Bíonn teagmháil rialta leis an nGaeilge ag beagnach leath den phobal

Is trí na meáin thraidisiúnta - teilifís, raidió agus preas - is mó a théann daoine i dteagmháil leis an teanga, de réir pobalbhreith a rinneadh do Chonradh na Gaeilge

Bíonn teagmháil rialta leis an nGaeilge ag beagnach leath den phobal

Deir beagnach leath den phobal ó dheas agus duine as gach cúigear ó thuaidh go mbíonn teagmháil rialta acu leis an nGaeilge.

Dae réir torthaí pobalbhreithe nua a rinneadh do Chonradh na Gaeilge, 46% den phobal ó dheas agus 17% ó thuaidh a bhíonn ag labhairt as Gaeilge, ag léamh i nGaeilge nó ag éisteacht leis an nGaeilge go rialta.

Is trí na meáin thraidisiúnta – teilifís, raidió agus preas – is mó a théann daoine i dteagmháil leis an teanga, de réir na pobalbhreithe. 16% de dhaoine ó dheas agus 5% ó thuaidh a dúirt go dtagann siad ar an Gaeilge ar na hardáin sin.

Leath an méid sin a thagann ar an nGaeilge ar na meáin shóisialta, 8% ó dheas agus 2% ó thuaidh.

Dar le torthaí na pobalbhreithe, bíonn teagmháil rialta leis an nGaeilge sa bhaile ag 12% den phobal ó dheas. 5% a bhí amhlaidh ó thuaidh.

Dúirt 10% ó dheas gur tháinig siad ar an nGaeilge sa phobal agus dúirt 9% go mbíonn teagmháil acu leis an teanga ag an obair. 4% agus 3%, faoi seach, a bhí i gceist ó thuaidh.

An mbíonn aon teagmháil rialta agat leis an nGaeilge? Má bhíonn, cá dtarlaíonn an teagmháil seo?

Dúirt Orlaith Nic Gearailt, bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Fheachtas Feasachta Chonradh na Gaeilge go léiríonn na figiúirí sin go bhfuil sciar suntasach den phobal a bhíonn i dteagmháil leis an nGaeilge go rialta agus gur chóir cur leis na deiseanna atá ann an teanga a úsáid.

“Tugann torthaí na taighde seo le fios go mbíonn teagmháil éigin ag 46% de dhaoine ó dheas leis an Ghaeilge, agus go mbíonn teagmháil éigin ag 17% de dhaoine ó thuaidh leis an teanga. Thuaidh agus theas, cuireadh in iúl sa taighde gurb iad na meáin thraidisiúnta, amhail an Teilifís, Raidió nó Preas, na modhanna teagmhála is coitianta a bhíonn ag daoine leis an Ghaeilge, ach trí chéile go mbíonn bealaí éagsúla againn ar fad leis an teanga a úsáid, a fheiceáil, a chluinstean agus a léamh.

“Má tá tuilleadh daoine chun an Ghaeilge a úsáid, caithfidh muid na deiseanna úsáide a mhéadú trí chéile, thuaidh agus theas, bíodh sin sa phobal féin, inár saol ó lá go lá, sa chóras scolaíochta (agus taobh amuigh den chóras oideachais) nó leis an stát féin.”

Léiríodh i dtaighde eile sa phobalbhreith a rinne an comhlacht margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge gur dhúirt 48% den phobal ó dheas agus 27% ó thuaidh gur mian leo níos mó Gaeilge a labhairt.

Thug 54% ó dheas agus 28% ó thuaidh le fios go mba mhaith leo an deis a fháil níos mó Gaeilge a fhoghlaim.

Dúirt 15% den phobal ó dheas agus 11% den phobal ó thuaidh freisin gur chuir siad níos mó suime sa Ghaeilge le linn na paindéime ná mar a rinne siad roimhe sin.

Ag tagairt don phobalbhreith dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais, gur uirlis tacaíochta iontach dóibhsean pobalbhreith bhliantúil Chonradh na Gaeilge chun a chur ar a gcumas “cinntí eolacha a dhéanamh i gcomhthéacs na n-acmhainní foirne agus airgeadais atá againn”.

“Má fhéachann tú ar an líon daoine atá ag iarraidh deis a fháil le Gaeilge a labhairt níos minice: 48% ó dheas agus 27% ó thuaidh i gcomparáid leis an líon daoine nach bhfuil aon teagmháil rialta acu leis an nGaeilge: 53% ó dheas agus 82% ó thuaidh, is léir go bhfuil freastal easnamhach éagórach á dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge,” a dúirt sí.

Bhí príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc.ie mar shraith scéalta ú thús na seachtaine seo.

Roghnaíodh 2,026 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Rinneadh roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'Bíonn teagmháil rialta leis an nGaeilge ag beagnach leath den phobal'