Déanfar ceiliúradh mór an bhliain seo chugainn i Manainn ar theanga Ghaelach an oileáin, an Mhanainnis, agus ‘Blein ny Gaelgey’ (Bliain na Manainnise) fógartha ag an eagraíocht teanga Jeebin (Líonra).
Is iad na spriocanna atá luaite le ‘Blein ny Gaelgey’, a bheidh ar siúl ó cheann ceann na bliana seo chugainn, ná “íomhá dhearfach” den Mhanainnis a chur chun cinn, muintir an oileáin a spreagadh an teanga a úsáid, “an chruthaitheacht agus an nuálaíocht” a spreagadh sa phobal teanga, agus “oidhreacht sheasmhach a bhunú” don teanga.
Is scátheagraíocht teanga í Jeebin a bhfuil seacht n-eagraíocht a bhíonn ag plé le cúrsaí teanga san oileán ina mball di. Is iad sin Bunscoill Ghaelgagh, an t-aon bhunscoil lán-Mhanainnise sa tír; an eagraíocht cultúir Culture Vannin; dhá aonad de chuid na Roinne Oideachais; Oidhreacht Náisiúnta Mhanann; Mooinjer Veggey, an naíonra Gaelach; agus Possan Ronsee Gaelgagh, an grúpa taighde teanga. Tá Jeebin freagrach as an Straitéis Manainnise a chur chun cinn.
Deir Jeebin gurb é ‘an Mhanainnis do chách’ an meon atá ag croí na straitéise teanga agus gur deis a bheidh in Blein ny Gaelgey eiteas na straitéise a chur chun cinn ar fud an oileáin.
“Léirítear i dtaighde fairsing go gcabhraíonn an fhoghlaim teanga leis an uaigneas sóisialta, go gcothaíonn sé aontacht phobail, agus go bhfuil sí go maith don tsláinte mheabhrach agus don tsláinte fhisiciúil.
“Trí dheiseanna a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí dul i ngleic leis an Manainnis, forbraítear a dtuiscint ar a n-áit sa domhan mór. Cuireann sé seo ar chumas na ndaoine féiniúlacht uathúil Mhanann a aithint agus cothaítear mórtas pobail san oileán,” a dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta.
Deir Jeebin go réitíonn a bplean bliain mhór teanga a reáchtáil le Our Island Plan, plean straitéiseach de chuid Rialtas Mhanann don oileán, agus leis an straitéis náisiúnta don chultúr agus do na healaíona atá i bhfeidhm sa tír. Deir siad freisin go gcabhróidh an ceiliúradh mór leis an rialtas na dualgais atá air faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a chomhlánú.
Tá súil ag an eagraíocht gur céim chun cinn a bheidh in Blein ny Gaelgey lena sprioc féin líon na gcainteoirí Manainnise i Manainn a mhéadú go 5,000 faoin mbliain 2032. De réir an daonáirimh a rinneadh in 2021 tá 2,223 cainteoir Manainnise i Manainn agus an chuid is mó acu sin lonnaithe in Doolish, príomhchathair an oileáin.
Beidh cúig théama i gceist le Blein ny Gaelgey: an Óige agus Teaghlaigh; Féiniúlacht agus Mórtas Áite; Pobal agus Cruthaitheacht; Taighde agus Acmhainní; agus an Fhoghlaim Shaoil.
Cuirfear maoiniú £500 (€580) ar fáil d’ealaíontóirí agus do ghrúpa cultúir agus ealaíon leis an Manainnis a shníomh isteach ina gcuid oibre i gcaitheamh na bliana seo chugainn. I measc na dtograí atá beartaithe cheana féin tá saothair nua ealaíne, seisiúin amhránaíochta do scoileanna, ceardlanna agus ceolchoirmeacha, múineadh na Manainnise do phobail nua, agus seantaifeadtaí de chainteoirí Manainnise á n-úsáid i gceol nua leictreonach.
Beidh múrmhaisithe nua Manainnise á nochtadh i spásanna poiblí ar fud an oileáin, tá podchraoladh nua Manainnise do dhaoine óga le craoladh, agus tá togra ann ina n-aistreofar amhráin phopcheoil go Manainnis. Tá an bhliain le ceiliúradh ag Oifig an Phoist san oileán freisin agus stampaí le heisiúint a mbeidh focail agus nathanna Manainnise orthu.
“Tá muid an-sásta na hiarratais a fheiceáil ó go leor daoine nach raibh baint acu leis an Manainnis roimhe seo ach a fuair inspioráid ón togra agus ó fhís Bhlein ny Gaelgey. Is faoi sin atá muid – bealaí nua a aimsiú do dhaoine le ceangal a dhéanamh leis an teanga.
“Is iontach an rud é glórtha as an nua a chloisteáil ag teacht chun cinn in éineacht le cainteoirí Manainnise fadbhunaithe, agus gach duine acu ag tabhairt a gcruthaitheachta agus a bhfuinneamh féin leo. Is fada linn go bhfeicimid na tograí seo á roinnt ar fud an domhain in 2026,” a dúirt Breesha Maddrell, stiúrthóir Culture Vannin.
Fág freagra ar 'Blein ny Gaelgey 2026 – ceiliúradh bliana ar an Manainnis fógartha'