úsáidtear ag rialtas Mheiriceá chun impírúlachas agus ceannas a chur chun cinn, mar a rinne siad san Iráin 1953, Guatemala 1954, Haiti 2004, Honduras 2008 agus áiteanna iomadúla eile ar feadh an domhain. Is iad cosmuintir na dtíortha seo a bhíonn thíos leis. Ní bheidh an Ucráin difriúil.