Bíonn gá ag daltaí le díolúine ón nGaeilge ach ní fhéadfaí teangacha eile a cheilt orthu – an tAire Oideachais

Chuir baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge ceist ar an Aire Oideachais inné an raibh aon fhianaise aici go mbíonn deacracht ag daltaí le foghlaim na Gaeilge ach ní le foghlaim nuatheangacha Eorpacha eile

Bíonn gá ag daltaí le díolúine ón nGaeilge ach ní fhéadfaí teangacha eile a cheilt orthu – an tAire Oideachais

Bíonn gá ag daltaí le díolúine ón nGaeilge ach éagóir a bheadh ann teangacha eile a chosc orthu, a deir an tAire Oideachais.

Ag labhairt di ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt an tAire nach mbeadh sé ceart ná cóir ‘bac’ a chur ar aon dalta a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu staidéar a dhéanamh ar theangacha eile.

Shéan an tAire Norma Foley i dTeach Laighean inné go raibh aon rud bunoscionn le díolúine ón nGaeilge a bheith ag daltaí a dhéanann staidéar ar an bhFraincis, an Ghearmáinis nó an Spáinnis.

Léirigh figiúirí a foilsíodh ar Tuairisc an tseachtain seo go bhfuil formhór na ndaltaí iarbhunscoile a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama i mbun staidéir ar theanga iasachta.

Deir lucht an ghaeloideachais go léiríonn líon na ndaltaí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile an fhadhb a bhaineann le córas na ndíolúintí.

Mhaígh an tAire Oideachais nach gceadaítear díolúine ach amháin nuair a bhíonn móriarracht déanta thar thréimhse dhá bhliain le réiteach a fháil ar na deacrachtaí a bhíonn ag dalta leis an nGaeilge.

“Ní bheadh sé ceart ná ní fhéadfaí glacadh leis dá ndiúltóinnse d’aon dalta a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu aon chuid eile den churaclam a dhéanamh,” a dúirt sí.

Léiriú ‘a laghad’ daoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ‘ar obair iontach’ an chórais – an tAire Oideachais

Chuir roinnt ball den choiste Oireachtais ceist ar an Aire an raibh aon fhianaise aici go bhféadfadh deacracht a bheith ag dalta le foghlaim na Gaeilge ach gan aon deacracht a bheith acu le foghlaim nuatheangacha Eorpacha eile.

“Céard atá mícheart leis an nGaeilge?” a d’fhiafraigh Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, den Aire.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur chosúil gurb é “an meon” a bhí ag an Roinn Oideachais agus “ag an Aire go háirithe” gur “fadhb” í an Ghaeilge.

Shéan an tAire an méid sin agus dúirt sí go raibh obair iontach ar siúl ag a Roinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras agus chun a chinntiú go mbíonn teacht ag gach duine uirthi.

Níor éirigh léi, áfach, tagairt d’aon fhianaise a léiríonn go mbíonn deacracht ag daltaí le foghlaim na Gaeilge ach nach mbíonn le teangacha eile.

Mhol roinnt ball den choiste go ndéanfaí taighde le fáil amach an bhféadfadh deacracht foghlama ar leith a bheith ag dalta le foghlaim na Gaeilge agus gan aon deacracht a bheith acu le foghlaim teangacha eile.

Éamon Ó Cuív

Dúirt ionadaithe ó NEPS, an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, go raibh a leithéid de rud ann agus “imní” faoi fhoghlaim ábhar ar leith.

Bhain sé seo le grúpa “an-bheag”, áfach, a dúradh.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Oideachais Gaeilge agus Gaeltachta [COGG], Dónall Ó hAiniféin, nárbh eol don eagraíocht sin aon taighde a chruthaigh go mbíonn deacracht ar leith ag baint le foghlaim na Gaeilge.

Bhí taighde ann, a dúirt sé, gur teanga dheacair le foghlaim atá sa Bhéarla. Dúirt sé go mb’fhéidir gur “imní” faoi dheacrachtaí leis an mBéarla is cúis le daoine a bheith ag lorg díolúine ón nGaeilge ag súil gurb é sin leigheas an scéil. Seans gurb in é “locht is mó ar an gcóras”, a dúirt Cathaoirleach COGG.

Ní raibh a leithéid de rud is díolúine ón nGaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, a dúirt sé.

Dúirt an tAire agus ionadaithe NEPS chomh maith go mbeifí ag súil le hardú áirithe ar líon na ndíolúintí mar go raibh riachtanais speisialta oideachais anois ag 25% de dhaltaí atá sa chóras. Bhí laghdú tagtha ar líon na ndíolúintí ag an mbunleibhéal, a dúradh.

Mhaígh NEPS agus an tAire go raibh baint ag an méadú ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile sa chóras le haon fhás ar líon na ndíolúintí.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc ar na figiúirí le cúig bliana anuas, tá líon na ndíolúintí ón nGaeilge a dheonaítear do dhaltaí iarbhunscoile ag fás níos tapa ná mar atá líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar iarbhunscoileanna an stáit. Is tapúla fós atá na figiúirí ag méadú ó thug an Roinn Oideachais isteach an córas nua díolúintí in 2019.

Deir saineolaithe éagsúla oideachais nach bhfuil a leithéid de rud ann agus míchumas foghlama teanga ann féin.

Ag labhairt dó ag cruinniú eile de Choiste Oireachtais na Gaeilge faoin díolúine, dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go raibh sé in am ceist a chur faoi bhunús choincheap na díolúine seachas a bheith ag iarraidh córas “lochtach” a dheisiú.

“Níl a leithéid de rud ann agus sainmhíchumas foghlama teanga. Séanann sé [córas díolúine] buntáistí cognaíocha ar fhoghlaimeoirí. Tugann sé teachtaireacht mhíchruinn nach bhfuil páistí a bhfuil scór faoin 10ú peircintíl acu in ann Gaeilge a fhoghlaim. Séanann sé deiseanna imeasctha ar inimircigh. Tá sé frith-oideachasúil,” arsa Pádraig Ó Duibhir.

Fág freagra ar 'Bíonn gá ag daltaí le díolúine ón nGaeilge ach ní fhéadfaí teangacha eile a cheilt orthu – an tAire Oideachais'

  • Léitheoir

    Tá an díolúin ón Ghaeilge ar cheann de na rudaí is áiféisí dá bhfuil ann i sochaí chomhaimseartha na hÉireann.

    Is cinnte go bhfuil daltaí ann a bhfuil sainchúram agus sainoideachas de dhíth orthu ach níl sin i gceist i gcás an fhormhóir. Breis chuidithe agus athrú meoin sa chóras, sin a theastaíonn.

    Iarsma den coilíniú é an díolúin ar go leor bealaí.

  • Cothrom na Féinne

    Feachtas nua:

    díolúintí ón mBéarla san Ardteist le haghaidh GACH dálta i nGaelcholáiste agus meánscoil Gaeltachta sa tír.

    Bígí ag plé an cheist seo go macánta agus go hoscailte le bhur ngasúir:
    “Ar mhaith leat díolúine ón mBéarla a fháil go mbeidh tú in ann díriú isteach ar na hábhair eile?”

  • Eimear

    Scannallach go bhfuil an Stáit á cheadú seo.

  • Risteárd Hincks

    Is dóchreidte go greideann Norma Foley go bhfuil difríocht bhunúsach idir an Ghaeilge agus na teangacha eile. Is léir go bhfuil an tAire ag iarraidh naimhde na Gaeilge a chosaint agus nár fhéach sí ar pholasaithe na dtíortha eile, Tír na mBascach agus an Bhreatain Bheag ina measc.

  • Antóin

    Tá an treoir faoi dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge ar fáil i gciorclán 0054/2022, https://www.gov.ie/ga/ciorclan/dioluinti-o-staidear-na-gaeilge/#

    Má tá daltaí ann a bhfuil “deacrachtaí suntasacha litearthachta acu atá ina mbac ar a gcuid foghlama ar fud an churaclaim” gheobhaidh siad díolúine.

    Má tá daltaí ann a bhfuil “leibhéal ard riachtanas iolrach agus leanúnach acu atá ina bhac suntasach ar rannpháirtíocht …. ina saol foghlama agus scoile” gheobhaidh siad díolúine.

    Agus sin go díreach an port a bhí ag an Aire agus í ag labhairt inné agus an port a bheas aice as seo amach.

  • Seán Mag Leannáin

    Sotal an Aire ar an gceist seo dochreidte. Náireach go bhfuil a leithéid de dhuine dímheasúil díspeagúil i gceannas ar an Roinn Oideachais sa tír.