Tá lucht feachtasaíochta na Gaeilge ag rith le brothall agus lán le drochmhianach ó thug Rosita Boland fogha fíochmhar faoin nGaeilge san Irish Times ag deireadh na míosa seo caite.
Tá an fothragadh braite i nDomhnach Broc mar ar maidin earcaíodh duine de mhuintir an tí le dúshlán Rosita a thabhairt ar chlár Sheán O’Rourke.
Bhí a fhios agam roimh ré go dtabharfadh Bláthnaid Ní Chofaigh taispeántas deisbhéalach, paiseanta uaithi. Bhí Rosita beagfhoclach go maith agus ar uairibh taibhsíodh dom gur díospóireacht idir Seán O’Rourke agus Bláthnaid a bhí ann.
An t-ábhar iontais ba mhó faoin alt úd ná go raibh alltacht agus iontas ar Ghaeilgeoirí in aon chor óir ní raibh aon ní ann nach raibh cloiste cheana againn. Thagair Bláthnaid d’iomadúlacht na n-alt seo, go mórmhór an tráth seo bliana.
Bhí claontacht, cúngaigeantacht agus easpa taighde le sonrú go láidir in alt agus caint Rosita, tréithe riachtanacha do shaothar i seánra na n-alt frithGhaeilge.
Go deimhin cloíodh go docht daingean le Dlí Godwin na Gaeilge (sé sin nach féidir an Ghaeilge a phlé gan tagairt a dhéanamh do Pheig ag pointe éigin).
Arís eile bhí duine ag maíomh as aineolas, ag fógairt nach fiú an deich triuf an teanga agus airgead mar shlat tomhais ar gach rud. Béim á cur ar ‘acmhainní,’ ‘praiticiúlacht’ agus ‘riachtanas’.
Conas is féidir dul i ngleic leis sin, go mórmhór ar stáisiún a bhfuil amhras ann faoina thiomantas don Ghaeilge agus le lucht éisteachta gur dóichí go n-aontaíonn sciar scanrúil suntasach díobh le tuairimí bhean an Irish Times?
Dhein Bláthnaid a dícheall agus labhair faoi leochaileacht an chainteora dúchais, an easpa cúraim don chainteoir céanna sa chóras oideachais, srl. D’fhiafraigh sí an ndéarfaí rudaí mar sin faoi chultúr an lucht siúil. Ceist ná fuair freagra nuair a d’fhéadfadh slais a bheith caite nach bhfuil a dteanga siúd éigeantach sa chóras oideachais.
Lean Rosita uirthi leis an bport céanna; nach raibh suim aici sa teanga. Ar shlí fuair Bláthnaid an ceann is fearr ar an mbeirt ach is deacair buachtaint ar an gcluas bhodhar.
Dáithí Mac Cárthaigh
Mo cheol thú a Bhláthnaid.
Ní luífimid faoin eitireacht seo níos mó.
Cormac
Dhein Blathnaid go maith!
Fionnbarra
Is brea liom ‘Dli Godwin na Gaeilge’!
Tomás Ó hÓgáin
Curtha go maith arís agat a Bhreandáin, nár laga Dia do lámh!
padraig
‘an chluais bhodhar’ nach áil í a dhíbhodhrú fiú is dá mbeadh éisteacht eascún le bronnadh uirthi………….lomalár an chirt agat ‘slat tomhais an bhrabúis’ bun is barr an tsaoil ag Taliban sin an London Times….cad é sin a dúirt Oscar Wilde……fé phraghas agus luach…?
Jack Delaney
Is fuath liom an nós atá ag daoine áirithe nuair a deireann siad rudaí mar ‘cén fáth a bhfuil tú comh mothúchánach faoin gcéist seo?’ amhail is gur gealta iad na daoine a labhrann teanga a ndúchais, nó a cheapann go bhfuil sí lárnach agus tábhachtach i stair agus i dtodhchaí na hÉireann. Cé go bhfuil an reitric seo faiseanta in Éireann agus go gcuirtear romhainn é go bhfuil an tuairim sin nua-aimseartha agus ciallmhar, níl an tuairim seo le fáil ach laistigh de na hoileáin seo. Cuireann an méid seo iontas ar dhaoine ó thíortha eile na hEorpa: b’fhéidir go gceapann daoine go bhfuil an tuairim seo nua-aimseartha agus forásach, ach is in Éirinn amháin a bhfuil tuairimí dá leithéidí.
Colin Ryan
Bíodh ciall againn. Ní hí an Ghaeilge a bhí á hionsaí ag Rosita i ndeireadh na dála ach an dóigh a múintear í. An bhfuil Gaeilgeoir ar bith nach ndéarfadh go bhfuil sé thar am leasú ó bhonn a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla ?