Blas den ‘déjà vu arís eile’ ar an bhfeachtas is deireanaí de chuid an DUP

Más é an siombalachas is tábhachtaí n’fheadar conas is féidir leis an DUP a chuspóir a bhaint amach

Blas den ‘déjà vu arís eile’ ar an bhfeachtas is deireanaí de chuid an DUP

Ceannaire an DUP Arlene Foster. Pictiúr: Rollingnews.ie

‘Ulster Says No’, ‘Smash Sinn Féin’ ‘No Belfast Agreement’, ‘Safeguard the Union’. Níl iontu sin ach cuid de na feachtais a rith an DUP i gcaitheamh na mblianta chun diúltú d’athruithe ar an saol nach raibh aon ghlacadh acu leo. I gcead do Yogi Berra agus a mhífheilteachas cáiliúil, tá blas den ‘“déjà vu arís eile’ ar an bhfeachtas is deireanaí de chuid an DUP ‘cuir an Prótacal ar ceal’.

Cháin Príomh-Chonstábla an PSNI an ‘reitric fhiabhrasach’ a bhain le gearáin faoin bPrótacal. Dúirt sé freisin nach raibh faisnéis ar bith ag na póilíní go raibh ionsaithe, aindlí nó léirsithe á mbeartú ag paraimíleataigh dhílseacha. Dúirt Arlene Foster áfach go raibh ‘teannas mór’ i measc an phobail faoin bPrótacal agus go gcaithfí é a chur ar ceal scun scan. Feachtas polaitiúil a theastaigh agus bheadh foréigean do-ghlactha a dúirt sí.

Is léir go mba fheachtais in aisce iad na cinn thuasluaite, in aghaidh Chomhaontú Hillsborough, Sinn Féin sa pholaitíocht agus Comhaontú Aoine an Chéasta. I gcás an Chomhaontaithe d’éirigh leo méid áirithe a bhaint amach, rud a chuir ar chumas Ian Paisley a dhul i gcomhar le Sinn Féin in 2007, ag roinnt na cumhachta in Stormont. Thaispeáin an tUrramach Paisley agus a leascheannaire ag an am, Peter Robinson go raibh siad in ann cuma na caithréime a chur ar athrú cúrsa.

An bhfuil an páirtí inniu ábalta a bheith solúbtha? Tá a naimhdeas don Phrótacal bunaithe ar chúinsí praiticiúla agus siombalacha. An féidir leis an DUP glacadh le casadh nó ceartú ar chuid de na cleachtais faoin bPrótacal atá ag cothú deacrachtaí praiticiúla? Más féidir, is ar dhoras oscailte atá siad ag brú agus níl aon ghá le buaileam sciath chuige.

Tá obair mhór le déanamh ag Michael Gove, Maros Sefcovic agus an fochoiste um fheidhmiú an Phrótacail chun na deacrachtaí a bhaineann le seachadadh earraí ón mBreatain Mhór a réiteach; tá an obair sin indéanta faoi fhorálacha an Phrótacail.

Níor shíl éinne gur ribín réidh a bheadh i bhfeidhmiú na socruithe nua ón 1 Eanáir. Mar a dúirt lucht gnó abhus ar feadh na bliana anuraidh ba cheart an bhliain sin a bheith tugtha d’obair ullmhúcháin le haghaidh an chórais nua. Ó tharla nár deineadh an margadh go deireadh na hidirthréimhse ní hiontas pianta fáis a bheith ag an tionscadal.

Ba ghránna an ní é go raibh imeaglú na n-oibrithe custaim i Latharna agus i mBéal Feirste ar cheann de na deacrachtaí luatha. Tá sé sin do-ghlactha mar atá bagairt ar oibrí ar bith. Ní raibh fianaise ag na póilíní go raibh na foirne i gcontúirt mhór ach chuir an tAire Edwin Poots brú ar fheidhmeannaigh oibrithe a aistarraingt. Bhí amhras gur deineadh áibhéil faoin mbagairt ach is fearr i gcónaí a chinntiú go bhfuil daoine sábháilte.

Maidir le fadhbanna eile, níl ciall ar bith le bac ar shíol bláthanna, abair, agus bhí sé amaideach cáin bhreise a ghearradh ar charranna. Tá ceist na cánach ar ghluaisteáin fuascailte cheana féin. Maidir le feoil reoite, béilí réamhullmhaithe agus earraí dá leithéidí chaithfeadh sé a bheith furasta an scéal a chur ina cheart. ‘Sé an cuspóir a chinntiú nach ngabhfaidh siad isteach i margadh aonair an Aontais Eorpaigh.

Áibhéil ab ea maíomh an fheisire Ian Paisley gur thubaiste é an ganntanas de bharr an Phrótacail. De réir tuairisc ó Aodhán Ó Conghaile ón gCumann Miondíolaíochta bhí cúpla céad earra in easnamh as idir 40,000 agus 50,000 earra ar fad. Fadhb chasta é gur chinn comhlachtaí áirithe sa Bhreatain Mhór nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid déileáil leis an bpáipéarachas nua chun earraí a sheoladh go Tuaisceart Éireann. Baineann sé sin le táirgí le haghaidh gnólachtaí agus le hearraí a d’ordódh an duine aonair ar líne. Ní raibh comhlachtaí sa Bhreatain faoi réir do na hathruithe cheal réamheolas ón rialtas.

Más é an siombalachas is tábhachtaí n’fheadar conas is féidir leis an DUP a chuspóir, An Breatimeacht gan difríocht ar bith idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór, a bhaint amach.
An mbeadh Príomh-Aire na Breataine toilteanach conradh a shárú chun an DUP a shásamh nuair is teorainn chrua in Éirinn a bheadh mar thoradh air agus diancháineadh ó Mheiriceá a dhiúltódh don mhargadh leis? Mar thacadóirí an Bhreatimeachta chrua tháinig an DUP faoi bhrú ón UUP as teorainn a chur i Muir Éireann. Mhaígh Jim Allister, TUV gurb é an Prótacal an chontúirt is mó, lena bheatha féin, do stádas Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe.

Bhrúigh an DUP an scrioschnaipe tráth ar léirigh pobalbhreith titim mhór ar a thacaíocht agus an-chuid dá vótóirí bogtha go dtí an TUV. Thug amaidí an Choimisiúin Eorpaigh, lena fholáireamh go mbainfí leas as Airteagal 16 den Phrótacal i dtaca le vacsaín, deis d’Arlene Foster, deis a thapaigh sí go haibéil. Thug sé seans di an ghoimh a bhaint as ionsaithe na bpáirtithe aontachtacha eile ar an DUP agus í féin a chur chun tosaigh mar cheannaire ar ghluaiseacht aontachtach aontaithe.

Ach an bhfuil a cuspóir in-aimsithe? Is cuid de chonradh idirnáisiúnta é an Prótacal agus tá an tAE diongbháilte nach gcealófar é. Bheadh Stormont in ann diúltú don Phrótacal i gceann ceithre bliana dá mbeadh na vótaí acu – an plean a bhí ag Arlene Foster. Anois, agus í faoi bhrú laistigh den DUP agus lasmuigh, an bhfuil an sprioc ró-uaillmhianach mar is minic a bhí ag an DUP cheana?

Fág freagra ar 'Blas den ‘déjà vu arís eile’ ar an bhfeachtas is deireanaí de chuid an DUP'